Abhóga chun tosaigh: foclóirí nua ar na bacáin

Eagarthóirí á n-earcú le haghaidh foclóirí nua Gaeilge agus Gaeilge-Béarla

FOCLÓIR: Abhóg - stride; poll slogaide - swallow-hole; comhaimseartha - contemporaneous; bunriachtanach - essential; dúshraith- foundation; braistint - impression; saintreorach - prescriptive; tuairisciúil - descriptive; as an bpíosa - new; rialú cáilíochta - quality control.

Sa cholún ‘Ag Cuimilt Meala’ san Irish Times na blianta fada ó shin, dúirt Breandán Ó hEithir go bhfuil “míle poll slogaide, drischasán, agus scraith-ghlogair i saol na hiriseoireachta.”

B’fhéidir go bhfuil, ach fiú má tá, is le cúnamh foclóra go minic a thagann an t-iriseoir slán as. Níl mórán daoine i saol na hiriseoireachta nó i saol na scríbhneoireachta mar a tharlaíonn sé, nach mbaineann úsáid as foclóir mar fhoinse, mar áis, agus mar chabhair bhunriachtanach ina gceird, fiú más a mhalairt a mhaíonn siad.

Cuirfidh iriseoirí, scríbhneoirí, mic léinn, foghlaimeoirí, cainteoirí agus léitheoirí na Gaeilge araon fáilte roimh an scéal go bhfuil an obair ar dhá mhórfhoclóir nua Gaeilge ag teacht ar aghaidh go maith.

Tá go leor taighde agus réamhullmhúcháin déanta cheana féin chun dúshraith fheidhmiúil a chur faoin tionscadal tábhachtach seo chun foclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla a chur i dtoll a chéile.

Tá an togra faoi stiúir ag an bhfoireann chéanna a d’fhoilsigh an foclóir Béarla-Gaeilge (Ó Mianáin, 2020) agus tá súil leis go bhfoilseofar an dá shaothar eile seo laistigh de chúig bliana.

Labhair Tuarascáil le Cormac Breathnach, bainisteoir tionscadail foclóireachta Fhoras na Gaeilge, faoin obair a bhaineann lena cheird.

“Má tá an Ghaeilge le feidhmiú mar theanga acmhainneach nua-aimseartha, tá géarghá le foclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge agus le foclóir comhaimseartha Gaeilge-Béarla,” a dúirt sé.

“An rud a deireann muidne i gcónaí ná go dteastaíonn trí fhoclóir ó theanga mhionlaithe - foclóir ón mórtheanga go dtí an buntheanga, foclóir ón mionteanga go dtí an mhórtheanga agus foclóir aonteangach sa mhionteanga.”

“Aon uair a théann muid i láthair phobal na Gaeilge, an rud a chloisimid i gcónaí ná go bhfuil géarghá le foclóir aonteangach Ghaeilge. Focail as Gaeilge, mínithe as Gaeilge.“

“Má smaoinimid ar pháiste óg agus má thagann sé nó sí ar fhocal nua i leabhar nach dtuigeann siad is gá dóibh an focal sin a aistriú go Béarla, agus ansin dul i muinín ceann de na foclóirí móra sin, an Oxford nó Collins nó Cambridge nó Macmillan, chun míniú a fháil (i mBéarla) ar an domhan mórthimpeall orthu.”

Ach, cén chaoi a chinnteofar go gcoimeádfar saibhreas sa teanga nuair atá focail chomhaimseartha de shíor ag teacht isteach sa chaint?

“Sin an chruacheist shíoraí a bhíonn ag an eagarthóir foclóireachta - cá háit leis an líne a tharraingt, agus níl ceart nó mícheart ann,” a dúirt Breathnach.

“Baineann muid úsáid as corpais teanga (bailiúcháin mhóra de théacsanna) agus den teanga chomhaimseartha. Bíonn muid in ann anailís staitistiúil a dhéanamh chun fáil amach cad iad na focail atá sa rith sa lá atá inniu ann, agus cad iad na focail nach bhfuil sa rith a thuilleadh.”

“Tá muid ag iarraidh braistint a thabhairt do dhaoine ar an nGaeilge mar a labhraítear í sa lá atá inniu ann, seachas mar a labhraíodh í caoga bliain ó shin.”

Ach an bhfuil dualgas ar leith ar na h-eagarthóirí focail a thabhairt ar ais sa chaint nach bhfuil in úsáid go forleathan a thuileadh, nó an mbíonn an bhéim i gcónaí ar a bhfuil in úsáid go comhaimseartha?

“Tarlaíonn an dá rud. Tá an cheist seo ann i gcónaí le foclóirí, gur gá dóibh a bheith ‘saintreorach’ nó ‘tuairisciúil’. An nós a bhíodh ann tráth dá raibh ná gur uirlisí ‘saintreorach’ a bhí sna foclóirí.

“Ach, in imeacht ama, agus ní rud é seo a bhaineann leis an nGaeilge (amháin) ach le gach uile theanga, tá na foclóirí éirithe níos daonlathaí agus is nós leo cur síos a dhéanamh ar an teanga mar atá sí - tá siad níos ‘tuairisciúla’.

