An dream a chuir i gcoinne an chiúnais

Cé go maítear go forleathan go raibh tost mór ann faoi Chogadh na gCarad, is iomaí scríbhneoir Gaeilge a d’fhéach leis an tost a bhriseadh


Agus an t-iar-réabhlóidí Micheál Breathnach ag scríobh a chuimhní cinn sa bhliain 1966, d’admhaigh sé nár theastaigh uaidh labhairt faoi Chogadh na gCarad: “B’fhearr liom brat mór dubh a ligean anuas ar an tréimhse sin agus é a chur as mo chuimhne ar fad dá bhféadfainn é”. B’amhlaidh an scéal é ag Séamas Ó Maoileoin, réabhlóidí as Co na hIarmhí. Cé gur chuir sé síos ar an bpáirt a ghlac sé i gCogadh na Saoirse ina leabhar B’fhiú an Braon Fola (1958), ní raibh sé in ann imeachtaí na mblianta 1922-3 a chur ar pár. Mar a scríobh an t-iriseoir Breandán Ó hEithir, “Tháinig na deora ina shúile nuair a labhair sé ar an bpeannaid a bhain le cur síos a dhéanamh ar eachtraí a bhain le seanchomrádaithe a chuaigh ar thaobh an tSaorstáit”.

Ní annamh a shamhlaítear an tráma agus an tost le Cogadh Cathartha na hÉireann. Cé air a mbeadh fonn labhairt faoi Éireannaigh a bheith troid i gcoinne a gcomhthíreach féin? Ní gá ach smaoineamh ar chuid de na huafáis a tharla le linn na tréimhse sin idir Meitheamh 1922 agus Bealtaine 1923: maraíodh ceannairí óga uaillmhianacha a bhí lárnach sa streachailt go dtí sin, cuireadh na mílte duine – idir fhir agus mhná – sa phríosún, agus daoradh níos mó fear chun báis ná mar a daoradh sa chogadh in aghaidh na Sasanach roimhe sin.

Mar sin féin, ní bhaineann an tráma agus an tost leis na rudaí gránna a tharla i 1922-3 amháin. Samhlaítear go hidirnáisiúnta gur measa agus gur tubaistí cogadh cathartha ná cogadh ar bith i gcoinne eachtrannach toisc, b’fhéidir, an croitheadh a bhaintear as gréasáin an dlúthphobail agus an dúshlán a bhaineann leis an athmhuintearas iarchoimhlinte. Is féidir na tuiscintí seo a rianú siar go dtí aimsir na Rómhánach agus is léir freisin gur fhág siad a lorg ar thraidisiún béil na Gaeilge. Tá seanfhocal ann a deir: “Níl cogadh is géire ná cogadh na gcarad, ach ní bhíonn sé buan”. Tarraingíodh ar sheanfhocal Gaeilge eile sna nuachtáin náisiúnta ag tús na bliana 1922 – “cogadh carad caoi namhad” – leis an imní a bhí ann faoin scoilt a bhí ag méadú ar fud na tíre a léiriú.

Más fíor, mar sin, gur samhlaíodh Cogadh na gCarad mar thubaiste mhór sular bhris an chogaíocht amach i gceart i Meitheamh 1922 go fiú, is amhlaidh freisin gur cuireadh leis an dearcadh sin i ndiaidh an chogaidh. Cé go ndearnadh ceiliúradh ar ghaiscí na n-óglach le linn Chogadh na Saoirse i gclár cuimhneacháin an Stáit, b’fhearr le go leor den aos polaitiúil cuimhní pianmhara ó Chogadh na gCarad a bhrú faoi chois ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht pholaitíochta. Ba leasc le lucht staire aghaidh a thabhairt ar an gceist ar feadh na mblianta: b’iondúil go stopadh téacsleabhair scoile go tobann ag sos cogaidh na bliana 1921 agus níor foilsíodh mórleabhar cuimsitheach ar bith ar imeachtaí an chogaidh chathartha go dtí gur foilsíodh saothar Eoin Neeson agus Calton Younger i 1966 agus i 1968 faoi seach. Cé nárbh ann fós do théarmaíocht an tráma sna 1920í, feictear ó na 1960í ar aghaidh go raibh an pobal ag tarraingt ar thuiscintí nua ar an tráma chun ciall a bhaint as an tost a bhí tógtha thart ar scoilt na bliana 1922.

