De reality iz...

Is go réidh a thagann an leithscéal ‘the reality is’ chun béil


The reality is gurb é seo adeir tú le linn toghcháin.

The reality is gurb é seo guth an phobail.

The reality is go raibh an tír bancbhriste.

The reality is nach raibh aon dul as againn. The reality is go gcaithfí a dhéanamh a raibh le déanamh.

READ MORE

The reality is go bhfuilim ag iarraidh rud éigin a rá. The reality is go bhfuil tú ag iarraidh a rá gurb é an reality is a rá arís.

The reality is go bhfuilimid ag iarraidh a fháil amach cad í an fhírinne seachas cad é an reality féin.

The reality is nach é sin adúirt mé. The reality is nach bhfuil an scéal mar a thuairisc.

The reality is an rud adúirt mé féin. The reality is nach bhfuil mé chun an cheist a chuir tú orm a fhreagairt.

The reality is gurb é an reality is an rud adeir gach polaiteoir atá ag iarraidh ponc a chur abhaile.

The reality is nach raibh an dara suí sa bhuaile ach dul sa rialtas.

The reality is gurbh éigean dúinn géilleadh do na baincéirí. The reality is go bhfuilim ag iarraidh leithscéal eile a cheapadh.

The reality is go ndéanfadh Funny Ghoul and rud céanna le Feena Foul.

The reality is go gcaithfimid coimisiún eile a chur ar bun. The reality is nach bhfuil duine ar bith ciontach go bhfuil sé ciontaithe.

The reality is nach bhfuil ach aon toghchán amháin. The reality is gur cuma linn faoi na pobalbhreitheanna.

The reality is nach bhfuil ach aon toghchán amháin ann, mar adúirt mé cheana.

The reality is gur tháinig méadú ar ár gcuid vótaí, bíodh is gur thit líon ár suíochán.

The reality is gur tháinig méadú ar ár gcuid suíochán go fiú má tháinig laghdú ar ár gcuid vótaí.

The reality is is ea go n-inseoidh an aimsir.

The reality is nár éirigh aon duine as fós.

The reality is nach mbeidh mé sa rás nuair a thiocfaidh an t-am, nó sin é a cheapaim ar aon nós, faoi láthair.

The reality is go bhfuil an tír go breá. The reality is go bhfuil nithe ag dul in olcas.

The reality is go bhfuilim ag iarraidh mo shuíochán Dála a choimeád. The reality is nach féidir liom é sin a rá. The reality is go bhfuilim ar son cur in aghaidh fhorthéamh an domhain chomh maith le cách.

The reality is go gcaithfimid postanna a chruthú sna tionscail sin.

The reality is nach bhfuilim ar son go mbeadh an boc sin ag seasamh don pháirtí chomh maith liomsa sa dáilcheantar céanna. The reality is go gcaithfimid an tír a chosaint. The reality is go bhfuil naimhde amuigh ansin. The reality is nach féidir liom a rá cé hiad, ach tá siad ann.

The reality is go gcaithfear rud éigin a dhéanamh faoi na teifigh ó chogaí. The reality is nach féidir linne gach rud a dhéanamh.

The reality is go gcaithfimid a bheith an-chúramach faoi na daoine a ligimid isteach.

The reality is nach mbeadh a fhios agat faoi chuid de na páistí sin.

The reality is go bhfuilimid ag déanamh ár ndíchill. The reality is nach féidir scanradh a chur ar dhaoine a bhfuil airgead acu.

The reality is nach bhfuilimid ag iarraidh an tAontas Sóivéadach ar ais arís. The reality is go ndúirt mise an méid sin fadó.

The reality is go bhfuil a fhios agam go maith ach nach bhfuilim chun an fhírinne a ligean leat.

The reality is go bhfuil cúpla frása agam agus go bhfuilim chun aimhleas a bhaint astu go deo na ndeor.

The real…