An chéad domhan eile

Tá 6 billiún duine anois a bhfuil léamh agus scríobh acu

Bhí tráth ann agus ní rófhada ó shin é nuair a roinntí an domhan ina thrí chuid, mar a thugtaí an chéad, an dara agus an tríú domhan orthu faoi seach. Ba sinne, na tíortha ramhra rófhorbartha an chéad cheann díobh, na stáit faoi réimeas Cumannach an dara ceann, agus shactaí gach muintir eile isteach sa tríú domhan féin.

Cheapas riamh go raibh ‘an tríú domhan’ seo ábhairín maslach, ach is dócha go gcaithfidh an intínn néata boscaí a cheapadh di féin. Bheadh an fhírinne rólom go díreach, ‘na tíortha bochta’, nó ‘na tíortha go ndéantar dúshaothrú orthu’ a ghairm ar a stádas. Ina dhiaidh sin cromadh ar ‘an domhan faoi fhorbairt’ a thabhairt orthu, fág nach ag forbairt ach ag meathlú a bhí go leor díobh.

Is deacra na catagóirí simplí seo a shuíomh níos mó, óir cé go bhfuil an G7 againn de na tíortha is mó maoin agus airgead acu ina mámanna, tá an E7, is é sin, na stáit eile sin atá ag breith suas orthu nó á sárú, leithéid an tSín, an India, an Bhrasaíl, an Indinéis, an Rúis, an Tuirc agus Meicsiceó. Ar éigean gur feidir bloc simplí a dhéanamh astu sin ach an oiread a éagsúlaí is atá siad.

Cuid den daille atá orainn ná gur léire dúinn eachtraí aonair seachas an treo a bhfuil an domhan ag dul. Cuid de ghalar na nuachtán táblóideacha é seo tús a thabhairt do raic phósta iar-réaltaí scannán éigin ar a slí an doras amach seachas aon saghas scagtha a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl inár dtimpeall. Ar éigean go bhfuil na príomhfhoinsí nuachta mórán níos fearr nuair is é cúram an lae seo amháin a bhíonn ag déanamh scime dóibh.

READ MORE

B’fhéidir nach é a ngnó féachaint siar ná ar aghaidh, ach níor mhiste ar tharla lenár linn féin a ghrinneadh. Ar an gcéad dul síos, is ea, in ainneoin na gruaime, tá feabhas mór tagtha ar leadhbanna móra den domhan. Tá 6 billiún duine anois a bhfuil léamh agus scríobh acu, is é sin formhór mór an domhain; agus ghabh níos mó daoine trí gheataí na hollscoile agus amach an taobh eile le fiche bliain anuas ná mar a tharla riamh ar na céadta bliain go léir cheana a chur le chéile.

Tá forbairt thar cuimse tagtha ar stáit a bhí bocht go héag glúin ó shin. Nuair a bhí cuid againn óg bhítí ag tathant orainn ár gcuid anraith cabáiste a ól mar go raibh na milliúin páistí sa tSín ag fáil bháis den ocras, cé nár thuigeas conas ab fheidir liom mo mhias féin a sheoladh an fad sin; ach ardaíodh 800 milliún Síneach amach as sloc na bochtaineachta i dtréimhse an-ghairid. Gearradh ainnise na ndaoine sa Phacastáin ina dhá leath le 10 mbliana anuas. Tá ionchas saoil mhuintir Ruanda dúblaithe lenár linn, agus is féidir a amhlachas sin d’athruithe chun feabhais a áireamh ar fud codanna den Afraic agus formhór na hÁisia.

Thug Bill Clinton (an cuimhin leat é?) foláireamh do Mheiriceá go gcaithfeadh siad ullmhú don uair go mbeadh siad mar ‘uimhir a dó’, ina dtánaiste ar an domhain. Ba mhisniúil an rud é a rá. Ach is é lomchlár na fírinne gurbh iad an tSín agus an India an dá gheilleagar ba láidre riamh go dtí tús an 19ú haois. Agus beidh arís. Tá gach cuma air go bhfuil eadarlúid cheannais na hEorpa agus a síl geall le bheith thart.

An trí stát is líonmhaire daonra ar domhan is san Áise atá siad faoina gceannas féin. Beidh dhá billiún go leith duine san Afraic i gceann tríocha bliain agus cosa láidre fúthu.

Cad a dhéanfaimid ansin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar