Ceist eile Forais

Níl sé ach seachtain ó scríobhadh ar an cholún seo go dtiocfadh le cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt cur as d'fhorbairt Fhoras…

Níl sé ach seachtain ó scríobhadh ar an cholún seo go dtiocfadh le cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt cur as d'fhorbairt Fhoras na Gaeilge. Tháinig an tuar faoin tarngaireacht níos gaiste ná mar a bhíothas ag súil.

Dé Sathairn seo caite, d'fhógair Aontachtaithe Uladh nach bhfreastalódh siad ar chruinnithe de chuid na Comhaireachta Thuaidh/Theas dá mbíodh ball de Shinn Féin i láthair.

D'fhógair siad fosta go dtarraingeodh siad siar ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann in Eanáir, 2003, mura gcomhlíonfaí coinníollacha eile.

Beidh impleachtaí tromchúiseacha i gceist do gach dream sa Tuaisceart má theipeann ar an Fheidhmeannas. Mar a dúradh an tseachtain seo caite, polaitíocht inmheánach aontachtúil atá taobh thiar den chinneadh seo. Tá Aontachtaithe Uladh ar a ndícheall ag iarraidh iad féin a chosaint ar an DUP.

READ MORE

Ó tharla go bhfuil Foras na Gaeilge ceangailte leis an Fheidhmeannas agus an Chomhaireacht Thuaidh/Theas, beidh impleachtaí ann dóibh dá dteipfeadh ar an chóras - agus is léiriú é ar chomh neamhthábhachtach is atá na forais trasteorann gur beag caint atá á dhéanamh orthu. Is ar an Fheidhmeannas féin atá aird na dtráchtairí.

Cuirtear le deacrachtaí an Fhorais nuair a chuimhnítear go mbeidh tréimhse na gcomhaltaí istigh i mí na Nollag. Má athcheaptar iad, an mbeidh siad ina gcomhaltaí ar eagras nach mbeidh ag feidhmiú faoi mhí Eanáir?

Cuireadh an Foras ar fionraí roimhe seo. Bhí de thoradh air sin gur cuireadh as dá fhorbairt féin agus d'fhorbairt na n-eagras eile Gaeilge a bhí ina muinín.

An mbeidh ar lucht an Fhorais fanacht go dtí go mbíonn toghchán Thionól Thuaisceart Éireann thart i mí na Bealtaine sula bhfaigheann siad amach cad é a bheidh rompu? An dtiocfaidh Comhaontú, Feidhmeannas nó Foras slán?

Idir an dá linn, beidh ar mhuintir an Fhorais leanstan ar aghaidh lena gcuid pleananna straitéiseacha agus forbartha. Ba cheart dóibh luas a chur faoin obair sin, gan amhras.