Boca Feirste

SEOLFAIDH GEARÓID Trimble, clárbhainisteoir le Foras na Gaeilge, clár Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mbialann La Boca, Sráid…

SEOLFAIDH GEARÓID Trimble, clárbhainisteoir le Foras na Gaeilge, clár Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mbialann La Boca, Sráid an Fhuaráin, i mBéal Feirste inniu ag 5pm.

Tá Coiste Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain ag reáchtáil scoil samhraidh i dtuaisceart na cathrach le 11 bliain agus dúirt urlabhraí thar a gceann, Niall Ó Maitiú, go raibh an fhéile “ag dul ó neart go neart”. Bhí 160 duine fásta cláraithe do ranganna Gaeilge cheana féin agus os cionn 100 páiste do cheardlanna ealaíne.

Dúirt Ó Maitiú go mbeadh “réimse mhór imeachtaí” ar siúl i mbliana agus go raibh an fhéile anois ar cheann de na himeachtaí Gaeilge ba mhó sa tír.

Bhí "clár iontach" ann arís, a dúirt sé, agus ar bhuaicphointí na hócáide, bheadh leagan Gaeilge de Stonesin His Pocketsle Marie Jones, arna léiriú ag Aisling Ghéar; ceolchoirm le ceoltóirí na hAlban, ina measc Maeve McKinnon, agus ceolchoirm mhór in Óstán an Europa le críoch a chur le cúrsaí.

READ MORE

Beidh an fhéile ar siúl idir an Aoine 26ú Iúil agus an Domhnach 1ú, Lúnasa

  • Eolas: 048-90749688 nó www.ccmr156.com