'What use are camáns?'

Gealfaidh croíthe atá críon le cianta nuair a thionólfar Scoil (dhátheangach) Merriman an tSamhraidh i Lios Dúin Bhearna, Co …

Gealfaidh croíthe atá críon le cianta nuair a thionólfar Scoil (dhátheangach) Merriman an tSamhraidh i Lios Dúin Bhearna, Co an Chláir, an Satharn seo. Agus na laethanta ag dul i ngiorracht is ionann an scoil agus instealladh fuinnimh don Fhómhar atá romhainn.

"Michael Cusack: a Chéim; a Ré; an tAm do mhair," an téama i mbliana. Cainteoir dúchais Gaeilge ó Chontae an Chláir ab ea Mícheál Cíosóg (1847-1906). Tá cáil air mar phríomhbhunaitheoir Chumann Lúthchleas Gael. Fear spleodrach ab ea Cíosóg: tugadh "that exploded volcano, the darling of all counties and the idol of his own" ar an gcarachtar sa leabhar Ulysses a deirtear a bheith bunaithe air.

Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar Ulysses, ar ndóigh - ceann de na cheithre mhórshaothar a scríobh Joyce is é ag iarraidh a chumha i ndiaidh na Gaeilge nár éirigh leis a fhoghlaim a chur de.

Maítear go minic gur bunaíodh carachtar cáiliúil an Citizen in eipeasóid "Cyclops" Ulysses ar Chíosóg agus is fíor go bhfuil an chosúlacht sin ar an sliocht. De réir léamha fhormhór na gcriticeoirí, tugann Joyce fogha ann faoi dhearcadh cúng lucht an náisiúnachais chultúrtha, mar a chonacthas dó siúd é (nó ar a laghad faoi mar a fheictear dá lucht critice é).

READ MORE

Is minic daoine goilliúnach, dá réir, faoin léiriú a dhéanann Joyce (más fíor) ar an gCíosógach mar antoiseach teanga agus mar fhear a ndéanann a dhílseacht don chúis dall é ar aon chultúr eile seachas cultúr na nGael.

Ach an bhfuil bunús ar bith leis an léiriú agus leis na léamha sin ar Chíosóg? Dhearbhaigh duine de bheathaisnéisithe an Chíosógaigh, Marcus de Búrca, nach mbíodh aon easpa muiníne ar Chíosóg agus nach mbíodh aon leisce air a thuairimí a nochtadh go neamhbhalbh ach an oiread. Tá dealramh fisiciúil ag carachtar an Citizen le Cíosóg; fear téagartha féasógach é a bhfuil neart ina lámha móra teanna.

Is cinnte gur cainteoir bladhmannach é an Citizen ach is minic criticeoirí dall ar an deisbheilíocht agus ar an ngrinnmhachnamh a leanann a chuid seámsaireachta ar a stól ard.

Má bhí faoi Joyce seasamh an Chíosógaigh mar a chonacthas do siúd é a cháineadh, nach ait é gur thug sé na línte is fearr don Citizen? Tugann Joyce aitheantas freisin do léamha raidiceacha an Citizen/an Chíosógaigh ar struchtúr na sochaí agus ar an gcoilíneachas. Réabhlóidí ab ea Cíosóg a thuig go gcaifí an náisiún a atógáil ón mbonn aníos.

É seo go léir mar réamhrá leis an bhfógra go ndéanfar léiriú drámata ar eipeasóid chonspóideach sin an Cyclops seachtain ón lá inniu le linn Scoil Merriman. Na Ballonatics, compántas a bhunaigh céimithe de chuid Ollscoil Cambridge sa bhliain 1982, a bheidh i mbun an léirithe. Cé go bhfuil fócas ar leith ag Scoil Merriman na bliana seo ar stair agus ar thionchar an Chíosógaigh agus Chumann Lúthchleas Gael i gcoitinne, is leithne i bhfad ná sin imeachtaí na scoile.

Cuimsíonn an clár léachtaí ar chúrsaí teanga, cultúir, litríochta, staire áitiúla agus spóirt mar aon le ranganna seite, léamha filíochta.

Cad faoi na léachtaí féin? Tabharfaidh an Bráthair Seán McNamara, duine atá ina shaineolaí ar bheatha an Chláirínigh chlúitigh, léargas ar Mhícheál Cíosóg.

Leanfar den scagadh ar stair agus ar thionchar Chumann Lúthchleas Gael i gcaitheamh na seachtaine le léachtaí ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an eagraíocht sin. "What use are camáns?": James Joyce, Michael Cusack and the Literary Revival" an teideal mealltach atá ar chaint Frank Shovlin - is mó imreoir a chuir an cheist chéanna nuair a buadh orthu ar pháirc na hiomána.

Idir an dá linn, beidh tóir acu siúd a chuireann spéis in Athbheochan na Gaeilge sa tsraith seimineár (Gaeilge) a reachtáilfear faoin téama sin gach maidin.

Labharfaidh Niamh Hourigan faoi "Globalisation, Media and Language in Ireland" agus tabharfaidh John A. Murphy aitheasc den teideal "Irish-Ireland: Self-delusion, then and now", gan ach blaiseadh beag a thabhairt.

Oidhre samhlaitheach í Scoil Merriman ar chúirteanna filíochta an 18ú haois, mar a mbailíodh "gach sárfhear séimhghlic soilbh súgach/idir dháimh is chléir is éigse an phobail dúchais" le chéile chun comhluadair agus chun athbhreithnithe. Fóram é, fearacht na gcúirteanna sin, ina gcuirtear stair agus cultúr na tíre trí chéile agus ina dtugtar ardú meanmain do lucht éigse.

Ní gá bheith i d'acadamhach nó i do shaineolaí le freastal ar an Scoil; fáiltítear roimh chách. Is féidir freastal ar léachtaí aonair, ar lá iomlán, ar leathsheachtain imeachtaí nó ar an iomlán. Beidh sárfhir shuairce, idir shoilbh agus shúgach ag Scoil Merriman na bliana seo mar aon le mná meidhreacha machnamhacha. Is é an trua nach mbeidh Joyce ann: bheadh ábhar máistirshaothair eile dó ann. Dá dtuigfeadh sé a leath.

Eolas: www.merriman.ie nó 086-3820671. Is ball de Chumann Merriman í Róisín Ní Ghairbhí.