Lá mór leabhar i nGaillimh – saothar nua Gaeilge agus dátheangach le seoladh ag foilsitheoirí

Saothar Gaeilge agus dátheangach le seoladh

Beidh lá mór leabhar i Siopa Leabhar Charlie Byrne, Gaillimh, Dé hAoine ag 6pm.

Seolfaidh an Dr Louis de Paor, file, an cnuasach nua gearrscéalta Diabhlaíocht Dé (Cló Iar-Chonnacht) le Micheál Ó Conghaile ar dtús.

Is é seo an chéad chnuasach nua do dhaoine fásta le Micheál Ó Conghaile ó foilsíodh an cnuasach An Fear Nach nDéanann Gáire (Cló Iar-Chonnacht) 12 bliain ó shin. 12 scéal atá sa saothar nua seo agus tá íomhá nuadheartha leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta ag dul le gach aon scéal.

Lena chois sin, déanfar ceiliúradh ar thrí theideal nua le Dalkey Archive Press.

READ MORE

Cuirfear na leabhair nua dátheangacha The Key/An Eochair le Máirtín Ó Cadhain (aistrithe ag Louis de Paor agus Lochlainn Ó Tuairisg) agus Seachrán Jeaic Sheáin Johnny/Rambling Jack le Micheál Ó Conghaile (aistrithe ag Katherine Duffy) i láthair.

"Nóibhille ina measctar an saol agus an aisling, nuair a thiteann seanfhear i ngrá le cailín óg" atá ann mar Rambling Jack agus is maith an aithne atá ag lucht na Gaeilge ar shaothar Uí Chadhain.

Mura leor sin de lón léitheoireachta, seolfar leabhar nua i mBéarla Past Habitual le Alf Mac Lochlainn chomh maith.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times