READ MORE

Ach cé go samhlaítear go coitianta go raibh tost mór ann faoi Chogadh na gCarad, is maith mar a léiríonn cuntas an Bhreathnaigh agus Uí Mhaoileoin an paradacsa atá ag croílár an chiúnais sin: is amhlaidh gur labhair glúin na réabhlóide go minic faoin tost. Ní hamháin sin, ach is iomaí duine a chuaigh as a bhealach leis an gciúnas a bhriseadh, cé nár tugadh cluas le héisteacht dóibh i gcónaí. Go deimhin, bhí go leor scríbhneoirí Gaeilge i measc an dreama a thug aghaidh ar chonspóid Chogadh na gCarad. Ní mór an cheist a chur: an raibh saoirse éigin ag baint le stádas imeallach na Gaeilge a lig do scríbhneoirí agus d’iar-réabhlóidithe dúshlán a thabhairt don chiúnas a cuireadh chun cinn ag leibhéal oifigiúil?

Díol suntais gur i nGaeilge a foilsíodh ceann de na chéad chuntais stairiúla a chuir síos ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad in aon leabhar amháin. Ba é sin Trodairí na Treas Briogáide le ‘Colm Ó Labhraí’ a foilsíodh sa bhliain 1955 agus a thugann cuntas ar ghníomhartha na n-óglach i ndeisceart Thiobraid Árainn. Ní gan chonspóid a cuireadh an leabhar amach. Ba é Séamus Ó Conbhuidhe, nó an tAthair Colmcille, a bhí taobh thiar den ainm cleite ‘Colm Ó Labhraí’ agus níor chuir baill áirithe de chléir na gCistéirseach mórán fáilte roimh thaighde a gcomhshagairt. Níor aontaigh gach duine leis an léamh a bhí aige ar an gcogadh cathartha ach an oiread. Foilsíodh léirmheas ar an Sunday Independent le hE. de B. (Earnán de Blaghd, ní foláir) a mhol an leabhar go hard, cé nár ghlac an léirmheastóir leis an ‘sílteagasc leanbaí a deir gur i gcoinnibh a dtola, agus leis na Sasanaigh a shásamh, a d’ordaigh an Rialtas na Ceithre Cúirteanna a ghabháil’. Ina ainneoin sin (nó dá thairbhe, b’fhéidir), roghnaíodh an cuntas do Chlub Leabhar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus díoladh beagnach 3,000 cóip de taobh istigh de mhí amháin.

Níorbh é Trodairí na Treas Briogáide an chéad saothar Gaeilge le dul i ngleic le haighneas an chogaidh chathartha, áfach. B’iomaí cuntas a scríobhadh sna 1920í agus sna 1930í chun tuiscint a bhaint as an gcoimhlint agus ba mhinic a baineadh leas as straitéisí ficseanúla chun an cúlra polaitiúil a mhaolú agus a cheilt. Mar shampla, léiríodh an dráma An Danar le Piaras Béaslaí in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1928. Bhí an Béaslaíoch go mór i bhfách leis an gConradh Angla-Éireannach agus ceapadh é ina mhaorghinearáil in Arm an tSaorstáit. Tá an dráma lonnaithe i Ríocht na nDanar i mBaile Átha Cliath sa deichiú haois agus baineann sé leis an teannas idir na Lochlannaigh a ghlacann leis an gCríostaíocht agus le béasa na nGael agus an dream a chloíonn lena nósanna féin. Ní foláir, áfach, nó gur thuig an lucht féachana gur sheas an ‘cogadh bráthar’ a luaitear sa dráma do scoilt níos comhaimseartha. Suimiúil go leor, tugann an Béaslaíoch léargas báúil ar an gcarachtar Olaf nach bhfuil sásta géilleadh ar a chuid prionsabal agus a sheasann, b’fhéidir, dóibh siúd a chuir i gcoinne an chonartha.

Tharraing León Ó Broin – a bhí ina oifigeach in arm an tSaorstáit chomh maith – cleas den chineál céanna chuige féin sa dráma An Mhallacht (1927). Baineann an dráma le beirt leasdeartháireacha a chuireann saighdiúir gallda chun báis. Cuireann an gníomh seo mallacht orthu beirt, mallacht a fhágann go n-éiríonn deighilt eatarthu agus go maraíonn duine amháin an duine eile de thaisme. Ainneoin go raibh an dráma lonnaithe i Vársá na Polainne sa bhliain 1925, ní raibh aon amhras ar na léirmheastóirí ach gur thagair sé do chomhthéacs na hÉireann. Go deimhin, nuair a foilsíodh an dráma i 1931, athraíodh an suíomh go Baile Átha Cliath agus luadh go sonrach gur bhain an scéal leis an gcogadh idir “lucht cosanta an tSaorstáit agus na Poblachtóirí”.

