Meon na deirce

Beocheist: Tháinig bileog an doras isteach chugam le déanaí

Beocheist: Tháinig bileog an doras isteach chugam le déanaí. Achainí a bhí inti ó dhream éigin a bhí am spreagadh le síntiús a sheoladh chucu ionas go mbeadh ar a gcumas leanúint leis an obair fhónta a bhí idir lámha acu.

Leagadar a gcúis amach go héifeachtach agus go healaíonta ach bhain an abairt deireanach ar an mbileog as dom beagáinín. "Níl aon chabhair airgid ón Stát le fáil ag an eagraíocht seo," a d'fhógair sí.

Níorbh é an ráiteas féin a bhain an stad asam, ach an gearán a shamhlaigh mé ann. Agus anuas air sin b'fhacthas dom gur shíl údair na bileoige gur leor mar argóint í lena gceart ar shíntiús uaim a shuíomh.

Is cosúil nár rith sé leo in aon chor gurbh uaimse - agus ó na cáiníocóirí eile - a bheadh an t-airgead ag teacht i ndáiríre, cuma cad as a thiocfadh an tseic i ndeireadh na dála.

READ MORE

Go deimhin, ba bheag a d'áiteodh orm go raibh daoine ann nach bhfeiceann go bhfuil aon cheangal idir an mhaoin atá ag an Stát agus an pobal a sholáthraíonn an mhaoin chéanna.

N'fheadar an é go gceapann siad go bhfuil ciste ábhalmhór éigin ann a bhíonn á mhéadú de shíor ag lánsruth órdha ó Neamh agus gan d'éifeacht leis ach an síneadh láimhe a thabhairt do gach aon dream gur dóigh leo go bhfuil ceart acu féin chuige sin.

Feictear dom gur beag beartas - baineadh sé leis an gcultúr nó leis an gcarthanacht nó eile - go dtugtar faoi anois nach ndéantar fiosrú ar dtús faoi cén deontas nó cén chabhair airgid a bheadh ar fáil ón Stát lena chur i ngníomh.

Ná, ar ndóigh, ní don chineál san oibre amháin a bhítear ag lorg cabhrach ón Stát, mar féach go mbíonn an lucht tráchtála agus trádála, an lucht déantúsaíochta agus an lucht seirbhísí, agus a macasamhla eile, de shíor ag lorg a leithéid seo d'fhaoiseamh cánach nó a leithéid siúd d'ísliú dleachta leis an mbóthar a réiteach dóibh féin agus - en passant - lena mbrabúis féin a mhéadú.

Nílim á rá nár chóir do dhreamanna bheith ag iarraidh ar an Stát teacht i gcabhair orthu, go háirithe más obair atá idir lámha acu gur cheart don Stát féin bheith ag tabhairt fuithi, nó fós más obair í a chuidíonn le polasaí an Stáit a thabhairt i réim.

Is é is trua ná an saghas sin meoin a thugann ar dhaoine bheith ag coinne go dtiocfar i gcabhair orthu cuma cé chomh lag is atá an iarracht a dhéanann siad féin, amhail is gur leor mar chruthú ar a gceart chun na cabhrach é gur thosaíodar ar an obair an chéad lá.

Sin é atá i gceist agam le "meon na déirce" agus is cosúil gurb ag treisiú inár measc atá sé.

Ní dearcadh é sin a bhí ionainn i gcónaí.

Go deimhin, mura mbeadh an neamhspleáchas agus an teacht aniar a bhí ionainn mar chine, gach seans nach mairfimis mar náisiún ar chor ar bith anois. Agus gach seans freisin gur mharbh-bheirthe a bheadh an Stát a d'eascair as an gConradh a síníodh leis an mBreatain sa bhliain 1921.

Ar ndóigh, bhíothas ann i gcónaí a bhí san airdeall roimh an mbaol a bhain le lámh chúnta a ghlacadh ón Stát, iadsan a bhí in amhras go dtabharfadh a leithéid sin caoi don Stát cur isteach ar a gcuid gnó agus go mb'fhéidir go dtiocfadh an uair go gcaithfí géilleadh don airgead in ionad cloí leis an bprionsabal. Níor bheag é an t-aighneas a bhí san eaglais Chaitliceach, mar shampla, ag deireadh an 18ú haois, maidir leis an deontas a thairg Rialtas na Breataine do Choláiste Mhá Nuad.

Agus is cuimhin liom féin an díospóireacht ghéar a bhíodh ar siúl i gConradh na Gaeilge agus an t-achasán a tugadh dóibh siúd a bhí i bhfabhar glacadh le cabhair de shaghas nó shaghas eile ón rialtas. Bhí seanfhondúir amháin ann a dhearbhaíodh go dícheallach go mbeadh céim den chineál san ina bharántas báis don eagraíocht. Níor tháinig an tuar faoin tairngreacht áirithe sin, ar ndóigh, go foill ar aon nós.

Is chuige atá mé sa mhéid seo go léir ná an leisce atá ar dhaoine an lá atá inniu ann seasamh ar a gconlán féin, ach iad ag brath ar dhaoine eile an t-ualach a iompar dóibh.

Más olc é sin ionainn mar phearsana, ba mheasa fós é a bheith ionainn mar phobal. Ó chuamar isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 1973 - bímis macánta linn féin faoi seo - táimid i dtaithí na déirce, ach ní bheidh san ar fáil dúinn a thuilleadh, anois ó tá stáit atá i bhfad níos boichte ná sinne le bheith san Aontas.

Tugann san deis iontach dúinn ár gcumas a léiriú agus íomhá nua a chruthú dúinn féin sa Eoraip. Agus tá súil agam nach scaoilfimid an uain tharainn.