Claíomh Damocles crochta os cionn RTÉ

Ní léir cén fheidhm a bhaineann leis an gcaidreamh idir an rialtas agus RTÉ le scaitheamh anois

Foclóir: Grod - sudden, iomarcaíocht - redundancy, rilleadh - outpouring, diúscairt - disposal, ina sea - in its prime, sciob sceab - scramble, ag tathant - exhorting, fuineadh de réir na mine - to live within one's means.

Bhíothas ag súil leis an scian ach claíomh Damocles féin atá crochta os cionn RTÉ, arís eile. Ba ghrod mar a tháinig deireadh le rilleadh rómánsach na gcuimhní craoltóireachta nuair a thug an Irish Times an scéal amach. Bearta siombalacha agus cruachinntí airgeadais atá cuimsithe sna ciorruithe. Más iomarcaíocht dheonach féin atá i gceist is í an fhoireann an acmhainn is cinniúnaí ag eagraíocht chruthaitheach ar bith. Agus an costas is mó, caithfear a rá.

Is é an sclamhadh a dhéanfar ar sheirbhísí agus cláir is contúirtí óir lagófar bunús maoinithe RTÉ de réir mar a laghdófar an freastal ar an bpobal. Is ionann scaipeadh na mionéan do Lyric fm agus tonnbhriseadh féiniúlachta. Cinneadh fadtréimhseach i dtaca leis an ardán DAB é sléacht na stáisiún raidió digiteach, cé nach raibh fáil uilíoch náisiúnta orthu ar an ardán céanna. Ina fhianaise seo fiafrófar cén chosaint shonrach reachtúil atá ag Raidió na Gaeltachta?

Maidir leis an gcaint faoi chainéil agus seinnteoirí, ní hé nach bhfuil a fhios ag an óige cá dtiocfaidh siad ar ábhar RTÉ ach an amhlaidh nach bhfuil uathu a bheith ag breathnú air? Tá sneá is míol ar an moladh an RTÉ Guide a dhíol. Bheadh brabach airgeadais ar dhiúscairt den mhianach sin nuair a bhí an iris ina sea ach is léir go bhfuiltear sa tóir ar an mbonn bán is an phingin rua féin anois. Mair a chraoltóir agus díol do chuid pictiúr.

READ MORE

Dhá Shatharn ó shin cuireadh agallamh ríspéisiúil ar David McRedmond, príomhfheidhmeannach An Post ar Raidió a hAon. An t-ábhar maíte ba mhó a bhí ag ceannasaí TV3 tráth an teacht aniar a bhí in An Post i ndiaidh tréimhse géarchéime. Idirghabháil a rinne an rialtas ardú mór millteach a chur ar phraghas stampaí tamall beag blianta siar a chinntigh gur tháinig an comhlacht tráchtála seo slán, a dúirt sé. Sin de bhreis ar líon mór oifigí poist a dhúnadh freisin.

Ach léiriú é ar chaidreamh leathfheidhmiúil idir an rialtas agus comhlacht státurraithe. Ní léir cén fheidhm a bhaineann leis an gcaidreamh idir an rialtas agus RTÉ le scaitheamh anois. Ní hé nach bhfuil tathant déanta orthu, ní hé nár tugadh le fios go bhfuiltear i ladhar an chasúir. Agus tá mar níl i ndán do shamhail na gcraoltóirí náisiúnta ach síorchreimeadh. Dá laghad an margadh is amhlaidh is mó atá an dúshlán.

Ní foláir do chraoltóirí náisiúnta a bheith ag coraíocht le hollchomhlachtaí ilnáisiúnta agus gnólachtaí tráchtála baile. Sciob sceab acu go léir ar lucht féachana, éisteoirí, fógraíocht agus maoiniú. Ach ní mar a chéile iad agus ní hionann an t-údar a bhíonn acu le bheith ag cruinniú píosaí agus ag déanamh stóir. Chuige sin an ceadúnas teilifíse ach baineann baol le barrscoitheadh agus ilroinnt an mhaoinithe stáit ar ábhar seachas ar ardáin.

Is breá linn ar fad brabach a bheith againn ar ábhar craolta den scoth, ar an teilifís, ar an raidió, ar an idirlíon. Íocann muid as ábhar dá leithéid trí shíntiúis, táillí agus an ceadúnas teilifíse. Bíonn tábhacht leis an ábhar mar is féinléiriú orainn féin ábhar dúchasach agus spreagtar plé agus dioscúrsa faoin bpobal a bhfuil muid inár saoránaigh ann ar ardáin fhoilsithe an ábhair chéanna.

Oiread le ceist na dtáillí ollscoile, tá cruacheist á seachaint i dTithe an Rialtais ó tugadh le fios nach ndrannfar leis an gceadúnas teilifíse go ceann roinnt blianta. Idir an dá linn, leagtar an fhreagracht ar bhoird stiúrtha na gcraoltóirí fuineadh de réir na mine ainneoin nach mbeidh an mhin bhuí féin le fáil. Fágtar acu agus fúthu cinntí faoi sheirbhísí a bhfuil brí agus tábhacht leo maidir le féinléiriú náisiúnta. Seift shuarach, cor seachanta.

Mura dtabharfar na heagraíochtaí féin slán ní bheidh ardáin ann gurbh fhiú trácht orthu le hiniúchadh riachtanach criticiúil a dhéanamh ar cheisteanna poiblí agus pobail. Ní réiteach atá san earnáil neamhspleách ach oiread. A chruthúnas sin polasaithe náireacha Communicorp, ar leo Newstalk agus Today FM gan ach péire dá mhórstáisiúin a lua, i dtaca le saoirse cainte. Cén mhaith dea-chaint maidir le muinín, iolrachas agus éagsúlacht mura bhfuil teacht cóir ar ardáin éagsúla ar fud na hearnála?

Níl ach achar seachtainí ó d’fhoilsigh an BAI tuairisc spéisiúil maidir le Braistintí Pobail i leith na Craoltóireachta Seirbhíse Poiblí. Éirim an taighde a rinne Behaviours & Attitudes i mbeagán focal go bhfuil ardmhuinín i gcónaí as na craoltóirí náisiúnta sa tír seo. Síltear go bhfuil ag éirí le RTÉ agus TG4 éagsúlacht agus tuairmíocht mhalartach a chur ar fáil. Cuireann RTÉ leis an meabhair atá againn ar chúrsaí an tsaoil agus aithnítear údarás agus saoirse cainte leis an stáisiún. Moltar TG4 ó thaobh na féiniúlachta cultúrtha agus go hard.

Dínn féin, dúinn féin agus linn féin an t-ábhar dúchais a chraoltar ar na cainéil phoiblí, ár n-ardáin féin. Bonneagar bunriachtanach intleachtúil atá i gceist. Baineann costas leo ach fál in éadan na tíorántachta den uile chineál iad craoltóirí náisiúnta. Ní bheidh seasamh ar bith linn i margadh mór na smaointe cheal léirithe ar ár ndúchas féin. Tá sé thar am ag an rialtas gníomhú agus cinneadh a dhéanamh iad a chosaint.