Aighneachtaí le hullmhú ag ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí

Beidh ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, Dé Sathairn, in Áras Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath.

Beidh cruinniú gnó ar siúl idir 3pm agus 4.30pm le tuairiscí ón chathaoirleach agus ón chisteoir a chluinstin agus le plé a dhéanamh ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais agus aighneachtaí a ullmhú air sin agus ar ábhar eile.

Beidh Painéal ar Scríbhneoireacht don Teilifís ar siúl idir 4.30pm agus 6pm.

Tabharfaidh saineolaithe – Celia de Fréine, Aindrias Ó Cathasaigh agus Darach Mac Con Iomaire – caint ar scripteanna a ullmhú do ghearrscannáin, do chláir staire agsu do chláir drámaíochta.

READ MORE

Tá súil ag an aontas aighneacht eile a ullmhú bunaithe ar na cainteanna agus ar an phlé sin agus í a chur faoi bhráid TG4.

Tabharfar deis do scríbhneoirí léamh as a saothar ag 8pm. Orthu sin a bheidh ag léamh, beidh Micheál Ó Conghaile, Seán Mac Mathúna, Irene Lynch, Seosamh Ó Murchú agus Míchéal Ó Ruairc.

Beidh fáilte roimh scríbhneoirí eile páirt a ghlacadh sa seisiún seo ach nóta a chur chuig na heagraithe roimh ré.

Eolas: cathalpoirteir@gmail.com

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times