Rásaí mire na Gaillimhe

Cosmhuintir agus ceannairí ar son an chapaill


Tá tús á chur inniu le ceann de na féilte rásaíochta capall is mó in Éirinn nó sa Bhreatain agus is í an fhéile is faide díobh ar fad – Rásaí na Gaillimhhe, i mBaile an Bhriotaigh.

Tosaíonn an fhéile ar an Luan deireanach de mhí Iúil agus leanann sé ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh. Seachtain atá ann don chearrbhachas, don scléip, ól, ithe, ragairne, spraoi teaghlaigh agus tranglam tráchta. Le 150,000 duine i láthair le linn na seachtaine, tá treisiú suntasach eacnamaíochta i gceist agus sileann an tairfe síos go hóstáin, bialanna, agus tithe lóistín i bhfad thar teorainn na Gaillimhe.

Thar na blianta thug imeachtaí éagsúla Rásaí na Gaillimhe inspioráid do cheoltóirí, do lucht canta bailéad agus, fiú amháin, don fhile W.B. Yeats. Ach b’fhéidir gurbh é an scríbhneoir John B Keane – as Lios Tuathail, baile eile le féile mhór rásaíochta – a rinne an achoimre is fearr ar an tseachtain seo. Dúirt sé gur chinéal staid mheabhair a bhí i Rásaí na Gaillimhe. Staid as an meabhair uaireanta, b’fhéidir, a mheasfadh daoine eile.

Cibé faoi sin ar aon nós, bhí tráth ann nuair ba bheag nár mhó an cháil a bhí ar cheann de na pubaill mhóra fháilteachais ná mar a bhí ar na rásaí iad féin. Thagair Roy Keane tráth do “lucht na gceapairí cloicheán” a thathaigh na boscaí fáilteachais corparáideacha in Old Trafford lena linn. Ach ní raibh an díspeagadh a rinne Keane ar bhoic mhóra Manchester United ar aon bhealach inchurtha leis an míshástacht i measc an phobail de bharr Puball Fáilteachais Fhianna Fáil, a bhíodh i mBaile an Bhriotaigh suas go dtí an bhliain 2008.

READ MORE

Le linn na seachtaine seo, amhail le gach féile, beidh na scórtha puball éagsúla scaipthe ar fud ráschursa Bhaile an Bhriotaigh. Ach nuair a labhradh daoine faoi “Phuball na Gaillimhe” sa ghnáthchomhrá, nó ar an teilifís nó ar an raidió bhí a fhios ag cách nach raibh ach an puball amháin i gceist – Puball Fhianna Fáil.

Ba mheafar an puball seo do shlí áirithe maireachtála, do bhealach áirithe le rudaí a chur i gcrích – go discréideach. Bhí costas €400 isteach agus sólaistí ar an mbiachlar ar nós uaineoil phesto, gliomach, Libertatas Cabernet Sauvignon agus seaimpéin Moët et Chandon. Mar chuid tábhachtach de na himeachtaí bhí deis ag aíonna bheith gualainn ar ghualainn le leithéidí Bertie Ahern nó Charlie MacCreevy agus b’fhéidir focal nó dhó a bheith ina gcluas.

Ní raibh teorainn leis an líon rachmasóirí, airgeadaithe, forbróirí ná tógálaithe a bhí breá sásta an cead isteach ard a íoc. B’iontach an deabhóid a bhí acu ar fad don daonlathas.

Gan amhras, ba chomhtharlúint ar fad go raibh Puball na Gaillimhe in ardréimeas nuair a bhí pléascadh siombóiseach ar siúl sa chreidmheas agus sa tógáil. Ré na rialtóireachta éadroime ar bhainc is ar ghnó a bhí ann agus nuair a thit an tóin ar fad as an ngeáitsíocht seo sa bhliain 2008, chuir Brian Cowen deireadh leis an bpuball le teann aiféaltais faoin rud ar fad.

Níl sé cothrom gurb é an puball míchlúiteach sin a ritheann le go leor daoine fós nuair a dhéantar trácht don fhéile rásaíochta seo. Chuir daoine ardchéimneacha ar nós an Tiarna St. Lawrence, an Tiarna Claremorris agus an Captaen Blake Forster tús le rásaíocht den scoth i mBaile an Bhriotaigh sa bhliain 1869. Meabhraíonn na sloinnte Angla-Éireannacha seo dúinn cé chomh mór is a chuaigh grá an chapaill – an t-ainmhí amhra sin – i gcion ar Ghael is ar Ghall araon agus thug le chéile iad ar mhaithe le spórt, in ainneoin difríochtaí doimhne polaitiúla agus creidimh eatarthu.

Le linn na seachtaine seo tá meascán tarraingteach de chinéalacha éagsúla graifne ar siúl – rásaí ar thalamh mhaol, cliathrásaí agus léimrásaí. Mar sin, tá éagsúlacht deiseanna buachana ar fáil do thraenálaithe, d’úinéirí, do mharcaigh, do na gealltóirí bochta (cé go mbíonn an lámh in uachtar ag na geallghlacadóirí go hiondúil).

Le linn na seachtaine, mar thiomna ar ómós na Gaillimhe ar an oidhreacht uathúil spórtúil, chultúrtha agus eacnamaíochta seo, bronnfaidh an ollscoil céimeanna Dochtúra oinigh ar bheirt de na traenálaithe capall is iomráití, Jim Bolger agus Dermot Weld, fear a bhuaigh Curadh na dTraenálaithe 29 uair i mBaile an Bhriotaigh agus a ngairmtear Rí na Gaillimhe de.