An dís Dheasún

Is minic gur treise an peann ná an gníomh

Charlie Haughey. Grianghraf:  Matt Kavanagh/Irish Times

Charlie Haughey. Grianghraf: Matt Kavanagh/Irish Times

 

Nach íoróineach mar a fuair siad bás cúpla lá ó chéile, an dís Dheasún? Fear machnaimh duine amháin díobh, fear gnímh (adeirtear) an fear eile. Duine a chaith a shaol le focail á scríobh, an duine eile le focail le gaoith.

Smaointeoir agus údar ba ea Des Fennell a bhí chomh neamhspleách ina mhachnamh le haon duine lenár linn. Polaiteoir agus polaiteoir ba ea Dessie O’Malley a léim ar dhiallait na huaire agus a dhein marcaíocht uirthi go deireadh an aistir.

Is í an cheist mhór ná cé acu oidhreacht díobh is faide a mhairfidh? Déarfá nach ceist dheacair í sin. Tar éis an tsaoil, maítear ar an Máilleach gurbh é a bhris an múnla, gurbh é thar aon duine eile a chuir poll sa tíogar páipéir arb é córas polaitíochta an stáit é. Cé adéarfadh gur dhein Des Fennell aon ní dá leithéid?

Moladh O’Malley agus mise im thost, mar atáim. Is ea, is dócha go raibh na tréithe sin go léir a luaitear leis aige - macánta, cróga, misniúil, dána, stuacach agus aidiachtaí eile nach iad. Ní luaim a mhalairt.

Ach bhí aon pholl mór amháin ina réim nár cuireadh aon bhéim air, an poll is mó a fhágfaidh thiar é nuair a sheasfar i leataoibh lena shaol a mheas i gceart. Bhunaigh sé na PDs!

B’iad na PDs an páirtí ba lofa a dhein scrios ar eacnamaíocht na hÉireann i gcaitheamh an ama a raibh comh-mheá na cumhachta acu de thaisme ghlanseansúil. B’iad a scaoil madraí allta an neo-liobrálachais den éill a chinntigh go mbeadh na boic ramhra níos raimhre is na luchóga beaga níos lú ina bprochóga suaracha. B’iad a thug lánréim agus tréanghuth don nimh Reaganúil agus don dealg íorpaise Thatcherach abhus a sheol tonn na sainte is an leithleachais ar fud na tíre.

B’fhear ciúin, mar mhalairt, é Des Fennell, duine nár éiligh gradam is nach raibh de chumhacht aige ach ráiteachas a phinn. Nuair a bhí aighneas stairiúil an oirthuaiscirt in airde láin lean sé air ag tathant ar na meáin abhus miondealú ceart a dhéanamh ar a raibh ar siúl. Óir bhí leisce orthu a ainm is a shloinne a chur air. Thugadh siad ‘an móramh’ agus ‘an mhionlucht’ ar an dá thaobh, agus náire nó eagla orthu mar mheáin an méid sin a bheachtú. Cuid den réiteach ba ea an t-ainmniú féin dar le Fennell agus iomlán an chirt aige.

B’eisean ba thúisce, leis, is dóigh liom a mhol ‘comhúdarás’ mar réiteach ar fhadhb Thuaisceart na hÉireann. Ós rud é gur scanraigh sin an dá rialtas, ní foláir ní bhí fiúntas éigin leis.

B’é ba thábhachtaí ná nár staon sé riamh de bheith ag machnamh. Taighde, anailís, moladh, b’in iad a chuid arm. Thaistil sé an domhan ag iarraidh teacht ar mhúnlaí is ar eiseamláirí a rachadh chun fóinte abhus agus ní raibh sé riamh ina phríosúnach ag idé-eolaíocht ar bith dá mhéid a chlaonta féin mar seo nó mar siúd.

Ní éistítí leis rómhinic mar bhí a chuid léargas rólom ar an oileán. Is mairg don té a bhfuil a aigne féin aige. Is mairg don té nach leantóir dílis an fhaisin atá ann.

Ní raibh namhaid ar bith ag Fennell seachas an machnamh leisciúil. Ní raibh namhaid ar bith ag O’Malley ach Charlie Haughey. Nach lánait go measfaí beatha dhuine mar mhalairt ar dhuine eile? Déanfar athmheas ar Haughey mar a déanadh ar Dev agus fionnfar gur fhág sé lorg dearfach ar an tír in ainneoin a chuid laigí pearsanta. Níor fhág O’Malley ar deireadh ach cuimhne bhréan na PDs. Agus tá a bhfonóta siúd ag dul i laghad gach lá geal.

Is minic gur treise an peann ná an gníomh.