Nach raibh sin ar eolas?

Cá hiontas gurb iad na daltaí a léann leabhair is fearr ag an léitheoireacht?


Am baiste, agus dar muige! Féach sin! Smaoinítear air, tuarascáil eile eile fós.

Nuair a bhímid ag coinne le toradh Bhinse Fiosrúcháin, tá a fhios againn go mbeidh an tuairisc timpeallaithe le ribíní buí agus fáiscthe isteach i gcoirséad cainte nach nochtfaidh an fhírinne go brách. Tá a chuid cainte féin ag an dlí gur beag a teagmháil le saol na ndaoine a mbítear ag bleán airgid astu. Ní hionadh linn sin. Ach tuarascáil oideachais ó dhaoine a bhfuil oideachas orthu, nach mbeifeá ag súil le toradh éigin oideachasúil uathu?

Mo choinsias ort a éagain!

Tháinig amach le fíordhéanaí tuarascáil eile fós, ceann eile fós fós, ó Fhoras Taighde Oideachais na hÉireann arb é a gcúram tuarascálacha oideachais a chur amach, is a chur amach, is arís eile a chur amach ar eagla nach mbeadh léite ag duine ar bith.

READ MORE

Ar m’fhallaing féin! Mar a tharla, chuir siad suirbhé ar bun i measc bunscoileanna, íochtarscoileanna, uasalscoileanna, uachtarscoileanna, idirscoileanna, bunscoileanna paróiste Caitliceacha, bunscoileanna a bhain le paróiste Protastúnach, bunscoileanna gur chuma leo, scoileanna a raibh bligeaird iontu, scoileanna nach raibh iontu ach naoimh de chuid na huasalmheán aicme, scoileanna a mbíodh bráithre iontu, scoileanna faoi stiúir na mban rialta, is scoileanna faoi stiúir mná nach raibh riamh rialta, scoileanna meascaithe, scoileanna leathmheascaithe, Gaelscoileanna, gúscoileanna, gabhalscoileanna, scoileanna idirchreidmheacha, scoileanna gan chreideamh ar bith, scoileanna ina mbíodh daltaí beaga a mbíodh ciarsúr ar a gcloigeann acu, scoileanna ina mbíodh daltaí a raibh ciarsúr lena srón gach maidin, mar a bhí, taighde a thaighdeodh caighdeán Béarla agus matamaitice ár ndaltaí bunscoile.

M’anam ar mo rámh bhriste! Cuimhnítear air. Is geall le ceann de mhíorúiltí an tsaoil na torthaí ar tháinig siad orthu. B’ionadh leat nach raibh an tImbuailteoir Mór Hadróin uathu chun teacht ar na conclúidí céanna. Cé a smaoineodh orthu?

Andaigh féin, nó ní cheapfainn a choíche ná go deo é! Na daltaí is mó a dhéanann léitheoireacht is iad is fearr ag an léitheoireacht. Na daltaí is fairsinge a bhfuil leabhair sa bhaile acu, is iad is mó a léann. Na daltaí is mó a léann leabhair is iad is fearr a n-éiríonn leo sna tástálacha seo. An té is mó liathróidí criostail ní fhéadfadh sé teacht ar thuiscint mar seo.

Agus dar an leabhar breac cheana! Tar éis mórán ceistneoirí, agus ceisteanna a chur ar ghraif, agus boscaí a thiceáil fuarthas amach, leis, go raibh caighdeán níos airde léitheoireachta ag na daltaí sin gur thaitnigh an léitheoireacht leo seachas iad siúd gur lú leo ná an leabharlann í! Bhí mé tar éis geall a chur leis an mbookaí síos an bóthar nach mar sin a bheadh, go mbeadh an chraobh sa litearthacht acu siúd nár léigh tada agus go raibh an dearg-ghráin go deo acu ar abairt ar bith nach dtiocfadh ón mbéal amach, ach faraoir, bhí breall orm arís.

Agus go dearfa, am baite, d’fhionn siad seoid eile nárbh eol dom, ná don saol mór.

Is é sin, gur dócha dá ndéanfá freastal gach lá ar an scoil agus do chuid oibre baile a dhéanamh agus páirt a ghlacadh in imeachtaí eile ar nós spóirt nó drámaí nó díospóireachtaí gur dócha go mbeadh caighdeán níos airde Béarla agus matamaitice agat ná an leisceoir sin taobh leat a chuaigh ar an laing gach re lá agus a d’fhan sa pháirc phoiblí le pé cógais a bhíonn ag daltaí ar chúl sceiche nach mbíonn ar scoil.

Lorgaítear slite le hairgead a shábháil. Cad mar gheall ar tosnú le gach institiúid taighde a dhúnadh a chuireann torthaí ar fáil dúinn atá ar eolas ag an ngabhar sa sliabh cheana?