Samhail nua mhaoinithe le hathrú ó bhonn a dhéanamh

AN TÉ a léann cáipéis nua Fhoras na Gaeilge – Samhail Nua Mhaoinithe – tuigfidh sé láithreach cad chuige a bhfuil imní ar chuid…

AN TÉ a léann cáipéis nua Fhoras na Gaeilge – Samhail Nua Mhaoinithe – tuigfidh sé láithreach cad chuige a bhfuil imní ar chuid mhór de na heagrais dheonacha go bhfuil a rás rite. Tá ocht scéim sa cháipéis agus 19 eagras le sásamh.

Ar líne a d’fhoilsigh an foras an cháipéis seo gan mórán poiblíochta a thabhairt di ach athrú ó bhonn ar chúrsaí maoinithe na teanga atá i gceist léi.

Tá an foras ar lorg iarrthóirí ar Scéim Abhcóideacha (trí bliana, €2m); Scéim Áiseanna Foghlama (trí bliana, €1.8m); Scéim na nEalaíon (trí bliana, €1.9m); Scéim Óige (trí bliana, €1.6m); Scéim Raidió Pobail (trí bliana, €1.6m); Scéim Tacaíochta Oideachais (trí bliana, €1.9m); Scéim Réamhscolaíochta (trí bliana, €2.1m) agus Scéim Tacaíochta Pobail (trí bliana, €3.5m).

Bua, mar sin, do chur chuige nua agus do chlár oibre nua? An í seo an cháipéis a thabharfaidh dúshlán na críochdheighilte agus a chuirfidh bonn buan faoi fhorbairt na teanga ar fud na hÉireann?

READ MORE

Ba dheas sin a cheapadh ach caithfidh tú ceist a chur faoi chumas an fhorais na scéimeanna a riar agus ceisteanna a chur an féidir leo athrú chomh suntasach agus chomh radacach a chur sa siúl go sásúil?

Lena chois sin, caithfidh tú ceist a chur faoi na scéimeanna féin agus an tionchar – maith, olc nó measartha – a imreoidh siad ar fhorbairt na teanga.

Tá réamhrá na cáipéise féin líon lán leis an bhéarlagair a mbeifeá ag súil leis ón fhoras. Tugann an foras le fios gur eagras é a chaitheann airgead poiblí agus “ní mór an luach is fearr ar an airgead sin a chinntiú”. Go breá.

Ach ó tharla go bhfaigheann an foras airgead poiblí, cad chuige nach ndearnadh athbhreithniú ar bith ar chaiteachas an eagrais féin ó bunaíodh é? Bíodh do bharúil féin agat ar an chúis ar bunaíodh an foras ach tá sé dochreidte nach ndearnadh athbhreithniú poiblí ar a chuid oibre ó tháinig ann dó sa bhliain 1999.

Cé mhéad a chaith an foras ar scéimeanna dá gcuid féin go dtí seo – neamhspleách ar mhaoiniú na n-eagras deonach – agus cén toradh (má bhí aon toradh) a bhí ar an chaiteachas sin? Cár chaith an t-eagras an t-airgead sin?

Scríobhann an foras faoin mhéid airgid a chaitheann an earnáil dheonach ar thuarastal ach ní insíonn siad cá mhéad a chaitheann siad ar thuarastal dóibh féin, ar tháillí, ar chostais agus ar sheirbhísí seachtracha, cúrsaí comhairleoireachta agus poiblíochta, mar shampla.

I mbeagán focal, cén costas atá ar an chomhairle a chuireann an foras ar eagrais eile?

Molann an foras “trédhearcacht iomlán” agus cúrsaí maoinithe na n-eagras faoi chaibidil. Is féidir le lucht na Gaeilge an iarraidh chéanna a dhéanamh ar an fhoras – ach ní bheidh mórán acu ag súil le freagra gasta ar an cheist sin.

Airgead mór atá i gceist leis an tsamhail nua i gcomhthéacs na Gaeilge de ach an é an bealach is ciallmhaire é leis an acmhainn atá ar fáil a chaitheamh agus an leor é?

Tóg an Scéim Abhcóideacha. €2m le stádas na Gaeilge a ardú; eolas ábhartha a sholáthar do phobal na Gaeilge agus do phobal an Bhéarla agus – seo ceann a thaitníonn go mór liom féin – "stádas na Gaeilge a chosaint ar ionsaithe/drochphoiblíocht".(Litreacha a scríobh go dtí an Irish Timessa chás go léann lucht an fhorais rudaí ar Thuarascáil nach dtaitníonn leo!)

