Siollabas nua ilmheáin ollscoile le dúshlán na mac léinn a thabhairt

SEOLFAIDH AN Mheitheal um Theagasc na Gaeilge siollabas ilmheáin Idirlín do mhic léinn chéad bhliain ollscoile i mBaile Átha …

SEOLFAIDH AN Mheitheal um Theagasc na Gaeilge siollabas ilmheáin Idirlín do mhic léinn chéad bhliain ollscoile i mBaile Átha Cliath inniu. Tháinig an grúpa idir-institiúideach seo le chéile Feabhra 2008 le tabhairt faoin fhiontar nua-aimseartha.

Dúirt bainisteoir an tionscadail, Ailín Ní Chonchúir, gurbh í seo an chéad uair “ar tháinig 18 institiúid le chéile chun siollabas Gaeilge a chur le chéile don tríú leibhéal. Go dtí seo ní raibh siollabas amháin á leanúint ag na coláistí éagsúla.

“Tá an siollabas bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, rud atá nua agus ceannródaíoch ón uair nach bhfuil a leithéid déanta cheana.”

D’éirigh leis an mheitheal an-chuid a dhéanamh taobh istigh d’achar gairid, a dúirt sí, agus bhí sí ag súil go mór an siollabas a fheiceáil á chur i bhfeidhm sa seomra ranga. Beidh ranna ar UCD, DCU, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Uladh i mbun an tsiollabais an fómhar seo agus tuilleadh nach iad ar an bhliain seo chugainn.

READ MORE

Dúirt Ní Chonchúir go raibh sí ag súil go mbeadh maoiniú ar fáil do chéimeanna 2 agus 3 den tionscnamh, is é sin, blianta eile na céime:

“Níl scéala againn faoi seo go fóill agus ní bheidh go ceann míosa, déarfainn.”

Is ar bhonn leictreonach a fhoilseofar an siollabas a mbeidh áiseanna teagaisc agus foghlama ann ar www.teagascnagaeilge.ie.

Tá an siollabas féin, ábhar samplach agus liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn ar na nithe atá ar an suíomh Idirlín agus é leagtha amach de réir topaicí le féinfheasacht, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha a spreagadh.

Is é is cuspóir leis an chlár oibre go dtabharfaidh gach aon mhac léinn faoi thasc ar leith lena gcuid scileanna foghlama agus teanga a fhorbairt.

Le cois téacsanna scríofa ar líne, tá míreanna fuaime agus físe. Tá 10 mír físe ann, 14 mír éisteachta, 13 téacs léitheoireachta agus ceachtanna samplacha ag dul le gach ceann díobh seo, 37 ceacht san iomlán.

Dúirt comhstiúrthóir an tionscnaimh, an Dochtúir Máirín Nic Eoin as Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath, go ndíreodh an siollabas ar “fhorbairt scileanna an fhoghlaimeora, idir scileanna ginearálta foghlama agus scileanna cumarsáide a bhaineann go dílis le foghlaim teangacha”.