An baidhreó dearg agus an tuairisc

Ní raibh eagla ar Ruairí Quinn athruithe a dhéanamh


Sa bhunscoil dúinn thagadh an tuairisc bhliantúil.

Go maith.

Go lag.

Ar fheabhas.

READ MORE

D’fhéadfaí iarracht níos fearr a dhéanamh.

Tá an bhunscoil agus an ardscoil agus an ollscoil agus uascoil na hAireachta fágtha anois ag Ruairí Quinn agus b’fhéidir nár mhiste an tuairisc a líonadh isteach le baidhreó dearg.

Níl aon amhras ná go raibh sé dícheallach.

Níl aon amhras nárbh eisean an straingceachán ar chúl an ranga ag imirt mirlíní nuair a bhí an múinteoir bocht ag iarraidh an dara cogadh Púnach a mhúineadh do dhaoine nár chás leo ach an chéad chluiche rugbaí eile.

Níl aon amhras ná gur chuaigh sé isteach sa pholaitíocht ar son “difear a dhéanamh”.

Níor bhall d’Fhianna Fáil é a raibh pócaí domhaine acu, ná d’Fhine Gael a bhí in ann cleasa droma draíochta a dhéanamh de na dlíthe pleanála.

Ba dhuine den “réabhlóid bhog” sin UCD 1968 a thuismigh réabhlóidithe chomh dáiríre le Garret Fitzgerald agus Kevin Myers é.

Dá mba aithris lag a gcuid gníomhartha siúd ar a raibh ar siúl i bPáras ar son an fhaisin, tá chomh maith é sin a scaoileadh tharainn.

Ní féidir a bheith ag súil go dtuigfeadh mic léinn mheánaicmeacha boga UCD go raibh daoine amuigh ansin sna críocha dorcha ag lorg cearta thairis ar léachtaí níos neamhleimhe ó Roinn na Polaitíochta sa choláiste.

Ba dhóigh leat ar ár Ruairí agus ar a chomrádaithe go raibh siad ar son an tsaoil a chur bunoscionn agus tóin thar ceann.

Ní hé nár chuir sé a bhundún, nó pé bundún a bhí aige amach. Bhí ar an mbeagán sin polaiteoirí a chreid i rud éigin.

Tá chomh maith creidiúint i rud éigin seachas faic.

Fiorbheagán de pholaiteoirí Fhianna Fáil ná Fhine Gael a chreideann i ngiob ar bith. Caidéal an pharóiste, gan amhras, agus an tsochraid is déanaí.

Ar a laghad, tá ag dul don Luch Oibre go ligeann siad orthu go bhfuil an rud a dtugtaí “polasaí” air fadó, agus “fís” air anois, acu.

Tá cuma an phrionsabail orthu, más cuma faoi na prionsabail féin.

Bhí sin riamh anall ag Ruairí, an dícheall chun rud éigin a chur i gcrích.

Nuair a bronnadh Aireacht an Oideachais (agus Scileanna) air, is é a bhí ar sheol na braiche.

Fearann is ea an t-oideachas inar féidir leat do chuid ba idé-eolaíochta a chomáint thar abhainn gan an iomad airgid a chur amú ar an aoire.

Agus bhí tréad bó ag Ruairí, tread a tháinig amach de ruathar as machaire a chuid réamhchlaonta féin.

B’é an chéad cheann díobh sin ná gurbh éigean smacht na hEaglaise Caitlicí, agus eaglaisí eile, mar bhainisteoirí ar scoileanna a bhriseadh.

Níl aon amhras ná go bhfuil argóintí maithe móra ar son athruithe bainistíochta a dhéanamh ar scoileanna an Stáit, agus tá na heaglaisí éagsúla iad féin chun tosaigh sa díscaoileadh seo.

B’é ruathar Ruairí, áfach, go raibh sé ag cur i gcoinne toil an phobail go minic ionas gur thit a chuid pleananna síos le plab de phleist i bpoll dá dhéantús féin. Bhain sé slat, mar a déarfá, a sciúraigh é féin.

Ina dhiaidh sin, rinne sé an botún is mó is féidir le lucht pleanála a dhéanamh: chreid sé torthaí suirbhé!

Níos measa ná sin, chreid sé suirbhé oideachais!

Tháinig scaoll agus líonrith aigne air nuair a d’fhógair túr claonta PISA (Programme for International Student Assessment) go rabhamar tar éis titim go tubaisteach i léig na litearthachta sa bhliain 2009/10 in ainneoin a bheith go hard ar domhan in 2000, 2003 agus 2006.

In ionad an toradh a cheistiú go cop-on-úil (agus ceann a thógáil de go raibh “ass” mar shlánchuid den fhocal “assessment”) thóg sé an deimheas agus an tua agus an sábh leictreach amach chun deireadh a chur le riachtanas léitheoireachta litríochta i measc ábhar múinteoirí.

Nuair a d’athraigh PISA a n-aigne agus gur léimeamar go cangarúil nach mór ar ais go dtí barra na léige ar domhan sa bhliain 2012, níor fhógair sé deireadh leis an ngéarchéim. Óir cad is Aire Oideachais (agus Scileanna) gan ghéarchéim?

Agus ansin, ina dhiaidh sin ar fad, dhíbir sé an stair mar ábhar riachtanach sa Teastas Sóisearach coillte.

Ba chiallmhar an mhaise dó ineistiú dá leithéid a dhéanamh san aineolas.

Mar an túisce is a dhéanfar dearmad air is ea is luaithe a bheimid in ann an dochar a leigheas.

Ní beag sin de scrios mar le hAire amháin ar bith.