Snow agus ceist an dá chultúr

 

BEOCHEIST: DÍREACH 50 bliain ó shin, i mí na Bealtaine 1959, thug C.P. Snow léacht uaidh leis an teideal “An dá chultúr”.

An smaoineamh a bhí á phlé aige ná go bhfuil dhá chultúr, dhá shaghas oideachais ann: cultúr na heolaíochta agus cultúr na litríochta. Is amhlaidh, dar leis, nach mbíonn eolas ag lucht na litríochta ar chúrsaí eolaíochta, ná ag lucht na heolaíochta ar chúrsaí litríochta. Bhí gá leis an eolaíocht anois (ar seisean i 1959) chun fadhbanna an domhain a réiteach, ach bhí élite polaitíochta i réim nár thuig an eolaíocht.

Bhí Snow ag saothrú i Sasana agus bhí sé ag caint faoi Shasana. Is amhlaidh nach raibh an méid a dúirt sé fíor i gcás na hEorpa go hiomlán. Rinne an lycée sa Fhrainc agus an gymnasium sa Ghearmáin jab níos fearr ná scoil Shasana agus iad ag iarraidh oideachas leathan a thabhairt don aos óg. Sin ó tharla go raibh cúrsaí oideachais i Sasana fite fuaite le haicme shóisialta.

Bhí an scoil phoiblí ann chun ‘duine uasal’ a dhéanamh den bhuachaill scoile, ionas go mbeadh sé ina bhall den lucht ceannais níos déanaí. Níor chóir don duine uasal aon obair láimhe a dhéanamh. Níor chóir don duine uasal eolas bheith aige ar aon rud a bheadh róphraiticiúil – an eolaíocht, mar shampla. B’fhearr dó bheith ag plé leis na clasaicí. Thuigfí dó ansin conas impireacht a rialú.

Thuig Snow féin go maith an bhaint a bhí ag an oideachas i Sasana leis an gcogadh aicmeach. Tháinig sé féin ón ísealaicme, agus ní dheachaigh sé ar scoil ‘phoiblí’ riamh. Bhain sé scoláireacht amach chun freastal ar ollscoil Cambridge. Rinne sé céim dochtúireachta san eolaíocht. D’éirigh go maith leis, ach toisc é a bheith ag obair go dian. Níos déanaí, bhain sé clú agus cáil amach ag scríobh úrscéalta ar chúrsaí eolaíochta agus polaitíochta.

Mheas Snow go raibh lucht na heolaíochta daonlathach go leor, fiú go raibh an chuid ba mhó díobh ar an eite chlé. Go raibh siad dírithe ar an todhchaí ní ba mhó ná lucht na litríochta. Bhí Snow féin daonlathach agus liobrálach. Bhí dearcadh oscailte aige ar an Aontas Sóivéideach, fiú amháin agus an Cogadh Fuar faoi lán seoil agus bhí baint aige le Páirtí an Lucht Oibre i Sasana. Ba aire é i rialtas Harold Wilson ar feadh tamaill sna 1960í.

Sin mar a bhí an saol 50 bliain ó shin. An bhfuil athrú mór tagtha idir an dá linn? Ní dóigh liom go bhfuil. Ní labhrann lucht eolaíochta agus lucht litríochta le chéile fiú sa lá atá inniu ann. Ní gá dom ach mo scéal féin a insint.

Bhí Snow ag caint faoi Shasana, mar a dúirt mé, ach tharla an rud céanna i gcúrsaí oideachais in Éirinn. Chuaigh mé féin ar scoil i gColáiste Belvedere i mBaile Átha Cliath sna 1960í. Scoil de chuid na nÍosánach, mar is eol do chách, agus ardcháil uirthi. I Belvedere níor ceadaíodh dúinne – élite na scoláirí – fisic ná ceimic a dhéanamh. Bhíomar ró-éirimiúil dá leithéid. Ina ionad sin, bhí orainn an t-am a chaitheamh le Laidin agus Gréigis.

Bhí cúrsaí aicme sóisialta fite fuaite leis seo, ní mór dom a rá. An táirgeadh a bhí á chruthú ag na hÍosánaigh, ní élite intleachtúil a bhí ann, ach lucht ceannais. Agus cén fáth nach mbeadh agus an coláiste bunaithe ar mhúnla scoileanna ‘poiblí’ Shasana, ní ar lycée ná gymnasium na mór-roinne, cé go raibh traidisiún mór ag na hÍosánaigh féin i gcúrsaí matamaitice agus eolaíochta.

Scolaíocht don duine uasal a bhí á thabhairt dúinn. Níor thuig mé sin ag an am – bhí mé dall, bhíomar uile dall! – ach tá sé soiléir dom anois.

Ag deireadh na scolaíochta agus sinn réidh chun dul ar an ollscoil, bhí cumas áirithe Laidine agus Gréigise againn, agus bhí gach eolas againn ar an Eaglais Chaitliceach – ach ní raibh a fhios againn an difear idir adamh agus móilín.

Thomhasfainn gur tharla a leithéid don gcuid is mó d’intleachtaigh na Gaeilge. Tá mé ag ceapadh go bhfuil eolaíocht foghlamtha ar scoil ag níos mó den ghlúin atá níos óige ná mé féin.

Ach an féidir linn eolaíocht a phlé – mar shampla, ceist na géineolaíochta, rud atá rí-thábhachtach, bíodh sé le leas nó le haimhleas an chine daonna – mar a phléitear ábhair eile?

Léigh na nuachtáin agus éist leis na meáin chraolta sa Ghaeilge. Pléitear litríocht agus stair agus polaitíocht agus a leithéid go rialta – ach is annamh a phléitear eolaíocht. Ní hé nach bhfuil na téarmaí ar fáil. Ach níl ann ach corrdhuine cosúil leis an Dr Matt Hussey a fhoilsíonn ar chúrsaí eolaíochta. Is trua é, agus is mór an chaill ar an Ghaeilge é.

Tá an dá chultúr ann go fóill.