Bille teanga: braitheann gach rud ar fheidhmiú na reachtaíochta nua

Bhí sé ina ghála fíochmhar Dé Máirt seo caite

Foclóir: Leasú - amendment; fuarlaigh - flooding; uailleach - wailing/howling; práiscín - apron; saoránaigh - citizens; pleanálaithe - planners; tithíocht shóisialta - social housing; cáitheadh - spindrift; gála - gale/instalment.

Breis agus naoi mbliana ó cuireadh tús leis an bplé ar athnuachan Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 táimid i bhfoisceacht scread asail de dheireadh an phróisis is déanaí chun bonn a chur faoin teanga sa státchóras.

Glacadh le leasuithe nua i gcéim dheiridh an bhille sa Seanad an tseachtain seo caite nuair a glacadh leis go mbeadh sé de dhualgas ar gach státseirbhíseach a dháileann seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht an tseirbhís sin a chur ar fáil i nGaeilge.

Tá súil anois go rithfear an reachtaíocht sa Dáil an tseachtain seo sula n-imíonn na Teachtaí Dála leo ar shaoire na Nollag.

READ MORE

Cé go bhfuil laigí ann maidir le heaspa spriocdhátaí, láidreoidh an reachtaíocht athchóirithe stádas na Gaeilge ar go leor bealaí - a fhad agus go gcuirtear i bhfeidhm é.

Ar an leasú is tábhachtaí is dócha tá an sprioc go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís in ann gnó a dhéanamh as Gaeilge faoin 31 Nollaig 2030.

Ag scríobh dó anseo i mí Mhárta na bliana seo, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill go raibh trí phríomh leasú a bheadh riachtanach chun bonn níos láidre a chur faoin reachtaíocht:

a) Soláthar seirbhísí an Stáit sa Ghaeltacht;

b) Athruithe ar pholasaithe earcaíochta an Stáit;

c) Córas chaighdeán teanga a leagfadh dualgas níos soiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le freastal ar an bpobal ina dteanga féin.

Tá soláthar áirithe san acht chun na feabhsaithe a luaigh Ó Domhnaill a chur chun cinn ach braitheann gach rud ar fheidhmiú na reachtaíochta nua.

Nuair atá dhá theanga i gcoimhlint lena chéile le bheith ina teanga labhartha ag pobal, i ndeireadh na dála braitheann gach rud ar stádas teanga agus ar stádas eacnamaíochta teanga ach go háirithe.

Beifear ag súil anois go gcuirfidh an reachtaíocht athchóirithe le stádas eacnamaíochta na Gaeilge sa státchóras.

Tá stádas lag ag an Ghaeilge sa státchóras le fada an lá. Déanta na fírinne, ó 1975 i leith tá sí ruaigthe as ar fad, geall leis.

Caithfear glacadh leis sa státchóras gurb í an teanga náisiúnta agus, creid é nó ná creid, gurb í an chéad teanga oifigiúil.

Níos bunúsaí fós, caithfear glacadh leis go bhfuil na cearta céanna ag saoránaigh seirbhísí a éilimh agus a fháil trí Ghaeilge agus atá ag saoránaigh iad a éileamh agus a fháil i mBéarla.

Beidh sé riachtanach, mar sin, go dtiocfaidh treoir, cinnireacht agus dea-shampla ón mbarr.

Ní chabhraíonn sé gurb í an Ghaeilge an chéad rud a leagtar ar bhord na hidirbheartaíochta nuair is gá rud éigin a ghéilleadh. An Tánaiste féin a rinne sin le gairid.

Bun agus barr an scéil ná go gcaithfear cinnte a dhéanamh de nach bhfuil bealach ar bith ag ranna nó oifigí stáit bob a bhualadh ar an reachtaíocht agus bealaí éalaithe a aimsiú chun seasamh bunreachta na Gaeilge a shéanadh agus cearta teanga a dhiúltú do shaoránach ar bith.

Gála fíochmhar Bhí sé ina ghála fíochmhar Dé Máirt seo caite nuair a tháinig an nuacht go raibh cead pleanála tugtha do chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe.

Thosaigh an drochaimsir an mhaidin sin nuair a bhuail Stoirm Barra an t-iardheisceart go moch. Réab gaoth uailleach scréachach isteach ón Atlantach.

Bhí an fharraige ag cáitheadh, d’éirigh aibhneacha thar a mbruacha agus cuireadh fuarlaigh i roinnt áiteanna de réir mar a leath an stoirm amach ar fud na tíre.

Ach cén bhaint atá ag an gcuarbhóthar nuacheadaithe leis an stoirm? Ní mórán i ndáiríre ach amháin gur as lámh a chéile a bhí na húdaráis náisiúnta agus na húdaráis áitiúla ag obair sa dá chomhthéacs.

