Mná tí na Gaeltachta lena gcás a dhéanamh

TÁ COMHCHOISTE Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) ag eagrú Shlógadh na mBan Tí i gConamara inniu lena n-imní a léiriú …

TÁ COMHCHOISTE Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) ag eagrú Shlógadh na mBan Tí i gConamara inniu lena n-imní a léiriú faoi mholadh i dTuarascáil Mhic Cárthaigh deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Íocann an Rialtas deontas faoin scéim le mná tí Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil d’fhoghlaimeoirí teanga agus iad ag freastal ar chúrsaí samhraidh Gaeilge.

Cuidíonn an t-airgead le teaghlaigh Ghaeltachta lucht foghlama a choinneáil ina dtithe cónaithe agus bíonn deis ag na cuairteoirí labhairt le cainteoirí dúchais. Tá na mná tí imníoch anois go mbeidh deireadh lena slí bheatha dá gcuirfí deireadh leis an scéim.

Tá 47 coláiste samhraidh faoi chúram CONCOS agus dúirt feidhmeannach forbartha an eagrais, Caitlín Neachtain, go raibh sí ag súil go mbeadh mná tí as gach aon cheantar Gaeltachta páirteach sa chruinniú.

READ MORE

Ba é aidhm shlógadh an lae inniu deis a thabhairt do mhná tí na Gaeltachta a gcás a phlé agus ceisteanna a chur.

Bhuailfeadh toscaireacht dá gcuid le hAire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le fáil amach cad é a bhí beartaithe ag Roinn na Gaeltachta a dhéanamh, a dúirt sí.

Dúirt sí go mb’fhéidir go mbeadh ar scoláire €250 sa bhreis a íoc as cúrsa samhraidh sa chás gur chuir an Rialtas deireadh leis an scéim, rud a dhéanfadh “dochar”. Bhí sé “níos éasca scoláirí a mhealladh chun na Gaeltachta” de bharr na scéime.

Tá eagrais eile teanga ag tacú le CONCOS. Tá ceithre choláiste samhraidh ag Gael-Linn agus dúirt príomhfheidhmeannach an eagrais, Antoine Ó Coileáin, gur “chrann taca do chaomhnú na Gaeilge sna Gaeltachtaí is ea Scéim na bhFoghlaimeoirí. Teaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge láidir iontu a bhíonn i gceist agus tugann an scéim deis do scoláirí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha.

“Tá luach mór airgid ag baint leis an scéim, ar mó i bhfad an cion tairbhe ná méid an deontais féin. Díchéillí cuntasaíochta agus buille don Ghaeilge a bheadh ann fáil réidh leis an scéim.”

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar lucht na teanga tacaíocht a thabhairt do na mná tí fosta.

Dúirt uachtarán an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa, go mbeadh na coláistí samhraidh thíos leis dá gcuirfeadh an Rialtas deireadh leis an scéim. D’fhreastail 26,000 dalta ar choláistí samhraidh anuraidh.

Cruthaíodh 2,000 post sealadach agus líon mór post lánaimseartha sa Ghaeltacht dá mbarr agus ghin na cúrsaí €50 milliún don eacnamaíocht áitiúil:

“Caomhnaíonn Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge an teanga, neartaíonn sé tionscal a choinníonn pobal beo Gaeilge sa Ghaeltacht, agus cabhraíonn sé le costais na gcoláistí samhraidh a choimeád íseal go leor chun gur féidir le tuismitheoirí na tíre i gcoitinne a bpáistí a chur ar chúrsaí Gaeltachta ar phraghas réasúnta.”

Dúirt Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív go raibh an Rialtas ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge le deontais speisialta agus gur sheas an Rialtas leis an méid a bhí déanta do mhná tí.

Imram linn

TOSÓIDH AN fhéile litríochta Gaeilge, Imram, i mBaile Átha Cliath seachtain ón lá amárach agus mairfidh go dtí an Mháirt, 29ú Meán Fómhair.

Dúirt stiúrthóir choiste Imram, Liam Carson gur tháinig “forbairt bhreá” ar an fhéile anuraidh: “Cruthaíodh gan cheist go raibh foirmle éifeachtach againn agus sinn ag iarraidh domhan an phróis, na filíochta, an cheoil, na drámaíochta agus na scannánaíochta a nascadh.”

