Leachtai prois

Is é "An Prós Comhaimseartha" an téama a bheidh faoi chaibidil ag Léachtaí Cholm Cille i mbliana.

Is é "An Prós Comhaimseartha" an téama a bheidh faoi chaibidil ag Léachtaí Cholm Cille i mbliana.

Is ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Dé hAoine, 1ú agus Dé Sathairn 2ú Aibreán a bheidh na cainteanna ar siúl.

I measc na n-aíonna, beidh an foilsitheoir Seán Ó Cearnaigh, an scoláire Máirín Nic Eoin agus na scríbhneoirí Liam Mac Cóil, Éilís Ní Dhuibhne, Ré Ó Laighléis, Mícheál Ó Conghaile, Joe Steve Ó Neachtain agus Alan Titley. Eolas: Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co Chill Dara.

Tá dearadh nua ar Thuarascáil, an chéad uair le fada go ndearnadh athrú chomh suntasach sin ar leagan amach an cholúin. Tá súil agam go n-éascóidh an crot úr léamh an ábhair a bhíonn againn.

READ MORE

Is é an difear is suntasaí go mbeidh dhá phictiúr bheaga in áit aon ghrianghraif mhóir amháin againn agus go mbeidh an colún ar thaobh an leathanaigh seachas ag an bhun.

Saothar idir lámha atá ann agus déanfar roinnt athruithe eile sna seachtainí romhainn agus cuirfidh muid fáilte roimh thuairimí. Mar shampla, ar cheart dúinn leanstan den fhoclóir nó an fearr deireadh bheith leis?