Seoid agus siansa

Beidh Ceolchoirm Ghael-Linn ar siúl in Amharclann na Cathrach, Gaillimh Dé hAoine ag 8 p.m

Beidh Ceolchoirm Ghael-Linn ar siúl in Amharclann na Cathrach, Gaillimh Dé hAoine ag 8 p.m. Is ceolchoirm í seo de chúig ghrúpa amhránaíochta agus cúig ghrúpa ceoil a roghnaíodh le haghaidh Craobh SEOID agus SIANSA, comórtas don oileán ar fad d'amhránaithe agus ceoltóirí faoi 19 bliain d'aois.

Is as An Lorgain, Co Ard Mhacha; An Ómaigh, Co Thír Eoghain; An Tóchar, Co Chiarraí; An tArdán Theas, Corcaigh; agus Eochaill, Co Chorcaí, na hamhránaithe.

Is as an Bhaile Meánach, Co Aontroma; Port na Binne Uaine, Co Dhoire; Deilgne, Co Chill Mhantáin; Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath agus Port Mearnóg, Co Bhaile Átha Cliath, na ceoltóirí.

I mí na Samhna seo caite a d'fhógair Gael-Linn agus Raidió na Gealtachta an dá chomórtas nua ceoil agus amhránaíochta do dhaoine óga.

READ MORE

As na hiarratais a fuarthas, roghnaíodh 26 grúpa as an dá chatagóir chun páirt a ghlacadh i saotharlanna le ceoltóirí agus amhránaithe aitheanta.

Chonacthas do na heagraithe gur dheis í seo do cheoltóirí óga treoir agus comhairle a fháil ó cheoltóirí gairmiúla, ar nós Mhairéad Ní Mhaonaigh as Altan, Mary Bergin as Dordán, Garry Ó Briain, John Spillane agus Máire Breatnach.

As na saotharlanna sin, roghnaíodh cúig ghrúpa amhránaíochta agus cúig ghrúpa ceoil. Iadsan a bheidh ag glacadh páirte sa chraobh oíche Aoine. Bronnfar €2000 ar bhuaiteoirí sa dá chatagóir