‘Ceart sibhialta is ea é do dhaoine comhfhreagras a éileamh ina dteanga dhúchais ón státchóras Eorpach’ – Geoghegan-Quinn

Ceart sibhialta is ea é do dhaoine comhfhreagras a éileamh ina dteanga dhúchais ón státchóras Eorpach.

Sin a dúirt an Coimisinéir Éireannach san Aontas Eorpach, Máire
Geoghegan-Quinn, tar éis di leagan Gaeilge de láithreán gréasáin Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn a sheoladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, a scríobhann Éanna Ó Caollaí.

“Seirbhís é atá daoine i dteideal a fháil. Seirbhís é nach raibh ar fáil go dtí seo againn,” a dúirt sí. “Is ceart sibhialta atá ann do chuile dhuine. Má tá tú i do chónaí sa tSlóvaic nó i do chónaí sa nGearmáin nó i do chónaí sa bhFrainc, tá tú in ann an t-eolas seo a fháil i do theanga féin.

“Cén fáth go mbeadh daoine á rá nár cheart dúinn é a fháil inár dteanga féin? Mo chéad theangasa ná Gaeilge agus ba cheart go mbeinn in ann an t-eolas sin a fháil i mo theanga féin.”

READ MORE

Aithnítear cearta teanga i mBunreacht na hÉireann agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá stádas ag an nGaeilge mar theanga
oifigiúil oibre san Aontas Eorpach ó 2007 ar aghaidh.

Iarradh ar an gcoimisinéir cén fáth gur thóg sé an oiread sin ama don aontas an láithreán Gaeilge a chruthú.

D'admhaigh sí go raibh éileamh ann dá leithéid: "Chonaic Barbara Nolan, ceann na hoifige anseo, go raibh gá leis. Bhí siad i gcónaí ag fáil ceisteanna ó phobal na Gaeilge agus ó phobal na Gaeltachta cén áit go
bhfaighidís an t-eolas agus thuigeadar go raibh an t-eolas sin ar fáil i mBéarla agus nach raibh sé ar fáil as Gaeilge."

Dúirt sí nach raibh fáth ar leith ag baint leis an mhoill ach “gur thóg sé duine éigin le rá gur cheart dúinn é seo a dhéanamh agus tá an pobal i dteideal é seo a fháil agus tá deis acu ón dtús ó chuaigh muid isteach san Aontas Eorpach freagraí a fháil ar a gcuid ceisteanna agus a gcuid litreacha i nGaeilge.

“Cén fáth anois, ó tharla go bhfuil an obair ar fad ag tarlú ar an idirlíon, nach mbeadh gréasán ann i nGaeilge?

"Nuair a tógadh an
cinneadh sin i mí Lúnasa seo caite – taobh istigh de bhliain tá sé ag obair. Agus tá súil againn anois go
n-úsáideoidh daoine é."

Léargas
Tá léargas cuimsitheach ar na hinstitiúidí chomh maith leis an nuacht is déanaí ón aontas ar fáil ar an láithreán, mar atá eolas maidir le cearta na saoránach faoi dhlí an aontais.

Tá béim freisin ar ábhar do scoileanna agus do mhic léinn agus eolas ar an dóigh le cur isteach ar phoist sa Bhruiséil.

Agus í ag seoladh an láithreáin, mhol an
coimisinéir an t-iriseoir agus léachtóir Nollaig Ó Gadhra go hard: "Ní fhéadfainn an lá inniu a ligean tharam gan duine amháin seachas aon duine eile a lua agus sin é Nollaig Ó Gadhra, go ndéana Dia grásta air.

"Ba é Nollaig an fear a bhíodh ar an nguthán agamsa chuile oíche Dhomhnaigh agus liosta fada aige agus é ag tabhairt amach faoin roinn seo nó an roinn siúd, nó an comhphobal, nó an
pharlaimint nach raibh in ann freagra a chur chuige ina theanga féin.

“Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé tábhachtach go smaoineodh muid air agus dá mbeadh sé anseo inniu tá a fhios agam go mbeadh sé chomh bródúil is atá mise.”

Is féidir teacht ar an leagan Gaeilge den láithreán ag euireland.ie.