Deaglán de Bréadún

Níl deireadh le hÉirí Amach an Earraigh agus na himpleachtaí do lucht cumhachta

“Anois teacht an earraigh, beidh an lá ag dul chun síneadh.” Is é an t-earrach an t-am den bhliain nuair a thosaíonn saol nua agus, amanta, i dtéarmaí polaitíochta, ré nua. Tugtar “An tEarrach Arabach” ar an mhúscailt pholaitiúil agus shóisialta atá ar siúl le cúpla bliain anuas sa Mheán-Oirthear.

Tá taithí áirithe ar mhúscailt den tsórt san inár dtír féin. D’fhéadfá “Earrach Éireannach” a thabhairt ar an ngluaiseacht in aghaidh na coinscríofachta i 1918 chomh maith le “Toghchán Shinn Féin” a tharla ag deireadh na bliana san.

Bhí Cearnóg Tahrir i gCaireo sna cinnteidil nuachta beagnach chuile lá ag tús na bliana 2011. An dá rud is tarraingtí faoi léirsithe den tsórt san ná, (1) an líon mór daoine a bhíonn páirteach iontu agus (2) an meon síochánta a bhíonn i gceannas – i dtosach ar a laghad. Bhí na sluaite móra sa chearnóg ag lorg deireadh le réimeas Hosni Mubarak, uachtarán na hÉigipte, agus tar éis 18 lá d’éirigh sé as.

Tamall de bhlianta roimhe sin, i Mí na Nollag 2006, chuireas féin agallamh ar Mubarak ina oifig siúd i gCaireo.

READ MORE

Bhí sé ar tí teacht go hÉirinn ar cuairt oifigiúil agus bíonn an nós ann ar ócáidí mar sin go dtugann polaiteoirí agallamh don pháipéar seo sula dtagann siad go Bleá Cliath. Bíonn frustrachas ag baint le hagallaimh le daoine ar nós Mubarak, áfach.

Ní bhíonn fonn ar pholaiteoirí uilechumhachtacha ceisteanna a fhreagairt ar ábhair chonspóideacha. De ghnáth bíonn cúpla giolla (“handlers”) i láthair freisin le cinntiú nach n-imeoidh cúrsaí as riocht.

Mar sin, bhí ionadh orm nach raibh ach Mubarak agus mé féin sa tseomra. Caithfidh mé a rá go raibh sé lách agus sibhialta cé gur chaith sé an chuid is mó den am ag caint faoi na deacrachtaí idir Iosrael agus na Palaistínigh agus na fadhbanna iarchogaidh san Iaráic.

An nath cainte ab ansa le Mubarak an lá san agus é ag trácht ar chúrsaí polaitiúla ná “It’s complicated.”

Bhí roinnt ama le spáráil agam i gCaireo agus, leis an sárachas a mhaolú, chuas sa tóir ar easaontóirí polaitiúla. Fuair mé roinnt uimhreacha gutháin ó chara agus thosaigh ag glaoch orthu, ionas go bhféadfainn alt ginearálta a scríobh chomh maith leis an dtuairisc ar an agallamh.

San alt ginearálta a scríobhas (faoin gceannteideal, “Egypt takes the scenic route to democracy”), chuir mé an cheist seo a leanas: tá an Éigipt ciúin go leor anois ach cé chomh fada is a mhairfidh sin?

Tharraing mé aird ar an chaoi go raibh an Bráithreachas Muslamach tar éis 88 suíochán as 444 san iomlán a bhuachan sna toghcháin pharlaiminte an bhliain roimhe sin. Dúirt iriseoir a bhí lonnaithe go lánaimseartha sa chathair go mbeadh an Bráithreachas ag rialú na tíre muna raibh smacht ag Mubarak agus a chairde ar an gcóras toghchánaíochta: nach raibh pointe maith aige?

Cé gur labhair mé le ball den Bhráithreachas ar an nguthán, bhí teagmháil níos torthúla agam le Georg Ishaq ón ngluaiseacht tuata Kifaya (a chiallaíonn “Is Leor”) a raibh léirsithe síochánta á n-eagrú acu.

Fuair mé cuireadh go dtí cruinniú d’easaontóirí. Is cuimhin liom fós an chaoi gur bhreathnaigh duine acu orm: faitíos agus neirbhís uirthi – buartha b’fhéidir go gcuirfinn a hainm sa pháipéar (níor chuir) nó gur “talpa” (spiadóir) de chuid an rialtais mé. Bhí na daoine seo sásta dul isteach sa bhearna bhaoil lena gcuid tuairimí a nochtadh. Mhothaigh mé umhal as a bheith ina dteannta.

Ó thosaigh an tEarrach Arabach, tá an ruaig curtha ar an dream a bhí i gcumhacht sna tíortha seo a leanas: an Tuinéis, an Éigipt, an Libia agus Éimin. Ar ndóigh, níl éinne ag rá go bhfuil na rialtais nua gan locht iad féin agus níl deireadh an scéil cloiste againn ach an oiread.

Ar a chuairt go hÉirinn ag deireadh 2006 bhí lón ag Mubarak leis an Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa mar aon le comhráite leis an dTaoiseach Bertie Ahern. Bhí béile aige i dteach stéig cáiliúil ar Fhaiche Stiabhna chomh maith. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Páras agus Beirlín chun bualadh le Jacques Chirac agus Angela Merkel. Bhí timpeall 100 duine sa ghrúpa taistil ar fad. Tá Mubarak anois in ospidéal míleata, ceithre bliana is ceithre scór air, agus tá sé le dul faoi atriail ar 13ú Aibreán ar chúiseanna a bhaineann le marú léirsitheoirí.

Ní focla Raifteirí a rithfeadh leat ach na línte seo de chuid Shelley: “My name is Ozymandias, king of kings:/Look on my works, ye Mighty, and despair!”