Coimisinéir an choinsiasa

B’fhearr leis an choimisinéir an t-uaigneas ná droch-choinsias

Is minic nuair a bhíonn duine sa saol poiblí i mbun iomrascála lena choinsias, gurb é an coinsias a bhíonn thíos leis.

Níorbh amhlaidh i gcás an Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin a d’fhógair an tseachtain seo caite go raibh sé meáite ar éirí as oifig de bharr neamhshuim an Rialtais sna cearta teanga ar ceapadh Ó Cuirreáin len iad a chosaint.

An rud is annamh is iontach.

I mbeagán focal, bhí an lámh in uachtar ag a choinsias ar an gcoimisinéir.

READ MORE

Ba léir ón stangadh a bhain a fhógra gan choinne as pobal na teanga gur mó de “gile mear na Gaeilge” acu Ó Cuirreáin ná ombudsman.

Murab ionann agus go leor athmháistrí teanga, is léir go mbraitheann pobal na teanga gur ar a son a labhrann an coimisinéir, gurb é ceann feadhna na gluaiseachta agus guth na ndaoine é, gur thug sé guth dóibh sin a bhí gan ghuth.

Tá ardmheas ar an gCoimisinéir Teanga leis in áiteanna níos faide ó bhaile mar ba léir ón ráiteas a d'eisigh Coimisinéir na Breatnaise, Meri Hews, inar dhúirt sí gur ó Shéan Ó Cuirreáin a fuair sí féin agus coimisinéirí teanga eile a "mbunoiliúint".

Díomá
Cé go raibh díomá ar dhaoine go raibh Ó Cuirréain ag imeacht, mar sin, ba é tuairim na coitiantachta ná gur chuir sé comaoin mhór orainn tríd an fhírinne a insint agus éirí as seachas treabhadh leis nó go mbeadh sé, mar a dúirt sé féin, "mar chuid den chur i gcéill".

Tá an cur i gcéill sin anois curtha os comhair cách ag an gCoimisinéir Teanga agus tá dúshlán an Stáit agus an Rialtais tugtha aige.

Teachtaireacht shimplí neamhbhalbh a bhí sa deireadh aige: tá tráth na cainte thart más fúinn gan “ár bhflaitheas teanga” a chailliúint.

Gan amhras, ní hé sin an léamh atá ag an Rialtas ná Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ar an an scéal agus iad ag iarraidh neamhní a dhéanamh do cháineadh Uí Chuirreáin.

Ghlaoigh an tAire Stáit ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ RnaG an tseachtain seo caite le gearán a dhéanamh faoi easpa "cothromaíochta" agus faoi ionsaí, dar leis, a bhí déanta air féin agus ar an Rialtas.

Ba dheacair, is dócha, tuiscint conas nach mbeadh Aire Stáit ón nGaeltacht ag braistint goilliúnach nuair a bhí polaiteoirí ón bhfreasúra ag fógairt air mar gheall ar an dochar atá á dhéanamh ag a Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ba dheacair a shamhlú, áfach, gur chreid an tAire Stáit McGinley ina chroí istigh go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le ceist seo na Gaeilge sa státchóras.

Ba dheacair a shamhlú, chomh maith, gur chreid sé dáiríre gur leor go mbeadh 20 scéim teanga daingnithe le comhlachtaí poiblí roimh dheireadh na bliana seo, nuair atá 20 scéim eile dulta in éag cheana féin i 2013.

Ba dhóigh leat gur cheart faoin dtráth seo gur ar an dTaoiseach a bheadh an tAire Stáit ag glaoch chun cúrsaí "cothromaíochta" a phlé leis, seachas ar chláracha raidió.

Bréan
Ba chóir dó a rá le Enda Kenny go raibh sé breán bailithe de bheith ag cosaint pholasaithe díobhálacha teanga an Rialtais agus gan dá bharr aige ach cáineadh agus drochmheas a phobail féin.

Buille don teanga ab ea é nuair nár tugadh aireacht shinsearach do McGinley le go mbeadh guth dúchasach ag an nGaeilge ag bord an Rialtais, ach tá cumhacht anois ag an Aire Stáit nach raibh aige sular fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé chun éirí as.

Tá fianaise anois ag an Aire Stáit ó fhoinse iontaofa neamhspleách go raibh ag teip ar an státchóras agus ar an Rialtas a ndualgaisí i leith na teanga a chomhlíonadh agus go dteipfidh leis ar an gcóras nua a tugadh isteach le déanaí chun cur le líon na bhfostaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí.

A bhuíochas leis an gCoimisinéir Teanga, tá figiúirí chomh maith ag an Aire Stáit le taispeáint don dTaoiseach, figiúirí a chruthaíonn go dtógfadh sé 28 bliain ar an gcóras nua le céatadán na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais le líofacht sa Ghaeilge a ardú ó 1.5 faoin gcéad go 3 faoin gcéad.

Coinsias
Munar leor é sin ar fad mar léiriú don dTaoiseach gur cás tromchúiseach é seo, d'fhéadfadh an tAire Stáit an t-eagarfhocal a foilsíodh ar an nuachtán seo Dé Luain a chur ar a shúile dó mar chruthúnas nach síorchancráin na Gaeilge amháin atá ag tacú le seasamh misniúil an choimisinéara.

Má thugann Enda Kenny an chluas bhodhar dó tar éis an méid sin ba chóir go ndéanfadh an tAire Stáit scrúdú ar a choinsias féin.