Dúirt sé go raibh éagsúlacht “iontach” ag baint leis an ócáid i mbliana agus clár “uaillmhianach” leagtha amach. Beidh oíche ómóis don fhile Máire Mhac an tSaoi ar siúl seachtain ón oíche amárach ag 6.30pm san Eaglais Úinitéireach, Faiche Stiofáin, BÁC.

Lena chois sin, beidh Oíche Rúiseach ann agus filíocht de chuid Akhmatova, Mayakovsky agus Tsvetaeva aistrithe go Gaeilge agus Béarla agus amhráin le Bob Dylan aistrithe go Gaeilge agus á gcanadh ag Liam Ó Maonlaí, Caoimhín Mac Giolla Catháin agus Steve Cooney.

Eolas: 087-2912797 nó www.poetryireland.ie/whats-on/imram

Lapáil an locha

LAPÁIL mé an loch – agus fuair mé an t-léine le é a chruthú. Sea, tháinig mé slán as turas 140 ciliméadar a thabhairt thart ar Loch nEathach Dé Domhnaigh.

Ní mórán de dhúshlán é ag rothaithe gairmiúla ach ba leor agam é agus is mór an traenáil é leis agus mé ar tí aghaidh a thabhairt ar shéasúr eile liathróid láimhe – ach mé teacht chugam féin in am don séasúr nua.

Tá an ceantar cois locha féin an-álainn agus, dálta mórán áiteanna eile sa Tuaisceart, ní doiligh a dhéanamh amach cé acu ceantar ‘náisiúnach’ nó ‘aontachtúil’ atá i gceist agus tú ag rothaíocht.

Is iad na bratacha náisiúnta ar foluain in airde an leid is feiceálaí ach ní deacair rian Phlandáil Uladh a fheiceáil ar an tírdhreach go fóill féin.

Tá mórán páirceanna breátha CLG le sonrú ar imeall an locha – drochthalamh don chuid is mó agus an áit ar chuir Caitlicigh fúthu (nó an áit ar tugadh orthu cur fúthu) i ndiaidh na mblianta cogaidh idir Aodh Mór Ó Néill agus Eilís I agus an phlandáil a lean.

Feicfidh tú hallaí de chuid an Oird Bhuí ar imeall talaimh atá níos fearr.

Dún duit; dún dúinn!

Rud eile a thug mé faoi deara – agus ní den chéad uair – a laghad Gaeilge atá le feiceáil go poiblí ar bhóithre an Tuaiscirt.

Bíodh próiseas na síochána ann agus 10 bliain de chomhobair thuaidh/thuaidh teanga, is beag dul chun cinn atá déanta ag an teanga go poiblí.

Thaistil mé 140 ciliméadar – go fadálach pianmhar – agus chonaic mé dhá fhógra Ghaeilge: ainm ar theach príobháideach agus ainm amháin sráide, fógra a chroch pobal na háite, déarfainn, nó ní raibh sé ar aon dul leis na comharthaí oifigiúla.

Ach ainm na mbailte stairiúla ar fad, ba i mBéarla amháin a bhí siad. Is i mBéarla amháin a bhíonn siad.

Tá a fhios againn uilig go mbaineann deacrachtaí ar leith le cúrsaí teanga sa Tuaisceart. Seanscéal agus meirg air faoin am seo an ‘cogadh cultúrtha’ agus a chuid impleachtaí do lucht teanga.

Mar sin féin, cén urraim (nó easurraim) a léiríonn an easpa seo aitheantais don Ghaeilge ó na húdaráis áitiúla?

Nach bhfuil rud éigin as alt go fóill gur féidir leat 140 ciliméadar a thaisteal gan comhartha oifigiúil Gaeilge a fheiceáil?

caomhnú preservation – cumarsáid communications – deontas grant – dochar harm – eacnamaíocht economy – easurraim disrespect – feabhas improvement – foghlaimeoir learner – léirsiú demonstration – scéim scheme – slógadh gathering – tinreamh attendance – tionscal industry – toscaireacht delegation