'Sáruithe suntasacha' ar reachtaíocht agus ar chearta teanga

TUARASCÁIL: RINNE RANNA rialtais agus eagraíochtaí Stáit "sáruithe suntasacha" ar chearta Gaeilge le linn 2007, a dúirt an Coimisinéir…

TUARASCÁIL:RINNE RANNA rialtais agus eagraíochtaí Stáit "sáruithe suntasacha" ar chearta Gaeilge le linn 2007, a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin inné agus é ag seoladh a thuarascáil bhliantúil i nGaillimh.

Dúirt sé gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Garda Síochána agus eagrais eile forálacha reachtúla a raibh sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chosaint nó a chur chun cinn.

Chuir an pobal níos mó ná 600 gearán nua faoina bhráid, rud a chiallaigh go raibh beagnach 2,000 gearán curtha ina láthair ó bunaíodh Oifig an Choimisinéir Teanga in 2004.

Tháinig 40 faoin gcéad de na gearáin ón Ghaeltacht agus 60 faoin gcéad ó cheantair taobh amuigh di. Rinne sé imscrúdú ar na gearáin diomaite de cheann amháin. D'éirigh sé as an imscrúdú sin de bharr gur diúltaíodh eolas dó a bhí i gcomhaid a bhain le himeachtaí Rialtais. As measc na ngearán eile, níor iarr eagras ar bith achomharc in aghaidh na moltaí a rinne sé.

READ MORE

Dúirt Ó Cuirreáin gur chosúil nach raibh go leor daoine le Gaeilge líofa ar fáil in eagraíochtaí Stáit agus go raibh "gníomh athchothromaithe" de dhíth le cinntiú go mbeadh foirne ranna agus eagras eolach ar an teanga.

Bhí dul chun cinn á dhéanamh i gcuid mhaith eagraíochtaí ach bhí leibhéal an-íseal seirbhíse ar fáil i gcuid eile agus ról imeallach a shamhlaigh siad leis an Ghaeilge dá gcuid custaiméirí, a dúirt sé:

"Nílim ag déanamh an cháis ar chor ar bith gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí d'fhostaithe an Stáit, ach ní chreidim gur leor ach an oiread 'Béarla éigeantach' a bhrú ar an bpobal agus iad ag déileáil le heagraíochtaí Stáit. Aimsíodh córas le cabhrú le hathchothromaíocht trasphobail a fheabhsú trí idirdhealú dearfach a spreagadh do Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann de thoradh Thuarascáil Patten.

"Theastódh iarracht den chineál céanna a fheidhmiú anseo ar bhunús teanga, fiú ar feadh tréimhse shealadach, le tionchar dearfach bheith aige in athchothromú a dhéanamh ar fhoireann le hinniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla sa státchóras anseo."

Dúirt Ó Cuirreáin nach mbeadh costais bhreise i gceist agus gur chreid sé go mbeadh sé ní ba shaoire ag eargraíochtaí Stáit daoine dátheangacha a fhostú in áit bheith ag brath ar sheirbhísí seachtracha le rudaí simplí, ar nós litreacha i nGaeilge, a aistriú. Ar na gearáin a rinneadh:

• Sháraigh an Roinn Oideachais a ndualagas reachtúil gan leaganacha reatha i nGaeilge, i gcló agus go leictreonach, de shiollabais na n-ábhar éagsúil iarbhunscoile a chur ar fáil. Rinne Ó Cuirreáin 10 moladh a chinnteodh nach leanfaí den sárú sin. Níor iarr an Roinn achomharc ina n-éadan. Dúirt Ó Cuirreáin gur chúis díomá dó nach raibh soiléireacht agus trédhearcacht le fáil ón Roinn i gcuid den chur chuige a bhain leis an soláthar eolais don imscrúdú i dtús ama.

• D'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh Páipéar Uaine ar Phinsin i mBéarla amháin agus gan é bheith ar fáil go comhuaineach i nGaeilge. Rinne Ó Cuirreáin ceithre mholadh le cinntiú go gcloífí leis an dualgas reachtúil a bhí i gceist.

