Sasanaigh mhaithe

 

Crobhingne: Anois go bhfuil spéartha an domhain á ndorchú arís le hImpireacht na Breataine ag baint na sreamaí dá súile, ag éirí aniar sa leaba, agus ag stampáil a gcuid bróg ar fud na gcríoch, is fiú a chuimhneamh go raibh agus go bhfuil traidisiún eile ginte inár gcomharsana a mhórann cearta an duine.

Is furasta é seo a dhearmad fad is atá an Blár Cogaidh fós gafa ina chúigiú feachtas míleata ó ceapadh é mar phríomhaire agus nuair atá a dhá shúil ar bior féachaint cad é an chéad tír eile a thiocfaidh faoina shúiste le brú faoi thalamh go tolgach trom.

Fág An Fhrainc i leataoibh na slí, is fiú a thabhairt dár ndeara gur ríochtaí fós iad formhór na dtíortha sin a dheargaigh an saol lena gcuid impireachtaí lofa. An Spáinn, bíodh gur búcla ar bhróig amháin é an rí agus a chuid amadán teaghlaigh, a raibh gabháltas níos fairsinge acu ná na Sasanaigh féin go dtí gur thosnaigh ag teip orthu go leor miondaoine a mharú. An Bheilg, a bhfuil an réimeas barbartha a bhí acu sa Chongó, ina thrúig leanúnach den uafás laethúil in imleacán sin na hAfraice. Agus na Sasanaigh, ar ndóigh, a bhfuil an teaghlach ríogúil is mó lúitéis ag pobal, is greannmhaire iompar, agus is súlaí fiacal na meán neamhchumarsáide acu ar phláinéid uile na cruinne cé agus thairis.

Ní móide gur timpist é seo. An té a shíleann go bhfuil daoine ar mharaigh a gcuid sinsear níos mó bochtán ná sinsir eile ina ndaoine uaisle a bhfuil fuil speisialta ag rith ina gcuisleanna, is dóichíde go gceapfaidh siad go bhfuil daoine bocht de bharr na fola neamhríogúla anuasal atá ina bhféitheacha siúd. Thug an file mór le rá Milton "fools and silly gazers" ar a leithéid a bhí faoi dhraíocht ag an ríogacht, agus is trua nach beo dó inniu, fág Cromail as an áireamh.

Poblachtánach, i bhfoirm, ba ea Thomas More, go háirithe ina Utopia, ach níorbh in é an chúis gur chaill sé a chloigeann. Shakespeare, ar diamhraí bun é ná go leor, is smaointe poblachtánacha chearta-an-duine a chuireann sé i mbéal Bhrutus, duine de na pearsana is paiseanta polaitiúla dá chuid.

Is de shuimiúlacht gurbh í Mary Wollstonecraft is géire a shonraigh an ceangal idir sclábhaíocht na mban agus sclábhaíocht na tíre faoi rí uilechumhachtach, ach gurb iad na mná is túisce a íslíonn agus a tháiríonn iad féin i láthair na mórgachta ríoga. Meatacht intleachtúil a thug a fear céile William Godwin ar an lúitéis náireach seo.

An bheirt ba mhó de na Sasanaigh mhaithe seo a dhein leas an chine dhaonna ba ea Thomas Paine agus Percy Bysshe Shelley. "Cuirtear an tua leis an bpréamh!" a dúirt Paine, ag trácht dó ar an bhfoirgniú mór cultúir agus sóisialta a thug ar dhaoine géilleadh do dhaoine ab 'uaisle' ná iad, mar dhea. B'é a spreag réabhlóid Mheiriceá go hintleachtúil, bíodh is go bhfuil na Ríogaigh ag teacht in uachtar arís faoi láthair.

Ba dhóigh le Shelley gur chuma nó teip mhorálta an duine é glacadh le rí a bheith os do chionn. Thug sé "Swellfoot the Tyrant" ar an smaoisbhuicéad úd Seoirse IV, agus níor staon sé riamh óna chuid creidimh murab ionann agus filí nó scríbhneoirí eile.

Bhí Wordsworth chomh réabhlóideach le haon duine díobh ina óige agus chuir sé go tréan in aghaidh "the idle cry of modish lamentation" a thóg daoine in aghaidh ceannteascadh na n-uasal. Ach d'athraigh sé a phort go binn nuair a chonaic sé go raibh margadh filíochta ann do dhánta a dhein mór is fiú de chaoire agus de lusa an chrom chinn.

Táimidne in Éirinn, agus ar fud an domhain, faoi chomaoine na ndaoine seo, na Sasanach maith seo, agus Robespierre, agus Danton, agus Gavil Princips agus a leithéid.

Murach iad bheadh ramharbhodaigh choróinspréachacha fós dár gcur sna duinsiúin. Réitigh Sasana an tslí sna cearta daonna, mar a réitigh siad an tslí sna campaí géibhinn agus san chinedhíothú.

Lenár linn féin, b'iad na Sasanaigh mhaithe a bhí i dtús cadhnaíochta chun Ceathrar Guildford agus Seisear Birmingham a chur i mbéal an phobail. Chuaigh meáin chumarsáide na hÉireann (nó 'an oileáin seo' mar a thugtar go maslach orainn) i bhfolach, agus ba lú ná gíocs mioninchloiste astu aon tagairt go mb'fhéidir go dtarlódh gur neamhurchóideach iad na daoine seo.

B'iad na Sasanaigh mhaithe a sheas an fód dúinn fad is a bhí iriseoirí na hÉireann chomh meata le Séamas an Chaca.