Seoladh scealta

Seolfaidh an tOllamh Dónal Ó Baoill, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, eagrán úr de Scéalta Johnny Shéamaisín i gColáiste Bhríde…

Seolfaidh an tOllamh Dónal Ó Baoill, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, eagrán úr de Scéalta Johnny Shéamaisín i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste, Co Dhún na nGall, oíche Aoine ag 8 p.m.

Bhí clú ar Johnny Shéamaisín mar sheanchaí agus foilsíodh an cnuasach den chéad uair sa bhliain 1948. Is é Comhaltas Uladh atá ag cur an leabhair ar an mhargadh as an úr; tá athchóiriú déanta ar an chló agus tá trí dhlúthdhiosca ag dul leis an eagrán seo. Beirt de bhunadh Rann na Feirste, Michelle Nic Grianna agus Dónall Mac Ruairí, a léann na scéalta ar na dlúthdhioscaí.

Dúirt rúnaí an Chomhaltais, Cathal Ó Díolúin, nárbh fhada go mbeadh an leabhar ar fáil sna siopaí. Ach, idir an dá linn, d'fhéadfadh daoine é a ordú uaidh ar lacáiste. Eolas: 048-37548487