Dilaru ar an chlar

Ba mhaith mar a chuir clár cúrsaí reatha TG4, 7 Lá, tús leis an bhliain nua agus an tAire Éamon Ó Cuív faoi agallamh ag láithreoir…

Ba mhaith mar a chuir clár cúrsaí reatha TG4, 7 Lá, tús leis an bhliain nua agus an tAire Éamon Ó Cuív faoi agallamh ag láithreoir an chláir, Paidí Ó Lionáird.

Agallamh cuimsitheach ar chúrsaí Gaeltachta, Gaeilge agus oileáin a rinne sé leis an Aire.

Tháinig ceist dhílárú Fhoras na Gaeilge aníos le linn an chomhrá. "An mbeidh an fhoireann sásta bogadh?" a d'fhiafraigh Ó Lionáird de Ó Cuív. "Bogfar an ceannáras," a dúirt Ó Cuív. D'fhreagair sé ceist ach ní an ceann a cuireadh air.

Tuigtear don cholún seo - mar a tuigeadh do Ó Lionáird, tá mé ag déanamah - nach bhfuil an fhoireann sásta bogadh.

READ MORE

Thuigfeá as freagra Uí Chuív go bhfuil an t-eolas céanna aige faoi seo - bogfar an ceannáras ach ní hionann an ceannáras agus an fhoireann.

Mura mbíonn an fhoireann sásta bogadh, beidh an dílárú féin ina phraiseach. Cuimhnigh ar an trioblóid agus ar an útamáil a bhain le hearcú príomhfheidhmeannaigh nua don eagras.

Samhlaigh anois an trioblóid agus an útamáil a bhainfeadh le foireann iomlán nua a earcú. Cuirfidh sé obair an eagrais agus obair na n-eagras atá ina mhuinín siar blianta - arís eile!

Bhain Ó Cuív tuisle beag amháin as féin agus é ag plé na ceiste. Dúirt sé nár thuig sé cad chuige a mbeadh daoine imníoch faoin dílárú: bhí TG4 lonnaithe i mBaile na hAbhann agus iad ábalta seirbhís náisiúnta a chur ar fáil.

Ní slán don chomparáid idir TG4 agus Foras na Gaeilge, gan amhras, ach tá rud níos suntasaí ná sin i gceist - tá oifig bheag dá gcuid féin ag TG4 i mBaile Átha Cliath ó bunaíodh iad.

Faoi phleananna an Rialtais, ní bheadh an méid sin féin ag an Fhoras. An bhfuil sin siosmaideach?