An fhíortheist, an fhíorcheist

An pobal fial fáilteach muid i ndáiríre? An bhfuil fonn orainn cuidiú le daoine eile?


‘Is oscailte fáilteach an tír sin Éire,’ mar adúirt an file, agus gan aon agó, is fearr ná sin sinn go mór is go fada. Táimid comhbhách, tuisceanach, liobrálach, leathanaigeanta oiread is nach ndéanfadh dochar do chuileog féin.

Tá ár gcroí ar leathadh againn, agus mothaímid a bpian fad gach n’fhad. Tá deireadh le fimínteacht, le cúla téarmaí, leis an mála donn páipéir agus le gach uafás mar sin a bhain leis an seansaol atá á scuabadh siar isteach sa stair níos mire ná eascann as do ghlac.

Gan amhras, ní miste an bualadh uchta náisiúnta mar tugann aclú coirp dá lán, agus tá go maith tuillte go minic.

Anois go bhfuil an méid sin thart go fóill agus go mbraithimid go maith fúinn féin arís, níor bheag liom féin go dtabharfaimis aghaidh ar na scannail atá ar lic an dorais againn féin láithreach bonn baill. Smaoinítear air: shábháilfí na milliúin euro ar bhinsí fiosraithe sna blianta amach romhainn.

READ MORE

Tá buachaill óg le díbirt lá ar bith feasta as an tír seo ina bhfuil sé ina chónaí ó bhí sé dhá bhliain d’aois. Tá sé 14 mbliana anois, agus ní heol dó áit ar bith eile. Nonso Muojeke atá air, agus tá sé ag freastal ar Choláiste Thulach Mhór i gCo Uíbh Fhailí.

Níl saoránacht Éireannach aige in ainneoin é a bheith anseo ar feadh 12 bhliain slán. Is beag dá mhearbhall orm dá mba gur saolaíodh anseo féin é go bhfuil an uile sheans ann go ndíbreofaí chomh cinnte céanna é.

Ná cuireadh seo aon bhuairt ort, mar cuimhnítear gurb ar son a leithéid seo a vótáileamar sa reifreann ciníoch sin sa bhliain 2004.

Agus ar eagla an dearmaid, vótáil 80 faoin gcéad ar son cearta díbeartha na n-imirceach an bhliain sin. Is ea, táimid oscailte, fáilteach, liobrálach, dul-chun-cinniúil.

Má ritheann deora leat, cuirtear an ciarsúr ar ais id phóca, mar is ródhócha gur tusa duine díobh siúd a chuirfidh na glais lámh air agus é a shacadh isteach san eitleán chun críche nach eol dó.

Mar dhlúthchuid den scannal seo tá an náire sin a dtugtar ‘soláthar díreach’ go bog sofhriotalach air.

Is é sin le rá, teifigh agus lucht iarrtha tearmainn (abraimis go díreach, daoine) carcaraithe ar feadh na mblianta gan chead oibre ná lonnaithe acu.

Mo leithscéal, tá cead anois acu obair a dhéanamh, fad is gurb obair í a thuillfidh €30,000 in aghaidh na bliana, agus tá trí scór éigin cineál jab cosctha orthu.

An tseachtain seo caite féin, rialaigh an Chúirt Achomhairc in aghaidh an rialtais i gcás máthar ar diúltaíodh liúntas leanaí dá hiníon trí bliana d’aois toisc nach raibh cead lonnaithe sa Stát aici féin.

Á sea, leanbh beag iníne, bhrisfeadh sí ciste na tíre dá dtabharfaí crústa aráin di.

Ach ná cuireadh aon phioc de seo isteach ar an gcoinsias nua liobrálach oscailte fáilteach leathan croí-oscailte. Tar éis an tsaoil, vótáileamar go tréan is go láidir ar son cearta díbeartha leanaí, agus dheineamar é leis an rince gairdeachais sin is dual don té a bhaineann.

Nár cheart dóibh a bheith buíoch nár báthadh i loch an bháis arb í an mheánmhuir í, nó nach bhfuil buamaí na Rúise agus na Stát Aontaithe ag gabháil steallaidh orthu!

D’fhéadfadh an tAire Dlí (agus Cirt?) trócaire nó go fiú comhbhá nó go deimhin ‘compassion’ féin a thaispeáint do Nonso Muojeke le scuabadh amháin dá pheann atá ar sileadh le taise agus le trua, más fíor.

Seo í an fhíortheist orainn inniu, níl in aon rud eile ach bladar.