Nár cheart go mbeadh an obair seo ar siúl ag an fhoras féin, eagras “atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann”?

Tá scéimeanna áiseanna foghlama, óige, tacaíochta oideachais agus réamhscolaíochta uilig ag teacht le chéile ina gcuspóirí ginearálta, bhraithfeá, agus ba ghá leanúnachas agus comhoibriú bheith eatarthu leis an toradh is fearr a bhaint astu.

Ach tá an foras ag iarraidh scéim ar leith i ngach réimse agus gan cinnteacht ann go mbeidh toradh ar bith fiúntach i gceann ar bith acu.

Thairis sin, an mbeidh na soláthóirí sna réimsí sásta oibriú le chéile nó an mbeidh siad in iomaíocht le chéile lena gconradh féin a chosaint?

Ní dócha gur féidir scéimeanna uile-oileánda a reáchtáil ar na réimsí gan dhá chlár ar leith a fhorbairt – ceann do Thuaisceart Éireann agus ceann don Stát seo – rud a aithníonn an foras ar ócáidí gan a admháil gurb ionann an dá dhlínse a aithint agus a aithint gur gá beirt sholáthóirí. Níl sa chur chuige “uile-oileánda” go minic ach cur i gcéill.

Cad é a tharlaíonn ag deireadh trí bliana sa chás go bhfuil an soláthóir i réimse amháin fabhtach agus an soláthóir i réimse eile ar fheabhas?

Caithfidh lucht réamhscolaíochta, abair, fanacht le soláthóir nua ach leanann lucht áiseanna foghlama ar aghaidh… Rithfeadh ceisteanna den sórt céanna leat faoi na scéimeanna eile agus d’fhéadfadh cúpla scéim eile a lua nach bhfuil ar chlár an fhorais ar chor ar bith.

Ba chuidiú é dá dtabharfadh siad míniú ar a réasúnaíocht. Scríobhann siad go bhfuil an gaol idir an Stát agus eagrais faoi athbhreithniú ag an dá rialtas (nach stáit a ba cheart a bheith ann sa chás sin?); gur cuid nádúrtha den ghaol idir stát agus eagras athbhreithniú a dhéanamh ar an obair agus gur shocraigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas gur ghá múnla “cuíchóirithe agus éifeachtach” a shocrú don am atá le teacht.

An leor é sin mar bhunús le hathrú chomh mór a dhéanamh san earnáil? Níl ceart ó Dhia ag dream ar bith ar airgead – an foras san áireamh – ach má chreideann siad nach raibh ag éirí leis na heagrais go dtí seo, ba cheart dóibh a gcuid taighde féin a fhoilsiú lena gcás a léiriú.

Más gá cúrsaí a athrú, is faoin fhoras atá sé fianaise don athrú sin a thabhairt. Níl sin déanta leis an tsamhail nua mhaoinithe – rud nach ionann agus a rá nach leanfaidh an foras ar aghaidh léi.

‘Reachtaíocht de dhíth’

TÁ “reachtaíocht de dhíth” le bonn mar is ceart a chur faoi chúrsaí Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Dúirt ceannasaí an ghrúpa Pobal, Janet Muller, le comhdháil i mBéal Feirste Dé Céadaoin seo caite gur ghá acht cuimsitheach agus ceartbhunaithe teanga lena háit cheart a thabhairt don Ghaeilge sa tsochaí.

Ba ghá gealltanas Chill Rimhinn maidir le hAcht Gaeilge a chomhlíonadh agus daingniú níos treise a dhéanamh ar Chuid III de Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Bhí sí ag caint ar phleananna Pobal le plean straitéiseach a ullmhú do lucht teanga sa Tuaisceart.

Chuir Muller béim ar leith ar ról na hearnála deonaí i soláthar seirbhísí don phobal. Ba chóir “saineolas na hearnála teanga a chosaint agus a chothú” agus “an guth neamhspleách a éascú agus a chur chun cinn” san obair ar fad. Ba “chúis mhór imní” ag an eagras moltaí Shamhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge agus “an dóigh a raibh siad á gcur chun cinn”.

Chuir roinnt ionadaithe plécháipéisí i láthair na comhdhála inar chuir siad síos ar chúrsaí cumarsáide, oidhreachta agus ealaíon.

“Cuid de phróiseas” a bhí sa chomhdháil agus bhí an t-eagras “ag dúil le dul ar aghaidh le tuairimí agus riachtanais an phobail a chur faoi bhráid polaiteoirí agus an próiseas a leathnú,” a dúirt Muller.