Díchoimisiniú an choimisinéara ag cur oilc ar shaineolaithe

CAITHEANN CINNEADH an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig neamhspleách amhras ar “mhacántacht agus ionracas…

CAITHEANN CINNEADH an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig neamhspleách amhras ar “mhacántacht agus ionracas an Stáit” i leith shlánú na Gaeilge, a chreideann duine de na saineolaithe is mó ar domhan ar an reachtaíocht teanga.

Thug an tOllamh Colin Williams, Ollscoil Cardiff, le fios don cholún seo gur chóir don Rialtas an cinneadh a rinne siad Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách a chur ar ceal.

Bhí Williams ar dhuine de na saineolaithe idirnáisiúnta ar phleanáil agus ar pholasaí teanga a chuir comhairle ar an rialtas deireanach maidir le dréachtadh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt sé gurbh é neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga an bua ba mhó a bhí aige agus go raibh “dea-shampla na hÉireann” mar chuid lárnach den fhianaise a thug sé féin do Thionól na Breataine Bige maidir le bunú Oifig an Choimisinéara Teanga sa tír sin.

READ MORE

Dúirt sé go ndeachaigh an cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a nascadh le hoifig an Ombudsman glan in aghaidh an dea-chleachtais idirnáisiúnta sa phleanáil teanga.

B’ionann an cinneadh agus “fógra poiblí ón Rialtas” a thug le fios “nár dhóigh linn gur fiú an tairbhe an trioblóid oifig rialála ar leith a choimeád oscailte chun déileáil go sonrach le sainriachtanais agus cearta na Gaeilge”.

D’fhág cinneadh an Rialtais go raibh an baol ann go mbainfí an bonn den bhorradh atá tagtha faoi infrastruchtúr na gceart teanga in ainneoin go ndéantar talamh slán de sa straitéis 20 bliain go mbeadh infrastruchtúr láidir reachtaíocht teanga ann.

Bhí an baol ann chomh maith go mbeadh ceist na heacnamaíochta “mar leithscéal ag polaiteoirí agus státseirbhísigh shinsearacha áirithe a chreideann nach bhfuil an sciar den státchiste atá ag dul do phobal na Gaeilge tuillte acu.

“Tá sé ag dul díom an cinneadh seo a thuiscint agus níl aon mhíniú sásúil ar an scéal feicthe agam ón Rialtas fós. Is é mo thuairim ná go luífeadh sé le ciall dá ndéanfadh an Rialtas athbhreithniú ar an gcinneadh seo sula ndéanann siad tuilleadh dochair dá gcáil agus don chúram a dhéanann siad dá saoránaigh a labhraíonn Gaeilge”.

Ceal aon mhíniú “loighciúil” eile ar an scéal, dúirt sé go bhféadfaí a áiteamh gurb í an “phríomhchúis” leis an gcinneadh ná gur “éirigh rómhaith” le hOifig an Choimisinéara laigí sa chóras a thabhairt chun solais.

Tá cáineadh géar déanta le seachtain anuas ar chinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a nascadh le hoifig an Ombudsman mar chuid dá chlár um athchóiriú na seirbhíse poiblí.

Dúirt iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach raibh “ciall dá laghad leis an gcinneadh”.

Cruthúnas a bhí sa chinneadh go raibh “imeallú sa chóras” déanta ar cheist na Gaeilge ó tharla nach raibh aire sinsearach ag plé leis an teanga ag bord an Rialtais, a dúirt sé.

Dúirt Peadar Tóibín, Teachta Dála ó Shinn Féin, gur threisigh an cinneadh “an tuairim atá ag go leor daoine go bhfuil an Rialtas i gcoinne na teanga, agus i gcoinne chearta Gaeilgeoirí”.

Dúirt Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh fógra an Rialtais “ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas”.

Bhí “níos lú céille fós” ag baint leis an gcinneadh ó tharla gur fhógair Aire na Gaeltachta athbhreithniú poiblí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ag tús na míosa seo.

“An bhfuil fiúntas ar bith ann don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo más rud é go bhfuil na cinntí déanta cheana féin?” a d’fhiafraigh de Spáinn.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí ó Ghuth na Gaeltachta nach raibh “bun ná barr” leis an gcinneadh: “Fiú nuair a bhreathnaigh an Bord Snip ar an cheist seo, mhol siad an oifig a fhágáil mar atá. Tá roinnt ceisteanna le cur mar sin. Cé a rinne an moladh seo?

“Cén chosaint a rinneadh laistigh den Roinn féin ar Oifig an Choimisinéara nuair nach bhfuil aon loighic ó thaobh sábháilteachtaí airgid leis an chinneadh?

“Cén dearcadh atá ag an Rialtas seo agus ag an státchóras ar chearta na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn?”

Dúirt an Dr John Walsh, saineolaí ar an reachtaíocht teanga ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh, gur buille tromchúiseach a bhí ann do “infrastruchtúr na gceart teanga a tógadh go cáiréiseach”.

Ní raibh aon amhras air ach go lagódh sé “seasamh” an choimisinéara a bheith lonnaithe “in oifig bheag laistigh d’oifig mhór”.