Cúrsa nua ‘ceannródaíoch’ Idirbhliana le seoladh sa Rinn

Seolfar cúrsa úrnua do dhaltaí na hIdirbhliana i nGaeltacht na nDéise an mhí seo, a scríobhann Catherine Foley. Beidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i láthair leis an chúrsa a lainseáil.

Is trí mheán na Gaeilge go hiomlán a reachtálfar clár na hIdirbhliana nua seo sa dá institiúid oideachais atá lonnaithe ar leithinis na Rinne, Meánscoil San Nioclás i gcomhpháirtíocht le Coláiste na Rinne.

Clárófar daltaí mar dhaltaí na meánscoile agus leanfaidh siad cúrsaí acadúla agus curaclaim de réir chlár Idirbhliana na meánscoile.

Cuirfear lóistín iomlán cúig oíche sa tseachtain ar fáil do dhaltaí i gColáiste na Rinne agus is ansin a thabharfaidh siad faoin iliomad cúrsaí seach-churaclaim tar éis uaireanta scoile.

READ MORE

Le linn na bliana leanfar leis an gcúrsa aitheanta TEG (Teastas Eorpach sa Ghaeilge) le deimhin a dhéanamh de go dtabharfar dúshlán na ndaltaí a mianach a bhaint amach ag an leibhéal cuí. Eagrófar ceardlanna sna meáin agus i léiriúchán scannáin/teilifíse mar chuid lárnach den chúrsa.

Beidh an chéad ghrúpa de scoláirí ag freastal ar an gcúrsa seo i Meán Fómhair 2016.

Leagann Séamus Ó Cadhain, príomhoide Mheánscoil San Nioclás, béim ar thábhacht agus ar bhuntáistí an tumoideachais don fhoghlaimeoir Gaeilge: “Feictear sa togra seo teacht le chéile mórán de bhuanna ilghnéitheacha Ghaeltacht na nDéise, a chuirfidh neart leis an Idirbhliain cheannródaíoch seo agus a leagfaidh bunchloch dhaingean fúithi.”

Deir Liam Suipéil, bainisteoir Choláiste na Rinne, go bhfuil an-éileamh ar a mhacasamhail de chúrsa: “Bímid ag éisteacht le hiarscoláirí dílse Scoil na Leanaí agus an choláiste ar fud na tíre agus is deas linn go bhfuil áiseanna den chéad scoth againn anseo i gColáiste na Rinne, rud a chuireann ar ár gcumas freastal orthu go héifeachtach.

“Táimid ag coinne go mór leis an Idirbhliain seo i nGaeltacht na nDéise a chur chun cinn i gcomhpháirtíocht le Meánscoil San Nioclás a bhfuil dlúthcheangal láidir, fónta againn léi le fada an lá.”

Bunaíodh Coláiste na Rinne i 1905 agus tá freastal déanta acu ar phobal na Gaeilge ó shin.

Tá an-suim léirithe sa chúrsa Idirbhliana seo cheana féin, ach, deirtear go bhfuil líon áirithe d’áiteanna fós ar fáil agus go dtiocfaidh an chuid is mó de na daltaí ó cheantair lasmuigh de Phort Láirge.

Creidtear go mbeidh an cúrsa nua seo an-oiriúnach do dhaltaí a bheidh ag tabhairt faoi scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta agus do dhéagóirí gur suim leo an Ghaeilge, cúrsaí cultúrtha agus oidhreachta.

D’oirfeadh sé do dhaltaí a mbeadh suim acu gairmeacha beatha a leanúint i réimsí an oideachais, an dlí, na meáin, na hiriseoireachta, na teangeolaíochta agus an aistriúcháin agus i ngairmeacha eile nach iad.

Creidtear go mbeidh luach leis an gcúrsa ach go háirithe mar go mbeidh rang amháin ann agus na mic léinn sáite sa Ghaeilge ón dtús.

Eolas: www.anrinn.com/media/idirbhliain