Chun cló

TÁ AN comhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht, le dhá cheardlann do scríbhneoirí a reáchtáil i mBaile Átha Cliath agus…

TÁ AN comhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht, le dhá cheardlann do scríbhneoirí a reáchtáil i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

Is iad Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc a bheidh i mbun na ceardlainne san ardchathair agus Micheál Ó Conghaile agus Gearóid Mac Lochlainn sa chathair cois cuain.

Is é an Satharn, 20ú, Deireadh Fómhair, an dáta do sheisiún Bhaile Átha Cliath in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, agus an Satharn 27ú, Deireadh Fómhair, an lá don chruinniú i mBéal Feirste ar Scoil na Gaeilge, Ollscoil na Banríona.

Níl táille ar bith i gceist leis na ceardlanna ach is faoi na rannpháirtithe féin atá sé a mbealach a dhéanamh chun na gcathracha.

READ MORE

Iarrtar ar scríbhneoirí samplaí saothair – dornán dánta, gearrscéal, sliocht as úrscéal – a chur ar fáil láithreach. Roghnóidh lucht na gceardlann samplaí agus pléifidh siad le linn an lae iad.

Eolas: cloiar@iol.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times