Tábhacht an tábhairne

Tá sé le tabhairt fé ndeara go bhfuil ré nua i réim; tá fuinneamh nua le mothú ann


Díoladh tigh tábhairne cáiliúil i gceantar seo na nDéise le déanaí, gníomh a d’fhógair do chách go raibh deireadh tagtha le ré Chlann Uí Mhaonaigh sa phub traidisiúnta.

Bhí alltacht ar dhaoine go bhféadfadh a leithéid tarlú – go ndíolfaí áit cháiliúil mar seo atá ar aon dul le tigh tábhairne Leo’s i nGaoth Dobhair nó le Tigh Tábhairne Gus O’Connor i nDúlainn i gcontae an Chláir maidir le ceol agus traidisiún de.

Bhí díomá ar dhaoine go raibh úinéireacht an tigh tábhairne, atá suite ar chúinne Shiobhán Mhic Óda ag bun Chnoc an tSéipéil sa Rinn le fada an lá, le hathrú.

Bhí na Maonaigh agus a réamhtheachtaithe baineanna ina húinéirí ar an áit seo thar sé ghlúin. Bean a bhíodh i gceannas air i gcónaí mar is iad na mná a tháinig in oidhreacht air i gcónaí.

READ MORE

A fhad is a bhí Áine Ní Mhaonaigh agus a clann i mbun gnó ann tháinig na ceoltóirí traidisiúnta is fearr chuig an tigh tábhairne atmaisféarach seo.

D’fhreastail Liam Clancy agus a dheartháireacha ann go rialta sna 1960í agus ar aghaidh. Thóg siad siúd na Fureys leo. Chloisfeá amhránaithe den scoth ann i gcónaí – Ciarán Ó Gealbháin, Anne Mulqueen, Áine Uí Cheallaigh agus Nioclás Tóibín tráth dá raibh. Thug Seosamh Ó hÉanaí cuairt ar an áit uair nó dhó.

D’inseodh Áine Ní Mhaonaigh í féin duit go raibh Seamus Heaney i láthair go han-déanach oíche amháin ag baint taitnimh as seisiún mór ceoil nuair a shiúil an sáirsint áitiúil isteach chun ainmneacha a bhailiú agus pionós a ghearradh ar gach aoinne. Ní fios cad a tharla ina dhiaidh san, ach bhí fiántas, draíocht, teocht, aoibhneas agus ceol ag baint leis an áit i gcónaí.

Is ón áit seo a d’eascair Danú, grúpa ceolmhar rathúil na nDéise. Bhí Caoimhín Ó Fearghail, Ceoltóir Óg TG4 na Bliana 2012, le cloisteáil go minic ag seinm ann. Thar na blianta bhí Bobby Gardner, Mickey Dalton, Robbie O’Connell, Nicky Power agus eile le cloisteáil ag seinm ann go rialta.

D’éirigh daoine míshocair nuair a scaipeadh an scéal go raibh an áit speisialta seo díolta níos luaithe i mbliana in ainneoin gur dea-scéal a bhí ann.

Ba chuma go raibh bás na dtithe tábhairne áitiúla fógartha le fada; d’fhógair an margadh a bhí déanta go raibh lagú ar an gcúlú eacnamaíochta.

Glacadh leis go raibh rotha mór an tsaoil tar éis casadh, ach mar a tharlaíonn, tá úinéir nua an tigh tábhairne, Liam Ó Muiríosa, ina chol seisear ag Áine Ní Mhaonaigh agus, dá bhrí sin, leanfar ar bhealach le líne a sinsir.

Is iar-bhleachtaire é a chaith breis agus 30 bliain sa Gharda Síochána. Chuaigh sé ar scoil sa Rinn agus tógadh é ar an dtaobh eile den pharóiste sa Sean-Phobal.

Deir sé nach bhfuil sé i gceist aige aon chuid den tigh tábhairne a athrú. “Ní fhéadfainn áit mar seo a athrú. Ní féidir músaem a athrú,” arsa sé ag breathnú thart ar na seanphictiúir, na déantúsáin, na póstaeir agus na seanfhógraí daite ar fad a bhailigh Anne agus a fear chéile, Tom Gough, ag ceantanna éagsúla thar na blianta. “Tá atmaisféar speisialta san áit,” a deir sé.

Agus le mí anuas, tá sé le tabhairt fé ndeara go bhfuil ré nua i réim.

Tá fuinneamh nua le mothú ann. Tá bláthanna ag fás i mboscaí ar leaca na bhfuinneog lasmuigh agus tá dhá chrann leagtha chun a thuilleadh solais a ligint isteach.

Deirtear go mbeidh bia ar fáil ann i ndiaidh na Nollag. Mar a bhíodh i gcónaí, tá deatach le feiceáil ag imeacht as an simléar go laethúil arís.

Tá muintir na háite ag dul isteach go rialta arís agus ag súil le seisiún ceoil den scoth arís eile.

Tá gach aoinne ag súil go mbeidh an tigh tábhairne lárnach i saol an pharóiste arís. Tá caint ann faoi oscailt oifigiúil. Agus mar bharr feabhais ar an scéal, deir Liam Ó Muiríosa nach bhfuil siad chun an t-ainm a athrú.

Tá seans ann go mbeidh filí, amhránaithe, ealaíontóirí, rinceoirí agus píobairí ag triail ar an áit arís agus go dtionólfar seisiúin mhóra cheoil ann.

Tá Liam Ó Muiríosa agus a mhac, Mícheál, in éineacht le páirtí Mhíchíl, Kate Jones, tar éis infheistíocht ollmhór a dhéanamh agus bhog siad go dtí an Rinn chun Tigh Uí Mhaonaigh a reáchtáil.

In aimsir seo an iar-Thíogair Cheiltigh, tuigtear anois gur dea-scéala é seo.