Seoladh de Brun

Tá caint ar ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste le fada an lá

Tá caint ar ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste le fada an lá. Ba é bunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe in iarthar na cathrach sna 1960í ceann de na gníomhartha ba chalma athbheochana a rinneadh riamh agus ní bréag a rá gur chuir an gníomh sin cor i gcinniúint chultúrtha na cathrach agus na tíre.

Thairis sin, ámh, ba cheart cuimhne go raibh an Ghaeilge sa chathair le fada an bhliain. Foilseoidh Four Courts Press cnuasach nua aistí ar chaidreamh na cathrach leis an teanga, Belfast and the Irish Language, amárach. Is é an léachtóir agus scríbhneoir, an Dochtúir Fionntán de Brún, a chuir eagar ar an saothar.

Cuireann Pat McKay síos ar logainmneacha Bhéal Feirste agus an Ghaeilge; pléann Aodán Mac Poilín an teanga ó ré luath na cathrach suas go dtí 1960; tugann A.J. Hughes léargas ar Robert MacAdam agus a chomhghleacaithe; pléann Gabrielle Nig Uidhir cás Ghaeltacht Bhóthar Seoighe; míníonn Seán Mac Corraidh cad é atá ar siúl in earnáil an oideachais Ghaeilge; amharcann Gordon McCoy ar an ghaol idir an Ghaeilge agus Protastúnaigh agus tá alt ag de Brún é féin ar na cainteoirí dúchais as Ó Méith a chuir fúthu i mBéal Feirste.

Is é an tOllamh Breandán Ó Buachalla a sheolfas an leabhar ag 6pm tráthnóna amárach i Leabharlann Halla an Líneadaigh, Béal Feirste.

  • Seolfaidh Alan Titley Na Buachaillí Dána: Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge (An Clóchomhar) le Pádraig de Paor ag 6pm anocht i bhForas na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2. Beidh idir údar agus fhilí i láthair.