“Tá dualgais ann. Sin an chúis go ndeirim, dá mhéad duine a deireann ‘Tá sé fear’ inniu, ní bheadh a leithéid sin sna foclóirí.

“B’fhéidir go mbeadh roinnt struchtúir ann nach dtaitneodh le daoine, ach déanaimid iarracht an dá thráth a fhreastal.”

Foilsíodh Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill in 1977 agus baintear úsáid go forleathan as go fóill. Ar smaoiníodh gur cheart cur le hÓ Dónaill seachas tabhairt faoin tionscadal as an nua?

“Rith sé linn. Níor chuireamar an smaoineamh as an áireamh. Ach, foilsíodh Foclóir Uí Dhónaill i ré eile,” a dúirt Breathnach.

Luaitear an focal ‘agallamh’ mar shampla de iontráil amháin i bhfoclóir Uí Dhónaill atá as-dáta. An rud a shamhlófaí leis an focal ‘agallamh’ sa lá atá inniu ann ná agallamh poist nó agallamh ar an raidió.

Ach i bhfoclóir Uí Dhónaill, ní ‘interview’ atá luaite leis. “Is ‘address’ nó ‘discourse’ nó ‘conversation’ ar nós ‘agallamh beirte’ an Oireachtais atá ann.”

Bheadh “an méid céanna, nó níos mó” oibre i gceist leis an gcur chuige sin ná mar a bheadh le foclóir nua a scríobh “as an bpíosa,” a dúirt Breathnach.

Dualgais
D'fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh sé i gceist cur leis an bhfoireann agus triúr eagarthóir a fhostú chun tabhairt faoin obair.

Beidh na poist lonnaithe i nGaoth Dobhair agus i mBaile Átha Cliath agus beidh deiseanna obair chumaisc ar fáil do na daoine a cheapfar.

“Na cúramaí is mó a bheidh orthu is dócha ná iontrálacha sa dá fhoclóir, an foclóir nua Ghaeilge agus an foclóir nua Gaeilge-Béarla a dhréachtú agus a chur in eagar, sainmhínithe a scríobh nó, i gcás roinnt, iad a aistriú, agus iontrálacha a chur i riocht a bhfoilsithe,” a mhínigh Breathnach.

“Beidh siad ag plé leis an gcuid eile den fhoireann, beidh taighde le déanamh acu ar leaganacha cainte agus beidh go leor taighde le déanamh sa chorpas. Beidh léamh profaí agus rialú cáilíochta le déanamh ar iontrálacha agus ar aonaid chéille freisin.”

Baineann breis agus dhá mhilliún go leith duine úsáid as foclóir.ie in aghaidh na bliana agus is ar líne i bhfoirm dhigitigh agus mar aip atá sé i gceist na foclóirí nua a fhoilsiú. Cé nach féidir leagan chlóite a chur as an áireamh amach anseo, is ar an leagan dhigiteach a dhíreófar acmhainní faoi láthair. Foilseofar an dá fhoclóir de réir a chéile agus beidh siad ar aon mhéid ó thaobh chion ábhair de leis an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge.

Foilseofar sciar in aghaidh na bliana ar bhonn incriminteach - sa tríú bliain, sa cheathrú bliain agus sa chúigiú bliain.

Agus is cinnte go mbeidh a ndóthain ar a n-aire ag na hearcaithe nua.

“Tá 85,000 ‘aonad céille’ san Concise English-Irish dictionary a d’fhoilsíomar dhá bhliain ó shin agus beidh na foclóirí nua ar aon mhéid leis sin,” a dúirt Breathnach.

Is éard atá i gceist le haonad céille ná péire (nó níos mó) ainmfhocal atá in aice lena chéile.

“Má smaoiníonn muid ar an bhfocal ‘tábla’ sin iontráil amháin, ach is aonad céille é ‘tábla cistine’.

Ó thaobh obair an eagarthóra de, “bheadh cuid de na haonaid céille níos fusa ná a chéile.”

“Ní thógann an t-aonad céille le haghaidh ‘catalytic converter’ ach 30 soicind. Seiceálann tú an Ghaeilge air, agus bogann tú ar aghaidh.

“Ach, abair an t-aonad céille la haghaidh ‘gabh’ nó ‘téigh,’ tógann siad sin i bhfad níos mó ama. Cheapfá go mbeadh siad níos simplí, ach tá siad míle uair níos casta mar go bhfuil an oiread sin leaganacha le clúdach.”

Agus an Ghaeilge ar catalytic converter?

“Tiontaire catalaíoch” a thugtar air.

* Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais faoi na poist le fáil ag forasnagaeilge.ie/foluntais. Is é Dé Luain 23 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

Nóta
Dé Máirt, 17 Bealtaine, ag a 7pm, sa POTA Café, Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, seolfaidh Seán Ó Cuirreáin, údar agus iar-Choimisinéir Teanga, leabhar suntasach le Pádraig Breandán Ó Laighin, Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht. Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais faoin leabhar: clónangael.ie