Nua-Ghaelach

THUG AN tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, cuairt ar Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite, áit ar sheol sé Clár Gaeilge Fulbright agus thug sé léacht ar chúrsaí Gaeilge fosta.

Tabharfaidh Roinn na Gaeltachta €660,000 don Choimisiún Fulbright in Éirinn a scéim cúntóirí teanga a leathnú sna Stáit Aontaithe. Beidh deis, dá bharr sin, ag lucht na Gaeilge an teanga a theagasc i gcoláistí agus ar ollscoileanna Mheiriceá.

Dúirt Ó Cuív: "Má bhí a ndóthain misnigh ag lucht athbheochana Chonradh na Gaeilge agus an dream a bhí ag treabhadh leo ar son na Gaeilge leathchéad bliain ó shin coinneáil léi nuair nach raibh a leath oiread dóchais ann don teanga, ní fheicim cúis ar bith eile anois, seachas easpa misnigh agus ceannasaíochta, nach bhfanfadh an Ghaeilge beo mar theanga labhartha pobail sa saol nua domhandaithe seo atá cruthaithe againn."

Suntas ar Sontag

SA CHNUASACH aistí, At The Same Time(Penguin) leis an scríbhneoir Meiriceánach, Susan Sontag (nach maireann), tá mórán aistí agus alt spéisiúil faoi chúrsaí polaitíochta agus litríochta. Tá aiste amháin ag Sontag ar an aistriúchán liteartha. Ach chuir an píosa laethanta m'ollscoile i gcuimhne dom agus mé ag streachtailt le haistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus go Gearmáinis.

Bhí gráin agam ar na haistriúcháin sin agus is mór idir teoiricí spéisiúla Sontag ar fhiúntas, dhínit agus éifeacht an aistriúcháin liteartha agus an taithí a bhí agam féin ar an obair mhaslach sin, sclábhaíocht sheachtainiúil.

Níl fonn ar bith orm féin tabhairt faoin obair arís ach rith sé liom go mb'fhéidir go bhfuil cuid de léitheoirí an cholúin seo uaigneach i ndiaidh an aistriúcháin. Mar sin de, seo sliocht as aiste Sontag ar chúrsaí aistriúcháin agus cuireadh ann é a aistriú go Gaeilge.

Agus ó tharla nach léachtóir cruálach mé, beidh €75 ag dul don fhreagra is fearr - má bhíonn aon fhreagra ann. Ní mór gach iarratas a sheoladh chugam ag pomuiri@irish-times.ie agus iad bheith agam seachtain ón Aoine ag a mhoille. Fúm féin an focal scoir agus cuirfidh mé an sliocht buach i gcló.

Aistrigh, mar sin, an sliocht seo a leanas go Gaeilge: "Some years ago an English friend of mine, a writer with a rich Oxbridge accent, visited America for the first time with his wife and teenage daughters and decided the best way to have the whole American experience was to rent a car and drive across the country, from New York to California. Stopping at a filling station somewhere in Iowa on a sweltering summer day, my friend was asked by the lone attendant servicing his car, following a few moments of chat, "Where do you folks come from?" "England," replied my friend, wondering what that might provoke. "No kidding," exclaimed the filling station attendant. "You really speak English very well for a foreigner."

Tumoideachas

TABHARFAIDH PRÍOMHOIDE Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Inis, Co an Chláir, Dónal Ó hAiniféin, caint ar "An Tumoideachas in Éirinn" Dé Máirt, 22ú Aibreán, ag 8pm in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2. Beidh córas comhuaineach ar fáil. Conradh na Gaeilge atá ag eagrú na hócáide agus cuirfidh siad fáilte roimh chách ach ní mór teagmháil a dhéanamh leo roimh Dhéardaoin, 17ú Aibreán.

Eolas: 01-4757401 nó leacht@cnag.ie

achomharcappeal- cruálachcruel - dearfachpositive - dualgasduty - éigeantachcompulsory - foireannstaff - gníomhaction - idirdhealúdistinction - iarrachtattempt - impleachtaíimplications - imscrúdúinvestigation - inniúlachtcompetence - reachtaíochtlegislation - sárúinfringement - suntasachnoticeable