Tá deireadh le Coirnis de réir na Náisiún Aontaithe

THUG NA Náisiúin Aontaithe le fios go raibh Coirnis marbh an tseachtain seo caite

THUG NA Náisiúin Aontaithe le fios go raibh Coirnis marbh an tseachtain seo caite. De réir UNESCO, eagras oideachais na Náisiún Aontaithe, tá Coirnis agus Gaeilge Mhanann dulta in éag.

Dúirt stiúrthóir ginearálta UNESCO, Koichiro Matsuura, i dtuairisc nuachtáin amháin: “The death of a language leads to the disappearance of many forms of intangible cultural heritage, especially the invaluable heritage of traditions and oral expressions of the community that spoke it – from poems and legends to proverbs and jokes.”

Ní ghlacann lucht na Coirnise leis, ámh, go bhfuil a dteanga imithe. Dúirt bainisteoir forbartha Pháirtnéireacht na Coirnise, Jenefer Lowe, sa tuairisc chéanna go raibh cainteoirí ann agus go raibh borradh faoin Choirnis le 20 bliain. Meastar go bhfuil tuairim is 300 duine líofa sa teanga – nó canúint Cheilteach mar is fearr le lucht an Bhéarla.

Dúirt Lowe go raibh cás na Coirnise “difficult to classify”. An amhlaidh i ndáiríre? Ní hábhar sásaimh ag duine ar bith le Gaeilge nach ann don Choirnis agus tá, gan amhras, nithe le foghlaim as a stair. (Tháinig siad do na P-Ceiltigh ach níor P-Ceilteach mé...)

READ MORE

Is fíor do Lowe go maireann an teanga sa mhéid is go bhfuil cainteoirí aici agus is beag duine le Gaeilge a dhéanfadh beag is fiú dá gcuid iarrachtaí athbheochana. Mar sin féin, ní cainteoirí dúchais iad agus ní raibh aon chainteoir dúchais den teanga ann le fada an lá.

Creidim gurb ionann bás na gcainteoirí dúchais agus deireadh teanga. Cinnte, is féidir le daoine teangacha a fhoghlaim go maith agus tá méid mór daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu nár tógadh le Gaeilge – daoine fásta agus páistí. Bíodh sin mar atá, an éireodh leo chomh maith sin gan Ghaeltacht bheo ann?

Ní shéanann duine ar bith go bhfuil ceart ag an fhoghlaimeoir an teanga a úsáid agus a scríobh ach an maireann teanga i ndáiríre gan chainteoirí dúchais agus má bhristear an nasc stairiúil teanga idir na glúnta?

Rud eile de, tuigeann gach aon duine nach ionann cás cainteoirí dúchais agus lucht na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht in Éirinn. Ach an amhlaidh gur mó aird a bhíonn ar lucht na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ná mar is ceart, go bhfuil, fós féin, an cainteoir dúchais in áit na leathphingine chomh fada agus a bhaineann sé leis an chumhacht de? Tá dhá chaptaen ag iarraidh bheith i mbun Bhád na Teanga le fada, duine a tógadh ar an fharraige agus duine a d’fhoghlaim faoin fharraige as leabhar.

Do thuairim le do thoil.