Seisiun Comhdhala

Beidh seisiún ceoil ar siúl sa Dáil Bia, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, san oíche amárach (Déardaoin, 9ú Nollag) ag 7 p…

Beidh seisiún ceoil ar siúl sa Dáil Bia, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, san oíche amárach (Déardaoin, 9ú Nollag) ag 7 p.m.

Is é an grúpa Sult, an ceoltóir Ciarán Ó Maonaigh (TG4 Ceoltóir Óg na Bliana 2003) agus an t-amhránaí, Ciarán Ó Con Cheanainn, a bheidh i mbun an cheoil. Antaine Ó Faracháin a bheidh ina fhear an tí don ócáid.

Tá cead isteach saor in aisce, beidh sólaistí ar fáil ach tá spás an-teoranta sa bhialann. Molann lucht na Comhdhála do lucht siamsaíochta bheith ann go luath - amhail is a bheadh moladh den chineál sin de dhíth ar lucht siamsaíochta an t-am seo bliana.