an cruinniu

Crobhingne: Bhí aithne agam ar dhuine uair amháin a shuíodh sa bhall céanna díreach i gcónaí le linn cruinnithe

Crobhingne: Bhí aithne agam ar dhuine uair amháin a shuíodh sa bhall céanna díreach i gcónaí le linn cruinnithe. Siar ó thuaidh ón gcathaoirleach, nó tuairim is a deich chun a deich mar adéarfadh lucht an chloig.

Dá ngabhfadh aon duine eile chun na háite sin isteach roimhe is é a bhíodh míchompordach, corrathónach, agus go deimhin féin, dothíosach.

D'fhiafraigh mé de an toisc go raibh sé chomh tugtha don ionad sin cruinn díreach gan aon áit eile a bhac. Dúirt sé gurbh amhlaidh gur dhein sé cúrsa uair amháin i Meiriceá (cén áit eile?) a chruthaigh gurbh í an áit sin ba mhó údarás in aon seomra cruinnithe, agus gur dheimhnigh sé go mbeadh aird an chathaoirligh air. Más féidir leis an eolaíocht a chruthú go mbíonn níos lú airgid ag daoine bochta, cé mise le cur in aghaidh na gaoise sin?

Is ina dhiaidh sin a rith sé liom gur samhail é an cruinniú de na cineálacha daoine a bhuaileann umainn ar ár gcuid siúlta lae. As ceartlár mo chuid saontachta, cheapainn go mbeadh ponc le cur abhaile ag duine, go n-osclódh sé a bhéal, go ndéanfaí é a mheas agus a phlé, agus go dtiocfaí ar chinneadh go réasúnta. Ba ghairid gur tuigeadh dom nach mar sin a bhíonn ach go n-iompraíonn gach duine é féin i lúib chruinnithe de réir a ghné.

READ MORE

An fear ar ball a chuir a chuid dóchais sna heolaíochtaí buile, níorbh é ba mheasa. Go deimhin, bhí soineantacht éigin ann, an tsoineantacht sin a ghéilleann d'aistí nua bia le creideamh an fhundaimintigh nó a ghlacann le teibíochtaí síceolaíochta faoi mar ba charraigeacha bóthair iad.

Is cinnte nach aon nath é suas is anuas le Neach na Rialacha. Sin é an duine a bhfuil gach cor is casadh is cuas de nósimeachtaí an chruinnithe ar bharr a ghoib aige, agus nach féidir le haon duine poll a ascaille a thochas sa ghátar gan chead uaidh. Bhí mé ag cruinniú uair eile nuair a bhí deireadh an domhain ag teacht maidir leis an ngnó a bhí ar bun againn, ach ba mhó ag duine de na Neachanna seo go gcomhlíonfaí na rialacha ná go slánófaí an domhan. Tá aithne againn go léir air: an guth caol tanaí ag píopaireacht, an béal tirim ag fógairt, agus an ceart suite ina reacht ar a éadan.

Ní fada ina dhiaidh a thagann an Dúrdhiúltóir. Sin é an duine a mbíonn cúis aige cur in aghaidh gach beartais, dá fheabhas é. Ní dúirt rud dearfach faoi rud ar bith lena bheo. Fanann ina thost go dtí go ndéantar moladh. Ansin músclaíonn le liodán fada de na cúiseanna nach féidir an gníomh áirithe sin a dhéanamh. Tá réiteach agat ar ocras na cruinne, ach (a) níor déanadh aon taighde fós ar an tionscnamh, (b) ní hé seo an bealach ceart lena dhéanamh, (c) ní hé seo an t-am ceart ach oiread, (d) ní mór gach duine a bheith ar aon fhocal faoi, (e) ní fiú an plean a thriail mar nach bhfuil sé foirfe. Is é an moladh is réabhlóidí dar dhein sé riamh ná go gcuirfí coiste ar bun. É gann ar an milseacht bhriathar agus fada ar an tsínteoireacht aimsire.

A mhalairt úd arís An Néallach Aerach, ach an aidiacht sin gan a bheith ag comharthú na céille nua atá tiomsaithe aici. Bíonn pleananna agus scéimeanna ag an duine seo ceart go leor ach gan aon róbhaint a bheith acu leis an bpláinéad seo ná ceann ar bith eile i neas dúinn. É chomh hidéalach leis an gCríostaíocht ach chomh do-shroichte leis an naofacht.

Ach is é An Bhalaics a thógann an chraobh gach lá solais. Tá daoine ann adéarfaidh gur drochfhocal é sin nár cheart a úsáid in aon chomhluadar roimh a naoi a chlog istoíche, ach ní chreidim féin go bhfuil a leithéid d'ainmhí briathar ann agus drochfhocal. Is oiriúnaí é ná bithiúnach nó cladhaire nó bligeard nó ainscian duine nó gadhar gaimh nó broc míbhéasach nó na céadta focal breátha eile is gá a bheith agat chun teacht slán.

In aon dáil daoine os cionn líon na n-aspal is ann a bhíonn sé. Duine drochmhiotalach a chnuasaíonn le chéile na drochthréithe cheana go léir, agus a thuilleadh faru. Bíonn sé achrannach agus mímhúinte, ní ghéilleann sé orlach oráisteach, tugann fogha phearsanta nuair is gá, sunc leathfholaigh nuair a oireann, agus ní ghabhann a straois gháire níos sia riamh ná a chuid fiacla. Is é is measa faoi ná go mbíonn daoine ag iarraidh é a shásamh le hionchas is dá labhrófaí go híseal leis go n-ísleodh sé a ghuth.

Mura gcreideann tú mé, bí ag faire ag an gcéad chruinniú eile den chomhar creidmheasa, den chumann áitiúil, den choiste baile, de chomhairle na dtuismitheoirí