Cuid suime é i ndráma Uí Bhroin gurb iad mná céile na n-óglach a insíonn an scéal agus iad scanraithe ag na fuaimeanna cogaíochta a bhíonn le cloisteáil san ardchathair san oíche. Thar scríbhneoir ar bith eile, b’fhéidir, ba é Máirtín Ó Cadhain a d’aithin go raibh tost le briseadh faoin droch-chaoi ar caitheadh leis na mná le linn na tréimhse seo, go speisialta na mná ar bhain na hóglaigh an ghruaig díobh mar gheall ar nasc a bheith acu, más fíor, leis an namhaid. Ag scríobh dó sna 1960í, d’admhaigh an Cadhnach nach bhfaca sé aon trácht air seo sna cuntais a foilsíodh go dtí sin ar thréimhse na réabhlóide. Mar sin féin, ba é an tuairim a bhí aige ná gurb “é sin an ghné dár gcuid cogaíocht is mó a gcuirfidh ár sliocht suim ann”.

Fiú má d’aithin an Cadhnach go raibh ciúnas ann faoin drochíde a tugadh do na mná, d’fhéach roinnt banréabhlóidithe le fulaingt na cosmhuintire a chur ar taifead. Sa chnuasach filíochta Áille an Domhain (1927), tugann Úna Ní Fhaircheallaigh – bean a raibh baint aici le bunú Chumann na mBan – aghaidh dhíreach ar oidhreacht thubaisteach an chogaidh chathartha. Scríobhadh an dán Éire Chum Dé ar “bhás leinbh óig do cailleadh sa gcómh-chogadh” agus is beag dóchas atá fágtha ag an reacaire:

Íodhbairt uaim minic a thug

Mar luach ar an rud nach bhfuair;

An saoradh cheannuigheas go daor;

Meath’ mo shaoghail – ró-mhór an luach.

Is géire arís an cáineadh a dhéantar ar an drochmheas a léiríodh do na mná sa chnuasach gearrscéalta An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile (1939) le Máiréad Ní Ghráda. Tá Ní Ghráda aitheanta go forleathan mar gheall ar an dráma An Triail (1966) ina dtugann sí fogha faoin gciúnas a bhí in uachtar sa tsochaí maidir leis na hinstitiúidí do mháithreacha neamhphósta. Tá cuid den dánacht chéanna le haithint ar na scéalta gotacha a d’fhoilsigh sí roimhe sin a tharraingíonn, is cosúil, ar chuid éigin dá taithí féin le linn na réabhlóide. Go deimhin, bhí baint ag Ní Ghráda le Cumann na mBan, thacaigh sí leis an gConradh, agus bhí sí mar rúnaí ag an mBlaghdach i rith an chogaidh chathartha. Faoi mar a thugann teideal an chnuasaigh le fios, baineann go leor de na scéalta le hiarmhairtí an chogaidh sin agus níl aon leisce ar an údar leid a thabhairt faoin bhforéigean a d’fhulaing na mná ná faoin doicheall a bhí rompu in institiúidí an stáit nua.

Níor éirigh le gach scríbhneoir a shaothar a chur i gcló, áfach: dhiúltaigh an comhlacht foilsitheoireachta stáit, An Gúm, d’úrscéal Sheosaimh Mhic Grianna, An Druma Mór, sna 1930í. Bhí an Griannach i ngéibheann mar phoblachtach le linn an chogaidh chathartha agus ceapadh go raibh baol ann go n-athmhúsclódh a shaothar teannas na mblianta sin.

Ní glúin na réabhlóide amháin a chuaigh i ngleic le créachtaí anama Chogadh na gCarad ar ndóigh agus is liosta le háireamh iad na saothair fhicseanúla Ghaeilge a thugann faoin gcogadh céanna. Ní gá ach smaoineamh ar Luaithreach an Bhua (1969) le hAnnraoi Ó Liatháin a bhaineann le corraíl na mblianta sin sna Déise, nó an t-úrscéal breá An Lomnochtán (1977) le hEoghan Ó Tuairisc a ríomhann imeachtaí Chogadh na gCarad trí shúile an pháiste, nó an dráma Duilleog Tae (2007) le Seán Mac Mathúna ina mbrúnn an cogadh isteach ar theach tuaithe i gCiarraí, gan trácht ar úrscéal Réaltáin Ní Leannáin, Cití na gCártaí (2019), a thugann aghaidh chróga ar fhulaingt na mban i mBéal Feirste sna 1920í.

Tá rud amháin cinnte: is iomaí béal binn nár fhan ina thost.

Is léachtóir í Síobhra Aiken in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. D’fhoilsigh Irish Academic Press a céad mhonagraf i mbliana, Spiritual Wounds: Trauma, Testimony and the Irish Civil War