I gcás chuarbhóthair na Gaillimhe bhí ról lárnach ag na húdaráis áitiúla - ina measc Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe - sa phróiseas.

Cé go mbeidh tionchar an-mhór an cuarbhóthar ar chuid mhór de Ghaeltacht Chonamara agus ar an teanga labhartha ann, ról imeallach go leor a bhí ag Údarás na Gaeltachta sa phróiseas céanna.

Cé gur pléadh ceadú an bhóthair sna meáin níor tugadh mórán airde ar an tionchar a bheadh aige ar thírdhreach cheantar Chonamara Theas.

Tá sé i gceist go dtosóidh an bóthar nua taobh thiar de Bhearna sa Bhaile Nua. Ceantair Ghaeltachta iad seo atá i mbaol le fada an lá.

Agus Bearna le bheith laistigh de chuarbhóthar nua na Gaillimhe is féidir a bheith cinnte de go slogfar isteach é i bpráiscín chathair na Gaillimhe.

Anuas ar sin, idir an bóthar mar atá sé pleanáilte anois agus aon síneadh siar uaidh a dhéanfar amach anseo, is féidir a bheith cinnte de freisin go ndéanfar athrú bunúsach ar an gceantar chomh fada siar leis an gCeathrú Rua agus níos faide siar fós le himeacht aimsire.

Tá bóthar níos fearr agus níos sábháilte ná bóthar Chois Fharraige ag dul do mhuintir na háite le fada an lá ach gan fíor pholasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta Ghaeltachta a bheith mar chuid dhílis den fhorbairt seo is deacair a shamhlú nach mbeidh malartú teanga ina thoradh ar an mbóthar nua.

Thabharfadh polasaí náisiúnta pleanála Ghaeltachta cinnteacht éigin do phobal na Gaeltachta, do na húdaráis áitiúla agus do na forbróirí bochta.

Le linn na próiseas pleanála, dúirt Údarás na Gaeltachta go mbeadh “tionchar thar a bheith tairbheach” ag an mbóthar nua maidir le tionscail nua a mhealladh agus is maith an rud é sin.

Is trua nár tapaíodh an deis coinníollacha dochta a bhrú a chinnteodh nach mbeadh an toradh céanna teanga ar an mbóthar nua is a bhí ar an mbóthar iarainn ó Ghaillimh go dtí an Clochán níos mó ná céad bliain ó shin.

Ba thráthúil mar sin é gur tháinig ionadaithe ón nGaeltacht os comhar Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an gCéadaoin chun ‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht’ a phlé.

D’inis an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh, atá ina bhall de Chomharchumann Rath Cairn, gur insíodh dó go raibh “putrefied hatred” ag pleanálaithe áirithe do cheist na Gaeilge sa chóras pleanála.

Leag cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, Mairéad Ní Fhatharta, roinnt éileamh roimh an choiste.

Ar an chéad dul síos, moladh go ndéanfaí measúnacht tionchar teanga neamhspleách ar iarratais phleanála. Moladh freisin gur cheart go mbeadh caighdeán cuí sa Ghaeilge ag na daoine atá ag lorg cead pleanála agus go mbeadh srian ar eastáit tithíochta agus ar thógáil thithe saoire.

Moladh gur cheart go mbeadh tithíocht shóisialta ar fáil do phobail Ghaeltachta agus an phleanáil fhisiciúíl a bheith á dhéanamh i gcomhair leis an phleanáil teanga.

Moladh suntasach eile a rinneadh ná gur cheart cumhachtaí pleanála maidir le limistéir Ghaeltachta a tharmligean ó na comhairlí contae go hÚdarás na Gaeltachta.

Ceadaíonn Acht na Gaeltachta 2012 leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta chun a leithéid d’athrú a dhéanamh.

Ach, go ríthábhachtach, moladh nach ndéanfaí é sin go dtí go mbeidh daoine atá oilte sa phleanáil teanga agus sa phleanáil fhisiciúil araon réidh le dul i mbun an chúraim san Údarás.

Thug Ní Fhatharta an foláireamh: “Is ceart bunúsach do mhuintir na Gaeltachta cead a bheith acu maireachtáil ina gceantar dúchais féin.

“Mura mbeidh polasaí náisiúnta ann, ní bheidh aon Ghaeltacht againn go gairid.”

Tá Barra, an stoirm, baillithe leis anois agus tá na hargóintí faoin mbóthar nua déanta, ach ar nós ceist na tithíochta sa Ghaeltacht, ní fada uainn riamh an chéad ghála eile.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.