Agallamh gan seanóirí


Cén fáth nach bhfuil agallamh cloiste againn ó bheirt de na daoine is lárnaí san gconspóid atá buailte leis an Rialtas faoi chúrsaí na nGardaí?

Tá iarchoimisnéir an Gharda Martin Callinan agus an tArd-Aighne Maire Whelan éirithe an-chúthail fad is go bhfuil cur is cúiteamh thart timpeall orthu. Níl cosc orthu labhairt go bhfios dúinn. Ach tá tuairimí uathu beirt á dtabhairt le fios as foinsí agus ó chairde ó scaoileadh eolas faoin gcóras taifeadtha glaochanna i stáisiúin gardaí.

Tá an seanchóras traidisiúnta cumarsáide “dúirtbeanliomachas” ag craobhscaoileadh léi ar ragobair agus is ar “Tuigtear dúinn….” agus “deir foinsí gar do…” atá an pobal ag brath. Is bocht an scéal é nach bhfuil cloiste díreach againn díreach ón mbeirt seachtain tar éis don oifigeach is airde póilíneachta sa Stát éirí as a phost.

Ón tús, bhí boladh na bainistíochta stáitse ag baint le cur i láthair an scéil seo. Uaireanta tagann scéalta maithe nuachta ar nós busanna poiblí cathrach.

READ MORE

Fanann tuairisceoirí go foighdeach ar cheann amháin agus go tobann tagann dhá cheann le chéile. Ach trí cinn? "Cigarette me!" mar a deir carachtar an tuairisceora (Jack Lemmon) sa scannán The Front Page .

Is mar sin a bhí eachtraí le seachtain anuas. Ach an comhtharlú a bhí ann nó ar imríodh cleas na méaracán ar an bpobal? Is í sin an cheist is mó i mbéal na dtráchtairí polaitiúla tar éis seacht lá den drámaíocht ab fhearr ar an dteilifís. Dráma nár theastaigh uaidh ach curfá nó dhó de “A Policeman’s lot…” chun ceoldráma éadrom críochnaithe a dhéanamh de.

Thosaigh sé le brú ón bhfreasúra agus ó bhaill rialtais ar an Aire Alan Shatter leithscéal a ghabháil faoi rudaí adúirt sé sa Dáil. Teannas idir dhá pháirtí rialtais…ba dheacair é a shárú mar scéal.

Ansin, éirí tobann as oifig Choimisinéir an Gharda Síochána tar éis cuairt ard-státseirbhísigh ar a theach féin san oíche le teachtaireacht ón Taoiseach. Ceannlíne mór eile agus an cineál ábhair a chuireann iriseoirí ag seileagar.

Agus mar sméar mullaigh: an córas taifeadta sin ar ghlaochanna teileafóin i stáisiúin áirithe gardaí nár tháinig chun solais go dtí anois ... nó sin a deirtear linn.

Ach an féidir linn a chreidiúint gur comhtharlú atá ann, go raibh sé i ndán go dtiocfadh an scéal seo chun tosaigh díreach sa deireadh seachtaine céanna agus a bhí géarchéim ollmhór buailte leis an Rialtas?

Cé go bhfuil scéal seo na dtéipeanna á fhiosrú ó mhí na Samhna agus gur cuireadh litir faoin bhfadhb chuig an Aire Dlí níos luaithe sa mhí seo?

Is le tréan mioscaise a chasann rotha an tsaoil go minic. Is minic go dtagann dhá nó trí rud le chéile de thaisme in aon am agus in aon áit. I ngnó an árachais tugtar “accordion accident” ar thaisme ina mbuaileann roinnt gluaisteán faoi chúl a chéile i scuaine. An mar sin a tharla sé? Ar tháinig an scéal faoin gcóras taifeadta chun cinn go hiomlán neamhspleách ar an gconspóid faoin gcoimisinéir agus an t-aire?

Bhí iarracht den drámatacht ag baint leis an mbealach gur reachtáladh an cruinniú práinneach rialtais agus an teanga a húsáideadh leis an bpráinn a bhéimniú d’iriseoirí.

Chuir sé seo leis an íomhá go raibh aird na n-iriseoirí agus an phobail á díriú i dtreo eile seachas scéal an choimisinéara.

Ar an dtaobh eile, níor léir aon rian den ngéarchúis ar an mbealach gur cuireadh i láthair fíricí na raice nua. A mhalairt, léiríodh easpa eagair agus eolais amhail is gur tháinig sé aniar aduaidh orthu.

Más seanchleas na méaracán nó drochláimhseáil cumarsáide féin a bhí ann, d’éirigh leis an ngéarchéim nua, móide imeacht Martin Callinan agus le leithscéal Shatter, an dá pháirtí rialtais a thabhairt le chéile arís.

Maidir leis na Gardaí, is léir go bhfuil gnéithe dá gcóras oibre a bhaineann leis an tseanam.

Thar aon rud eile tá athrú ó bhun le déanamh ar mheon atá acu ó bunaíodh an fórsa; an meon míleata a leagann béim ar dhílseacht seachas ar dhíríocht.

Tá sé seo déanta sa PSNI. Is féidir é a dhéanamh anseo le húdarás nua neamhspleách. Tús maith a bheadh ann dá gceapfaí ceannaire nua ón taobh amuigh nach mbeadh aon bhlas den seanchultúr ag baint leis nó léi.

Ach focal comhairle, ní éiríonn le cleas na méaracán ach uair amháin.