Taimid ag crosbhothar aris eile

Crobhingne: Táimid ag an gcrosbhóthar arís. Nó sin adeir bó chrosta eile linn

Crobhingne: Táimid ag an gcrosbhóthar arís. Nó sin adeir bó chrosta eile linn. Duine ar bith adeir go bhfuilimid ag an gcrosbhóthar is léir gur duine é, i ndeireadh an lae, nach ndéanann puinn machnaimh lasmuigh den bhosca.

Is é an tOllamh Michael Shattock a tháinig chugainn an turas seo mar bhall de jhuincéid an OECD chun a rá linn gur cheart dúinn ár gcóras ollscolaíochta agus oiliúna tríú leibhéil a dhéanamh níos airgeadchúntaí.

Bain an béarlagair anuas de sin, agus is ionann é agus gur chóir an t-oideachas a chur chun fóinte an ghnó.

An crosbhóthar áirithe seo a bhfuilimid ann anois, ní hionann é agus na crosbhóithre eile atá ag crosbhóthrú an tsaoil.

READ MORE

Deirtí go moladh De Valera na rincí ag na crosbhóithre gona steipeanna móra ar chosa fada, bíodh go raibh sé dall ar a raibh ar siúl laistiar den chlaí.

Dúirt an Ridire Terence O'Neill fadó riamh go raibh na sé chontae (níor thug sé sin orthu, gan amhras) ag an gcrosbhóthar, agus ní léir gur thóg siad an bealach ceart ó shin, cibé rud in Uladh is adéarfadh sé féin.

Dúirt Conchúr Crús Ó Briain go meafarach nach mbeadh sé sásta go raibh deireadh le ré Chathail Uí Eochaidh go dtí go bhfeicfeadh sé sínte ag an gcrosbhóthar um mheán oíche é agus cuaille trína chroí, agus féach go bhfuil lán na beirte acu beo bríomhar fós os cionn an tailimh.

Áit achrannach íogair í an crosbhóthar don té nach bhfuil aon acmhainn treo aige.

Nuair a thagaim féin go dtí an crosbhóthar gan léarscáil ar mo ghlúine is dual dom an cosáinín cam lúbach a ghlacadh, mar bíodh geall go bhfeicfidh mé tithe cearc fan an bhealaigh, agus go mbeidh pota feamainne ann romham i ndeireadh an

aistir.

Is é ceann ar aghaidh a dhéanann formhór an phobail ag an gcrosbhóthar céanna, mar bíonn an bealach réidh, agus an tslí leathan, agus an ród díreach, agus an forscreamh cothrom, agus is é is fusa a dhéanamh.

Ní chuimhnítear gurb iad na tógálaithe móra a ghearr an bóthar agus a dheachtaigh an treo.

Vaimpírí na meánoíche iad an OECD agus ní foláir dúinn dóthain gairleoige a choimeád lenár mbrád ina gcoinne.

Má tá tuarascáil uait chun táirgiú cnónna a mhéadú cuirfidh tú moncaithe ar an gcoiste; má tá tuarascáil uait chun úsáid na ndrugaí i gcúrsaí spóirt a thaighdeadh, cuirfidh tú capaill ar an gcoiste; má tá tuarascáil uait chun airgead na gcáiníocóirí a choimeád i bpóca na saibhir, cuirfidh tú eacnamaithe ar an gcoiste; agus má tá tuarascáil uait chun an earnáil "phríobháideach" a thabhairt isteach i gcúrsaí ardoideachais, cuirfidh tú glaoch ar an

OECD.

Ní fáltas ón aer é ráiteas trombholgach tolgach toll an Ollaimh Shattock, ach an rud réasúnta a mbeifí ag súil leis óna champa siúd.

Is é an seanphort bréan arís é. Tugtar táillí teagaisc ollscoile ar ais. Ní dúirt sé chomh lom sin é, ar ndóigh, ach gur chóir dúinn "athbhreithniú" a dhéanamh orthu. Scéal liom dó.

Tá sin déanta againn, agus táimid níos deimhnithí ná mar a bhí riamh gur cheart caitheamh leis an tríú leibhéal agus mar a chaitear leis an gcéad agus an dara ceann.

Tá an t-athbhreithniú déanta, go raibh maith agat, ach anois an bhfuil seans beag bídeach ar bith ann go gcuirfear corc sa scéal seo go deo déanach?

Beag an baol, óir ní mar sin a oibrítear an tua. Ding ar ding sa leamhán.

Nó pianpháis Shíneach deoir ar deoir anuas ar an bplaosc gan stad gan staonadh le díocas agus le muineál ramhar go dtí go dtéann caitheamh ar an gcosaint. Ná tuirling go stada an bus áirithe seo.

Bíodh an ollscolaíocht ag lucht an airgid go dtiocfaidh Pilip agus a chleite.

Ag an gcrosbhóthar áirithe seo bheadh fonn ort léimt thar chlaí anonn agus dul ag rolláil sna neantóga le teann frustrachais.

Ina choinne sin, ag an gcrosbhóthar áirithe seo tá fios an bhealaigh thar a bheith soiléir: téitear ar ais an bealach ó dtáinig agus ná cloistear amaidí ó ollúna gan oiliúint.

Agus má chloistear aon chaint ar chrosbhóthar feasta bíodh a fhios agat nach bhfuil ann ach géimneach bó i gculaith fholamh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar