Scéal náireach na sclábhaithe Éireannacha

CROBHINGNE: Uaireanta is maith féachaint sna súile ar dhaoine féachaint an bhfuil siad slán socair sleamhain

CROBHINGNE:Uaireanta is maith féachaint sna súile ar dhaoine féachaint an bhfuil siad slán socair sleamhain. Féachaint an maith leo a bhfuil ar siúl dóibh, féachaint an é seo go cruinn díreach atá uathu.

Bíonn le feiscint i súile na bó sa ghort, i súile an ghadhair ar a iall chun an tseamlais. I súile na girsí agus í ag dul faoi ia na bhfallaí liatha láidre dorcha diongbháilte.

Nuair a bhíos féin i rang na naíonán mbeaga sa bhunscoil bhí múinteoir againn a dhéanadh bagairt. Ní bagairt bhata amháin a bhí ann, gan amhras, cé gur chabhraigh sin go mór linn inár gcuid oideachais.

Mura mbeadh an bata, is cinnte go mbeadh cúpla glúin go hiomlán aineolach go dúid siar. Bagairt eile a bhí ann, bagairt ar imeall an ghutha, bagairt thuin na cainte, bagairt rúindiamhrach amuigh ansin nárbh eol dúinn go cruinn cad í.

READ MORE

“Mura mbíonn sibh go maith, cuirfear go Greenmount sibh!” Ní raibh tuairim dá laghad againn cad é, nó cad í, nó cad iad, “Greenmount”.

Ach bhí draíocht dhubh san fhocal. Ba dhuibhe ná draíocht an focal, cé nach bhfeadair aon duine againn cad ba bhrí leis. Bhí a fhios againn nárbh aon áit mhaith í. Sna naíonáin bheaga a bhíomar, agus níorbh eol dúinn Ifreann Dainté ná óráid an Íosánaigh san Portrait of an Artist as a Young Scut. Ní raibh ann ach go raibh an chathair ar tinneall le bagairt na neamhbheo.

Ráinig i rang na naíonán dom gur mhúscail an múinteoir a bagairt in aice láimhe. Rud ab annaimhe ná iontach, lá brothaill a bhí ann, agus fuinneoga an tseomra ranga ar oscailt chun an tsaoil mhóir leathain nár shínigh mórán níos sia uainn ná na bóithre a shiúlamar chun na scoile féin.

“Féach sin!” ar sise, agus a cuid gruaige ag princeam le duala an smachta. “Féach sin,” ar sise, “sin é an veain atá tagaithe isteach chun na buachaillí dána a chrochadh leo go dtí Greenmount”. Ní gá a rá go raibh an sceimhle ar fiuchadh sa tseomra, is an t-uafás ag siúl na slí.

Tharla go raibh an t-ádh liomsa. Ar chúis éigin nach dtuigim fós, bhí léamh na litreacha agam sular chuas ar scoil. Ghliúcaíos amach an fhuinneog chomh maith le cách ar an veain bhán.

Buachaill ar bith ní raibh le caitheamh isteach, ach bráillíní bána ag teacht amach. Ach is ansin a chonaic mé LAUNDRY breacaithe go soiléir ar chliatháin an vaigín. Is dóigh liom gurbh ar ala na huaire sin im óige a thuigeas go raibh bréaga crónta á n-insint dúinn.

Ní bréaga crónta atá i dTuarascáil Mháirtín Mhic Ghiolla Íosa faoi na mná gur déanadh sclábhaithe díobh sna Magdalen Laundries. Tá easnaimh ann, mar a bhíonn in aon tuarascáil ar bith. Ní féidir an fhírinne lom, ná an fhírinne neamhbhlasta féin, a cheapadh laistigh de 1,000 éigin leathanach, ná a dhá oiread féin; is sa scéal beag lag tuarascálach gan bhúclaí atá an fhírinne sa chás seo, agus is lú ná an chaolchuid díobh sin atá cloiste againn.

Is cuma cén leithscéal a thairraingeofar aníos, ba sclábhaithe laistiar de dhoirse faoi bholtaí ceangailte crua na mná seo. Níor mhar sin dóibh ar fad, ach ba sclábhaithe go leor díobh. Féach sna súile orthu. Níl a súile ag rince le háthas.

Is rófhurasta chomh maith a rá gurbh é an réimeas seo a bhí ag teastáil ó chách. Ar nós “We all partied,” Brian Lenihan, ní raibh gach duine ciontach. Ní raibh gach duine ciontach, óir bhí nithe eile le déanamh acu.

Crústa a thuilleamh, leanbh a thabhairt slán ón triuch, iníon nó mac a choinneáil ón mbád bán, beagán a chur i leataoibh do lá na coise tinne, teilifís a ghrinneadh, biadán a chleachtadh...

Ach féach suas, ceann in airde, smig le héirí na gréine! Ní tharlóidh a leithéid arís. Ní tharlóidh arís mar táimidne níos mórálta is níos tuisceanaí ná na glúinte a chuaigh romhainn, nach bhfuil?

Ní dhéanfadh duine ar bith nach bhfuair tógáil neamhChaitliceach an dochar is lú don fhrídín is ísle ar an slabhra beatha is faide siar síos ar ais, nach ndéanfadh?

Is cam iad analóga na staire, agus ní tharlóidh cruinn díreach mar sin. Ach tarlóidh arís, a phobal is a iriseoirí is a thráchtairí gan smál, is a lucht an cheartchreidimh atá thuas.

Leathchéad bliain ar aghaidh measfar scannail an lae inniu gan náire. Ach tá sin tuillte acu, na hinimircigh lofa, lucht taistil leisciúil, aos codlata sna doirse, na hextraordinary renditioned, nach bhfuil?

Mar a bhí tuillte ag mná na neachtlann níocháin.

Ba chuma le muintir na hÉireann faoi allas bónabhán na mban, go díreach mar is cuma leo faoi anacraí na haimsire i láthair. Nuair a náireofar arís sinn i gceann leathchéad bliain eile déarfar gurbh é cultúr na linne é.

Aon seans ar charthanacht?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar