Leabhrán nua paidreacha ó Oileán Thoraí ar fáil

Tá leabhrán nua, Paidreacha Traidisiúnta Thoraí (€10), anois ar fáil ó Choláiste Phobail Cholmcille.

Tá cúpla focal ag an Dochtúir Lilis Ó Laoire, amhránaí, ag cur an tsaothair i láthair an phobail: “B’fhéidir nach bhfuil an saol ábhartha chomh cruaidh ar dhaoine anois agus a bhí nuair a cuireadh na paidreacha seo le chéile den chéad uair.

“Ach is cinnte go bhfuil deacrachtaí eile ag daoine agus go gcuideoidh cothú na spioradáltachta agus cleachtadh na hurnaí mar chuid de le daoine a dhul i dtreo an tsolais.”

Le cois na bpaidreacha féin, tá léaráidí le healaíontóirí Thoraí mar mhaisiú ar an téacs. Eolas: cpcthorai@donegaletb.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times