Tuilleadh drámaí

Fágadh dhá dhráma ar lár an tseachtain seo caite as an chur síos ar dhrámaí Gaeilge a léireofar le linn Fhéile Amharclainne Bhaile…

Fágadh dhá dhráma ar lár an tseachtain seo caite as an chur síos ar dhrámaí Gaeilge a léireofar le linn Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath.

Beidh AnnÓg (Amharclann na nÓg), Corca Dhuibhne, Co Chiarraí, ag léiriú Le Luí na Gaelaí le J.M. Synge (arna aistriú go Gaeilge ag Domhnall Mac Síthigh) agus cuirfidh John Gribben seó aonair i bhFraincis, i mBéarla agus i nGaeilge, Gael agus Gaul, i láthair.

Is ar an Domhnach 3ú Deireadh Fómhair ag 8 p.m. in Ionad Ealaíon Axis, Baile Munna, a bheidh an dá shaothar aon mhíre seo ar siúl. Eolas: 01-8832100