‘Dreoilíní’ an Churraigh: baicle bheag bhan ar tugadh cúl droma dóibh

B’Éireannaigh na mná agus ba as ceantair éagsúla den tír iad

Foclóir: Dreoilín - wren; scotháin aitinn - furze bushes; rún folaigh - dark secret; dhídhaonnú - dehumanise; giuirléidí - paraphernalia; fuarbholadh - damp/musty smell; cadás - cotton; dílleachta - orphan; sciúrsáil - scourging; banadhaltrach - adulteress.

A luaithe a chloistear trácht ar an gCurrach i gCill Dara is dócha go gcuimhníonn daoine ar an gcampa míleata dar ndóigh, rásaíocht chapall amhail Fhéile Dhearbaí na hÉireann agus caoirigh ag innilt go suaimhneach ar na machairí fairsinge, loma, gruama ar feadh do radhairc uait.

Tírdhreach cothrom leamh atá ann seachas cnocáin agus scotháin aitinn scaipthe thart chun an leadrán a bhriseadh.

B’iomaí lá samhraidh a shiúil mé thar na toim aitinn seo a bhí ar lasadh le bláthanna gealbhuí cumhra. Ach is iontu atá rún folaithe faoi bhuíon bheag bhan a bhí ina gcónaí ann le linn seascaidí na naoú haois déag. Mná ba ea iad a bhí ar an imeall. Ba é James Greenwood , iriseoir de chuid an Pall Mall Gazette i Londain a chéadnocht scéal uafáis na mban seo ar a tugadh ‘Dreoilíní’ an Churraigh orthu. Ainmníodh na créatúir bhochta as seanamhrán a chantaí Lá ‘le Stiofáin ina raibh tagairt don dreoilín a sáinníodh san aiteann - ainm a rinneadh iad a dhídhaonnú agus a thug masla dá ndínit.

READ MORE

B’Éireannaigh na mná agus ba as ceantair éagsúla den tír iad. Lean cuid acu saighdiúirí a d’fhág beairic airm eile agus a bhí lonnaithe i gcampa an Churraigh - áit a raibh 6,000 saighdiúir ag an am. Ach tháinig formhór na mban ann toisc nach raibh an dara rogha acu mar ní raibh acu ach an lámh go dtí an béal agus bhíodar i mbéal an bháis leis an ocras.

I gcás cuid eile acu fágadh iad ina ndílleachtaí tar éis bhás a muintire sa Ghorta Mór. D’éirigh mná eile torrach lasmuigh den phósadh agus leanadar a leannán a bhí scartha uathu go dtí an Currach agus chailleadar ansin iad. D’éirigh cuid eile de na mná torrach toisc gur bhrúigh máistir nó tiarna iad féin orthu agus díbríodh iad as na feirmeacha agus as na tithe móra toisc gur chuir siad aiféaltas ar na fir agus gurbh mhór an crá croí iad.

I bpoill sna cnocáin a bhíodh siad ag cur fúthu agus chlúdaídís iad féin le toim aitinn chun iad a chosaint ón aimsir fheanntach ghangaideach i rith an gheimhridh. Ní bhíodh ann ach scáthláin gharbha a bhíodh b’fhéidir naoi dtroithe faoi sheacht dtroithe agus thart ar cheithre go leith troithe ar airde. Bhíodh na craobhacha aitinn fáiscthe go dlúth i gcruth neide móire agus iad iompaithe bunoscionn ar an talamh. B’éigean do na mná dul ar a lámha agus a nglúine amhail ainmhí fiáin le dul isteach inti.

Simléir ar bith ní bhíodh ann nó fiú poll sa díon. Bhíodh ar dheatach ón tine a bhíodh ar an talamh dul amach tríd an doras nuair a bhíodh an ghaoth ag séideadh sa treo ceart, sin nó thágadh drochbholadh uaidh trí na scoilteanna san aiteann.

Ar an taobh istigh bhí seilf ar a mbíodh taephota, gréithe, coinneal, agus bosca inar choimeádaidís a mbeagán giuirléidí. D’úsáidtí sáspain a bhí iompaithe bunoscionn mar stólta. Bhíodh an ghabháil tuí a mbíodh fuarbholadh uaidh brúite ar leataobh le linn an lae agus istoíche bhíodh sí mar leaba do na mná.

