Bothar an fhasaigh

Beocheist: The Maori are attempting to restore pride through native place-names, writes Torlach Mac Con Midhe

Beocheist: The Maori are attempting to restore pride through native place-names, writes Torlach Mac Con Midhe

TÁ mé ag taisteal le roinnt de mo mhuintir trí cheartlár Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne. Táimid thuas i measc na sléibhte. Ar thaobh amháin den bhóthar feicimid an dá bholcán mhóra, Ruapehu agus Ngauruhoe.

Tá sneachta ar Ruapehu, an ceann is airde, ach tá Ngauruhoe ina thoirt mhór dubh agus scamaill timpeall a mhullaigh. Is bolcáin bheo iad seo.

Is minic gur bhriseadar amach, laibhe agus luaith bholcánach á caitheamh acu ar an talamh ina dtimpeall. An uair dheiridh gur tharla sin ná sé bliana ó shin.

READ MORE

Tá an oiread sin luaithe bolcánaí tite ar an réimse seo tíre ó thús an tsaoil nach bhfásann tada ann: crann; tor ná bláth. Ní fheictear ach tomóga féir tirim doinn i ngach áit. Tá an chré mar a bheadh gaineamh ann.

Agus tú ag féachaint ar an áit, smaoineofá ar phortach sléibhe in Éirinn, ach amháin nach bhfuil mórán uisce sa talamh anseo. Bóthar an Fhásaigh a thugtar ar an bhóthar trí gharbhchríocha an Oileáin Thuaidh. Fásach atá anseo le fírinne.

Tá ciúnas uaigneach ann. Nuair a stopaimid an gluaisteán ar thaobh an bhóthair chun ár gcosa a shíneadh, ní chloisim ach na fuiseoga ag canadh sa spéir - fuiseoga a thionscnaíodh ón SeanDomhan agus atá lonnaithe go flúirseach thuas anseo, de réir dealraimh.

Tar éis tamaill, stopann bus turasóireachta ag an áit chéanna. Tagann scata ban Síneach amach chun féachaint ar an radharcra. Tá ceamaraí ina nglac acu agus ní theastaíonn uathu ach grianghraif a dhéanamh dá gcéile in éineacht le bean de chuid mo mhuintire.

Gáireann siad go haoibhinn. Níl focal ar eolas acu chun iad féin a chur i láthair ach "Beijing, Beijing". Cúpla neomat arís agus greadann siad leo sa mbus. Fágtar sa chiúnas leis na fuiseoga sinn. An taibhreamh a bhí ann?

Cheapfá, agus tú ag féachaint ar na garbhchríocha seo, go raibh mallacht éigin ar an áit nó, chun focal na Maoraise a úsáid, go raibh sí tapu. Agus is fíor go bhfuil baint ag na bolcáin seo le seanchas dhéithe na Maori. Is sprideanna cumasacha iad na bolcáin agus is minic achrann eatarthu agus iad ag briseadh amach i racht feirge, de réir na seanscéalta.

Thuig na Maori an fhearg seo agus bhí umhlaíocht acu di. An nuair a tháinig an pakeha, an duine geal, is beag tuiscint a bhí aige dá leithéid. Ní raibh uaidh ach na coillte a loscadh agus a leagadh agus páirceanna fairsinge feirme a chur ina n-áit, tréada bó agus caorach bheith aige.

Ach tá áiteanna sa Nua-Shéalainn nár ghlac an duine geal seilbh orthu riamh.

Anseo, mar shampla, mothaím go bhfuil na seandéithe i réim mar a bhí leis na cianta. Deir mallacht na ndéithe: ní libhse an tír le fírinne; is linne í go deo.

Tá fuaimniú na logainmneacha Maori á fhoghlaim agam ó mo chara Geoff Toa. Tá na gutaí mar atá siad sa Ghaeilge beagnach; agus ní chuireann "ng" ag tús focail aon stró ar Ghaeilgeoir ach oiread.

Déanann lucht na pakeha praiseach de na hainmneacha seo toisc défhoghair Bhéarla na Nua-Shéalainne a chur leo. Is amhlaidh go mbíonn na hainmneacha rófhada ag na pakeha go minic.

TUIGFIDH lucht na Gaeilge go bhfuil baint ag logainmneacha le dinnseanchas, le dúchas agus i ndeireadh na dála le seilbh talún.

Is minic gurb ionann tuiscint an ainm agus tuiscint do dhúchas na háite, mar ní gan fáth a tugadh an t-ainm.

Le blianta beaga anuas, tá na Maori ag éileamh go bhfuaimnítear agus go scríobhtar na logainmneacha seo de réir na foirme cuí. Déanann lucht teilifíse agus raidió an-iarracht anois chun fuaim na Maoraise a chur le logainmneacha dúchasacha.

Má tá na pakeha ag iarraidh bheith dílis do logainmneacha na Maoraise, is cinnte go bhfuil cuid mhaith den "political correctness" i gceist.

Ach tá ciall eile leis an scéal, freisin.

B'fhéidir go dtuigeann daoine nach mbeidh fíorbhaint acu leis an tír seo, le talamh álainn na Nua-Shéalainne, go dtí go mbeidh tuiscint acu do dhinnseanchas na ndaoine a bhí anseo na céadta bliain rompu.

Bhí déithe na Maori i réim anseo i dtús báire. Féachann siad anuas go fóill ó mhullaí na mbolcán, i measc an tsneachta, na scamall, na tine nach múchfar go deo. Ó am go chéile briseann a bhfearg amach agus déanann siad fásach donn de gharbhchríocha na Nua-Shéalainne arís.