Bean an Iarainn ar iarraidh

Ba gheall le carachtar as cartún an íomhá phoiblí a bhí ag Thatcher

Cad a dhéanfaimid feasta gan Thatcher? Bhí ról agus feidhm aici i scéal reatha na hÉireann. Ba gheall le carachtar as cartún an íomhá phoiblí a bhí aici le 30 éigin bliain anuas. Cé mhéad uair a chualamar an mana ó lucht máirseála: “Maggie, Maggie, Maggie, out, out, out!”

Bhí sé éasca ag muintir na hÉireann – roinnt acu ar a laghad – an ghráin a bheith acu don pholaiteoir Sasanach seo a bhí chomh diongbháilte le linn na stailceanna ocrais ag tús na 1980í – de réir cosúlachta ar a laghad.

Bhí sí ar nós íomhá scátháin den sórt poblachtánaigh nó náisiúntóra nach bhfeiceann ach an t-aon bhealach amháin le fadhb a réiteach: cuir glan in aghaidh an té atá os do chomhair amach.

Bíonn an gnáthdhuine freisin trína chéile le scéal casta na polaitíochta agus bíonn sé nó sí i bhfad níos compordaí nuair a chuireann ceannaire amach teachtaireacht shimplí: go háirithe ceannaire ar “an taobh eile”.

READ MORE

Bhí sé éasca Thatcher a fheiceáil mar pholaiteoir eile Briotanach a raibh fuath aici don tír seo, agus ní raibh fonn ar mhórán daoine breathnú níos doimhne isteach sa scéal.

Ach le cúpla bliain anuas tá níos mó eolais faighte againn i dtaobh na stailceanna ocrais, mar shampla.

Mar a foilsíodh ar phríomhleathanach an pháipéir seo ar 30ú Nollaig 2011, chuir Thatcher féin teachtaireacht chuig ceannaireacht an IRA, tar éis don chéad cheathrar bás a fháil. Leag sí amach bealaí leis an ngéarchéim a réiteach.

Níor ghlac na Sealadaigh leis an dtairiscint sin uaithi. Ach tuairiscítear go raibh fadhb acu leis an meon a léiríodh sa teachtaireacht seachas na sonraí a cuireadh os a gcomhair.

Is léir mar sin go raibh difríocht, ó am go chéile, idir an íomhá phoiblí a bhí aici agus an chaoi ina ndearna sí a cuid gnó go príobháideach mar pholaiteoir. Déan comparáid le príomhairí eile a bhí i Sráid Downing le tamall maith anuas: ní raibh an íomhá chéanna ag leithéidí James Callaghan, John Major, Tony Blair ná Gordon Brown.

I ngach cás acu siúd, bhí íomhá acu mar ghnáthpholaiteoirí a bhí ag iarraidh bóthar a thaisteal idir na campaí naimhdeacha (ach amháin i gcás Blair agus an Iaráic – botún stairiúil ar ndóigh.) De ghnáth léirigh siad an mana gurbh ionann an pholaitíocht agus ealaín an chomhréitigh.

Bhí Thatcher sásta comhréiteach a lorg chomh maith, ar bhonn príobháideach – mar is léir ón dtuairisc úd ar na stailceanna ocrais. Ach, ag an am céanna, chothaigh sí íomhá chrua phoiblí mar “Bhean an Iarainn”.

Bhain sí buntáistí móra polaitiúla as an íomhá chéanna. Cé mhéad uair a bheidh orainn sna laethanta amach romhainn breathnú uirthi ag rá ar an dteilifís: “The lady’s not for turning.”

Tháinig an tréith úd chun tosaigh le linn na géarchéime faoi na hOileáin Falklands/Malvinas.

Dúirt Cathal Ó hEochaidh ag an am gur cogadh “áiféiseach” a bhí ann agus, pé rud a cheapann tú faoin iarthaoiseach, tá sé deacair an ráiteas sin uaidh a shéanadh.

Sa chogadh úd, fuair an méid seo daoine bás: 649 ón Airgintín, 255 as fórsaí armtha na Breataine agus triúr de mhuintir na n-oileán iad féin.

Sin 907 marbh ar an iomlán: an chuid is mó acu daoine óga a raibh saol iomlán os a gcomhair amach.

Agus cé mhéad duine a bhí ina gcónaí ar na hoileáin chéanna ag an am sin? Bhí 1,820 duine ar an iomlán – gan trácht ar na caoirigh.

Ach bhí roinnt mhaith de phobal na Breataine breá sásta leis an seasamh a ghlac Thatcher. Níl sé áibhéalach a rá go raibh "tart fola" le sonrú i réimsí áirithe. Fiú nuair a bhí an scannán ar Thatcher le Meryl Streep á thaispeáint le deireanas, tuairiscítear go raibh béiceáil agus bualadh bos nuair a d'ordaigh rialtas Thatcher an Belgrano , long cogaidh de chuid na hAirgintíne, a chur go tóin poill.

Nílim ag rá go raibh sé ceart ná cóir an t-ionradh a rinne rialtas gránna míleata Buenos Aires ar na hoileáin. Ach níor tugadh deis cheart do na bealaí taidhleoireachta chun an fhadhb a réiteach.

Maidir le Tuaisceart Éireann, ainneoin an tseasaimh dhian phoiblí a ghlac Thatcher ar na stailceanna ocrais, bhí sí i bhfad nios réchúisí tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.

Tá an iomarca déanta as an ráiteas “Out, out, out” a tháinig uaithi i dtaobh na moltaí as an bhFóram Nua-Éireann.

Ní raibh na moltaí céanna réadúil i dtéarmaí polaitíochta. Ach is trua nár labhair Thatcher pas beag níos ciúine agus níos séimhe nuair a d’fhreagair sí an cheist: cé nach bhféadfá bheith ag súil le cur chuige mar sin óna leithéid.

Bhí an tacaíocht a thug sí don Chomhaontú Angla-Éireannach sa bhliain 1985 an-tábhachtach do thodhchaí an oileáin seo.

Den chéad uair ariamh lenár linn, ghlac príomhaire Briotanach seasamh in aghaidh na n-aontachtóirí den eite dheis. Cruthaíodh bonn don phróiseas síochána agus an socrú atá ann faoi láthair.

Is cosúil go raibh aiféala ar Thatcher dá bharr agus go ndúirt sí gur chuir na Meiriceánaigh brú uirthi chun tacú leis an gcomhaontú.

Deirtear gur labhair ‘Tip’ O’Neill leis an uachtarán Reagan agus go ndeachaigh seisean i bhfeidhm ar Thatcher chun an rud ceart a dhéanamh i leith an Tuaiscirt.

Caithfimid suaimhneas a ghuí d’anam duine ar bith a fhaigheann bás, Máiréad Nic an Tuíodóra ina measc.

Ní féidir a shéanadh nach mbeidh a leithéid arís ann – má bhíonn an t-ádh linn.