Imní ar iriseoirí RTÉ faoi ‘easpa clúdaigh’

Tá nach mór 50 ball foirne in RTÉ tar éis scríobh chuig ardstiúrthóir an chraoltóra phoiblí lena n-imní a chur in iúl dó faoin “easpa clúdaigh” ar chláracha Béarla ar mhórscéalta nuachta a bhaineann leis an nGaeilge.

Tagraítear go sonrach sa chomhfhreagras don chlúdach a rinne cláracha nuachta agus cúrsaí reatha Béarla ar éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag deireadh na bliana seo caite.

Mír 30 soicind le RVO (Reader Voice Over) a bhí ar an bpríomhchlár nuachta Béarla faoi fhógra Uí Chuirreáin go raibh sé ag éirí as mar gheall ar neamhshuim an státchórais i gcearta teanga agus teip an Rialtais reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm.

Ba é Ó Cuirreáin an chéad Ombudsman riamh a d’éirigh as oifig mar agóid i gcoinne pholasaí Stáit. Bhí clúdach níos cuimsithí tuillte ag an scéal, dar le lucht sínithe na litreach a seoladh chuig Ardstiúrthóir RTÉ, Noel Curran: “Dá n-éireodh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige as oifig ar na cúiseanna céanna, is deacair a shamhlú go ndéanfadh seirbhís nuachta Béarla BBC Wales neamhaird den scéal.

READ MORE

“Dá n-éireodh an tOmbudsman, Ombudsman na Leanaí nó ball de Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána as oifig ar na cúiseanna céanna, an ndéanfadh RTE News neamhaird den scéal?”

Tugtar dhá shampla eile sa litir, atá feicithe ag Bileog, de scéalta a bhain leis an nGaeilge nár tugadh an oiread sin airde orthu ar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha Béarla RTÉ.

Cé go raibh tuairisc ar RTÉ News faoi mhórshiúl “Lá Mór na Gaeilge” ar RTÉ an mhí seo caite “níor dearnadh aon anailís i gcláir chúrsaí reatha Béarla RTÉ News ar na cúiseanna a bhí leis an agóid”.

Luaitear sa litir chomh maith an easpa clúdaigh a deineadh ar an athstruchtúrú a rinne Foras na Gaeilge ar na heagraíochtaí Gaeilge le déanaí, beartas a raibh tionchar aige “ar ghréasáin agus ar ghrúpaí pobail i ngach contae”.

Bhí tuairiscí faoin scéal seo ar BBC Northern Ireland agus ar na meáin náisiúnta eile, a deirtear.

Deirtear sa litir, atá sínithe ag craoltóirí, iriseoirí agus léiritheoirí: “Mar chomhghleacaithe, is go macánta agus le dea-chroí atá muid ag díriú aird ar an gclaonadh seo neamhaird a dhéanamh de scéalta a bhaineann le Gaeilge sa tuairisciú a dhéanann seirbhísí chúrsaí reatha Béarla RTÉ.

“Mar chraoltóir náisiúnta a bhfuil dualgas seirbhíse poiblí orainn, measaimid gur fiú aird a tharraingt ar an gceist seo.

“Fáiltíonn muid roimh fhoilsiú thuairisc ghrúpa oibre RTÉ faoin nGaeilge agus tugaimid faoi deara gur léiríodh an imní chéanna atá orainne i go leor de na haighneachtaí don ghrúpa oibre.”

Dúirt urlabhraí ó RTÉ go raibh ábhar na litreach fós á bhreithniú ag an ardstiúrthóir agus thagair sí don bhfáilte a chuir Noel Curran le déanaí roimh na moltaí a rinne Grúpa Oibre Gaeilge RTÉ le déanaí maidir le feabhas a chur ar sholáthar Gaeilge an chraoltóra.