I roinnt de na ‘neadacha’ bhíodh suas le hochtar ban idir seacht mbliana d’aois agus fiche cúig bliana d’aois agus bhíodh cuid acu ann ar feadh naoi mbliana. Bhíodh siad leath-nocht, beo bocht agus cuma na scríbe orthu.

Chodlaídís, chócaráilidís agus d’ithidís istigh sna ‘neadacha’ sin agus dá mbeidís tinn, luífidís ansin agus ba ansin a gheobhaidís bás.

I lagsholas an lae, taobh amuigh de na’ neadacha’ bhíodh mná óga áille gléasta go deas néata i ngúnaí cadáis stáirseáilte, stocaí geala cadáis agus buataisí fáiscthe agus iad réidh chun bualadh leis na saighdiúirí a bhí lonnaithe sa champa in aice láimhe. D’fhanadh na mná a bhí ní ba shine siar chun aire a thabhairt do na leanaí agus chun an bia a réiteach.

I ngach ‘nead’ chuirtí teacht isteach na mban óg i dtoll a chéile. Cheannaítí prátaí, arán agus bainne ar an gcúpla lá a mbíodh cead acu dul chuig margaí an champa. Ní bhíodh ach siopadóir áitiúil amháin ar bhaintreach í sásta freastal orthu. Thugadh vaigín ón gcampa soláthar uisce go tráthrialta chucu. Ba mhór an só an t-uisce acu agus chaithfí íoc as gach pionta de. An t-aon rogha eile a bhíodh acu ná an t-uisce truaillithe a d’fhéadfaí a bhailiú ar an machaire a ól.

Coilíneacht bheag a bhí ann ar sheachain an pobal iad. Mná ab ea iad nach raibh meas madraí orthu tar éis dóibh a bheith bainteach le ‘scannal’ éigin agus chaith na húdaráis agus an chléir Chaitliceach go neamhthrócaireach leo dá bharr.

Is le Charles Dickens a luaitear alt dar teideal ‘Stoning the Desolate’ in a gcuireann sé síos ar na gníomhartha barbartha a rinne sagairt ar na créatúir bhochta seo. Lá fuar geimhridh ar ordú an tsagairt dhóigh buíon saighdiúirí scáthláin a bhí tógtha ag na créatúir bhochta in aghaidh bhalla na beairice i nDroichead Nua. Agus rud eile a d’fheictí go minic ag an am ná nuair a chastaí an sagart céanna le duine acu bheireadh sé greim uirthi agus ghearradh sé a cuid gruaige dlúth le craiceann.

Ach mar bharr ar gach tubaiste tharla an méid seo do bhean eile nuair a bhuail sagart léi ar an bpríomhshráid i nDroichead Nua i lár an lae ghil. Chaith sé go talamh í. Shrac sé an seál tanaí agus an gúna dá droim. Agus ansan lena fhuip mharcaíochta throm, ghabh sé de lasc ar a guaillí nochta chomh trom san gur scaird an fhuil anuas ar a bhróga fad is a bhí sí ag screadach go truamhéalach ar thrócaire. Níor tháinig aon duine amháin fiú eatarthu chun í a shábháil ón sciúrsáil. Ba léir nár thug an sagart Críostaí sin aird ar scéal an bhanadhaltraigh ar mhaith Críost féin a peacaí dí nuair a thug na Fairisínigh í os a chomhair chun í a dhamnú.

Cuireadh an ruaig ar na mná tar éis Acht Churrach Chill Dara (1868) a chur i bhfeidhm chun úsáid na machairí a rialú. Ní fios go baileach cad a tharla dóibh ach ba bheag seans go ndearnadh aon iarracht iad a dhéanamh páirteach sa tsochaí áitiúil. Gach seans go ndeachaigh cuid acu go dtí Droichead Nua - áit a raibh beairic airm agus gur fágadh iad faoi thoil na saighdiúirí ann. B’éigean do mhná eile dul chuig Teach uafásach na mBocht sa Nás nó sa phríosún ar an mbaile sin. Ba dhóichí ná a mhalairt go bhfuair siad bás go hóg agus gur cuireadh iad in uaigheanna mbochtán gan leacht. Níl slán anois mar mheabhrú ar ainnise a saoil ach toim aitinn ar mhachaire lom uaigneach an Churraigh.