An dlí aniar aduaidh

Ní bheidh fonn ar an Rialtas tabhairt faoi reachtaíocht nua ar an ghinmhilleadh


Fíor-aistriúchán ar ráiteas an Aire Dlí Frances Fitzgerald faoi chás na mná eachtrannaí a bhí ag iarraidh deireadh a chur le toircheas ná nach rachaidh an Rialtas faoi scread asail den ábhar seo roimh thoghchán.

Dúirt an tAire nárbh fhéidir léi aon tuairim faoi chásanna ar leith a thabhairt ach go ndéanfaí “monatóireacht” ar an bpíosa reachtaíochta a rialaíonn a leithéid. Is minic ráite é gur capall deartha ag coiste is ea asal.

Agus is féidir é sin a rá faoi reachtaíocht ar chúrsaí conspóideacha a chuireann rialtas le chéile go tapa agus faoi eagla.

Is í an straitéis is ansa le rialtais iarracht a dhéanamh gach taobh a shásamh. Is annamh go léirítear ceannaireacht chróga ar chor ar bith in Éirinn má tá eagraíocht chomh láidir leis an Eaglais Chaitliceach ina seasamh le taobh amháin.

READ MORE

Is é an “branda” atá ar an gcineál dlí a thagann amach an easpa ceannaireachta seo ná “an Irish solution for an Irish problem” mar a thug Charles Haughey air gan leide soiniciúlachta agus é ag trácht ar dhlí faoi fhrithghiniúint sna 1970í.

Ba léir ó na heachtraí a d’fhág Savita Halappanavar marbh in ospidéal na Gaillimhe go raibh práinn le dlí nua i gcás ban a bheadh i gcontúirt an bháis de bharr fadhbanna toirchis. Thuig an Rialtas an phráinn agus thug siad faoi reachtaíocht a thabhairt isteach. Rinneadh é sin go tapa agus díospóireacht fhíochmhar ar siúl taobh istigh agus taobh amuigh de Theach Laighean. Glacadh sa deireadh leis an Acht Um Chosaint na Beatha le linn Toirchis.

Bhí an éacht déanta nach ndearna aon rialtas roimhe; bhí Dia sna Flaithis agus máthair mhaith aige, measadh. Chéad ghnó eile.

Ach, tá dlí eile ann a rialaíonn cúrsaí an chine daonna – “Dlí Uí Mhurchú” – agus aithníonn muid uile é: más féidir le rud olc tarlú, tarlóidh sé agus tá féith láidir ghrinn ag Mac Uí Mhurchú. Thabharfá an leabhar go mbíonn sé ag fanacht le bob a bhualadh ar aon rialtas a dhéanann iarracht dlí nua a chur i bhfeidhm i réimse an ghnéis, na breithe nó cúrsaí pósta.

Bhí taibhse mallaithe “Cás X” ag fanacht chun plaic a bhaint as an Rialtas. Nuair a mheas an Rialtas go raibh freastal déanta ar gach aon taobh den scéal – ach amháin corrchás nach dócha go dtarlódh – léim an eisceacht amach as an mbosca.

Sa gcás seo, tuairiscítear tar éis éigniú ar bhean óg eachtrannach, fuair sí amach go raibh sí ag iompar agus tar éis ocht seachtainí, d’iarr sí ginmhilleadh faoi alt a 9 den Acht.

Ceadaíonn alt a 9 a leithéid má mheasann painéal triúir (beirt síciatraí agus comhairleoir leighis) go bhfuil baol féinmharaithe ar an mbean.

Is cosúil go raibh moill ann go dtí gur aontaigh an bheirt síciatraí go raibh baol féinmharaithe ann.

Ach, cheap an comhairleoir leighis go bhféadfaí an leanbh a shaolú gan beatha na máthar a chur i mbaol.

Chuaigh an bhean, áfach, ar stailc ocrais agus dí mar léiriú ar a mian fhéinmharaithe agus fuair an Feidhmiúchán Seirbhísí Sláinte ordú cúirte len í a choinneáil beo. Ghéill an bhean ansin don gcinneadh agus saolaíodh an leanbh tré ghearradh Caesarach.

Léiríonn an scéal seo laige sa reachtaíocht a chuireann ualach ar dhochtúirí a léamh féin a bhaint as an Acht nuair a bhíonn cosaint na máthar agus an linbh sa mheá.

Cé againn a bheadh sásta cinneadh a dhéanamh faoi bhean a mhaíonn go bhfuil baol féinmharaithe uirthi?

Ach, a deir tú, nach í sin an chúis go bhfuil an bheirt síciatraí ann? Agus an ceart agat, ach féach gur comhairleoir gan aon traenáil i gcúrsaí meabharghalair a dhiúltaigh cinneadh d’aonghuth a dhéanamh as, rud a éilíonn an tAcht.

“Barbarach,” an focal atá úsáidte ag Comhairle na mBan faoin mbealach ar láimhseáladh an cás seo. “Cosaint na beatha,” a thabharfaidh dreamanna eile air gan dabht. Ach aontóidh gach aon dhuine go bhfuil gá anois le breathnú arís ar an reachtaíocht seo.

Seo an áit a bhfuil an fhadhb don Rialtas. Tá sé ráite ag Joan Burton, mar fhreagra ar thuairisc na Náisiún Aontaithe ar chearta ban anseo, nach bhfuil aon rún ag an Rialtas reifreann eile a bheith acu ar an gceist. É sin ó bhean atá ina Tánaiste cé gur dhamnaigh an Coiste Cearta dearcadh an Stáit ar choirp ban a léiríodh i ndlíthe.

Ach, cosúil le Frances Ftizgerald, beidh Joan Burton, a fuair léiriú deas tacaíochta sa bpobalbhreith is déanaí, ag súil go n-imeoidh an cás seo le gaoth agus le nuacht an lae inné. Beidh siad beirt ag guí nach dtiocfaidh aon scéal eile chun cinn.

Ach b’fhiú dóibh éisteacht leis an Aire Sóisearach Aodhán Ó Ríordáin atá ag moladh athchuairt ó bhun ar an ábhar achrannach seo ar dhá chúis: níl a lán ban chun ligint don gcás seo imeacht as radharc nó tá siad an-oibrithe faoi agus tá “Ó Murchú” ag faire ar a sheans.