Tá iarrachtaí ar siúl ag Protastúnaigh a gcuid féin a dhéanamh den teanga

Tuarascáil: Le tamall maith de bhlianta tá úsáid á baint as an nGaeilge ag daoine éagsúla sa Tuaisceart mar uirlis …

Tuarascáil:Le tamall maith de bhlianta tá úsáid á baint as an nGaeilge ag daoine éagsúla sa Tuaisceart mar uirlis chultúrtha chogaidh san iarracht chun an pobal náisiúnach a spreagadh agus Éire Aontaithe a bhaint amach i ndeireadh thiar.

Ní nach ionadh, tá an pobal aontachtach i gcoitinne in amhras faoin teanga agus breathnaíonn siad uirthi mar mheán eachtrannach cumarsáide. Ach tá traidisiún Gaelach dá gcuid féin ag an bpobal aontachtach cé nach bhfuil mórán airde tugtha air go dtí seo.

Duine atá ag iarraidh aire a dhíriú ar an traidisiún úd is ea Linda Ervine, a thug léacht an tseachtain seo caite ag seimineár faoi “Stair Cheilte na bProtastúnach agus an Ghaeilge”. Fuair mé féin cuireadh go dtí an seimineár, a bhí ar siúl i gceantar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.

Ócáid neamhghnách, d’fhéadfá a rá. Tá cáil ar Bhóthar na Seanchille mar chroílár na dílseachta. I rith mo thréimhse féin mar Eagarthóir an Tuaiscirt don pháipéar seo, bhí de nós agam dul ann chun agallamh a chur ar leithéidí David Ervine agus Billy Hutchinson.

READ MORE

Fuair David (no “Davy”) Ervine bás ar 8ú Eanáir 2007 – díreach sé bliana is an lá roimh an seimineár atá faoi chaibidil agam anseo. Ba mhór an chailliúint é do pholaitíocht an oileáin seo.

Ainneoin go raibh sé gafa le cúrsaí paraimíliteacha nuair a bhí sé níos óige, roghnaigh Ervine bóthar na síochána ina dhiaidh sin – ar nós daoine áirithe ar an “taobh eile” chomh maith.

Bhí fís shóisialach aige agus theastaigh uaidh seasamh agus stádas an lucht oibre Phrotastúnaigh – agus an ísealaicme i gcoitinne ar ndóigh – a chur chun cinn. Is cosúil gur chaith sé tamall ag foghlaim Gaeilge nuair a bhí sé faoi ghlas sa Cheis Fhada.

Óráidí cumasach a bhí ann agus is cuimhin liom an chaoi go ndúirt sé, ag uair chinniúnach sa phróiseas síochána. “The healing has begun” – teideal ar amhrán cáiliúil a chum Béal Feirsteach eile, Van Morrison.

Mar a tharlaíonn, tá Linda Ervine pósta le Brian Ervine, iarcheannaire an Progressive Unionist Party (PUP) agus deartháir le David. Múinteoir scoile í atá ar sabóid, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misiún Bhéal Feirste Thoir, brainse den Eaglais Mhodhach. Bíonn sí ag taisteal ar fud an Tuaiscirt agus beidh sí sa Bhaile Meánach ag deireadh na míosa agus in Ard Mhacha ina dhiaidh sin.

Is as Bóthar Bhaile Nua na hArda (Newtownards Rd) di agus níor chuir sí spéis sa Ghaeilge go dtí cúpla bliain ó shin nuair a rinne sí cúrsa sa teanga le grúpa ban ón dá phobal reiligiúnda sa chathair. Thug sí faoi deara i nDaonáireamh 1911 go raibh cumas labhartha Gaeilge ag roinnt mhaith daoine le cúlra Preispitéireach agus Modhach.

Bhreathnaigh sí ar an iontráil sa daonáireamh do lucht sinsear Brian agus David Ervine as Sráid Frome, a dúirt go raibh an Ghaeilge mar theanga labhartha agus scríofa acu, chomh maith leis an mBéarla ar ndóigh.

Dúirt sí nach raibh a fhios ag a fear céile, Brian, faoi sin agus gur chuir sé an-áthas air é a chloisteáil. Ní raibh a fhios ag David ach an oiread agus tá sí den tuairim, dá mbeadh sé fós beo, go gcuirfeadh sé gliondar croí air an t-eolas úd a fháil amach.

Rinne Jake Mac Siacais cur síos spéisiúil ar stair na Gaeilge agus míniú ar logainmneacha áirithe ó thuaidh. Marion Weir agus a comhleacaithe in Ionad Ban na Seanchille, a d’eagraigh an ócáid, le cabhair ó Aisling Ní Labhra as Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál, an taobh náisiúnach den chathair. Bhí daoine i láthair ón dá thaobh den deighilt reiligiúnda.

Cé gur i mBéarla a bhí an chuid ba mhó den chomhrá, bhí i bhfad ní ba mhó ná an “cúpla focal” Gaeilge i gceist agus ba léir go raibh spéis á múscailt i measc an lucht éisteachta sa ghné seo de stair na cathrach.

Ainneoin nach raibh an oiread sin daoine óga i láthair, seans go músclófar a gcuid spéise, diaidh ar ndiaidh, agus go bhfeicfidh siad go bhfuil slite níos torthúla chun stair agus cultúr an cheantair agus an phobail a chosaint agus a fhorbairt seachas ionsaithe fíochmhara ar phóilíní ar an tsráid.

Táim cinnte dá mbeadh David Ervine beo go mbeadh sé ag cur comhairle ar na buachaillí óga seo, bunaithe ar a thaithí féin, go bhfuil bealach níos fearr ann ná an foréigean.

Deaglán  De Bréadún

Deaglán De Bréadún

Deaglán De Bréadún, a former Irish Times journalist, is a contributor to the newspaper