RTÉ chun atheagar a dhéanamh ar sheirbhísí nuachta Gaeilge

IS IONANN plean RTÉ atheagar a dhéanamh ar a seirbhísí nuachta Gaeilge agus “masla” agus “ísliú céime” do RTÉ Raidió na Gaeltachta…

IS IONANN plean RTÉ atheagar a dhéanamh ar a seirbhísí nuachta Gaeilge agus “masla” agus “ísliú céime” do RTÉ Raidió na Gaeltachta, dar le foireann RnaG.

Tá atheagar suntasach le déanamh ag RTÉ ar a seirbhísí nuachta Gaeilge ag tús na bliana seo chugainn. Cuireadh na sonraí maidir leis an atheagar i láthair foirne Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ag dhá chruinniú éagsúla inné.

I ráiteas láidir a d’eisigh foireann RnaG i ndiaidh na gcruinnithe, dúradh gur chúis “alltachta agus imní” d’fhoireann Raidió na Gaeltachta an cháipéis maidir leis an atheagar a chuir bainistíocht an stáisúin os a gcomhair inné.

“Tá athruithe bunúsacha le cur i bhfeidhm sa tseirbhís nuachta i Mí Eanáir 2013 a mbeidh tionchar fadtéarmach acu ar sheirbhís, ar fhoireann agus ar éisteoirí na seirbhíse. Is bocht an scéal é gur tugadh an próiseas chomh fada seo chun cinn gan dul i gcomhairle linn.

READ MORE

“Feictear dúinn mar fhoireann gur masla agus ísliú céime don tseirbhís an méid atá curtha os ár gcomhair. Ní chuige seo a bunaíodh Raidió na Gaeltachta 40 bliain ó shin,” a dúirt an ráiteas a d’eisigh ceardchumann an NUJ thar ceann fhoireann RnaG.

Ag an gcruinniú idir bainistíocht agus baill foirne RTÉ RnaG i gCasla, chuir baill cheardchumainn in iúl go neamhbhalbh nach raibh aon ghlacadh beag ná mór acu leis an atheagar.

Tháinig críoch tobann leis an bplé i gceannáras RnaG nuair a shiúil roinnt den fhoireann amach sara fógraíodh go hoifigiúil go raibh deireadh leis an gcruinniú.

Faoi na socruithe nua, beidh Nuacht, nó Nuacht TG4, ag soláthar na nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta i nGaeilge don dá sheirbhís agus beidh ar iriseoirí teilifíse tuairiscí raidió a sholáthar do chláracha éagsúla ar RnaG.

Mar chuid den atheagar cruthófar idir ceithre cinn agus sé cinn de phostanna nua agus beidh líon beag daoine le haistriú ó Nuacht TG4 go RnaG agus ó Chasla go Baile na hAbhann.

Faoi na socruithe nua, fanfaidh an nuacht áitiúil i RnaG mar atá faoi láthair. Tosóidh an idirbheartaíocht idir lucht ceardchumainn agus bainistíocht an dá seirbhís an tseachtain seo chugainn.

Thosaigh an dá chruinniú eolais ag an am céanna maidin inné i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann agus ceannáras RnaG i gCasla, léiriú ar an gcóiréagrafaíocht leochaileach a bhaineann leis an gcónascadh idir seirbhísí nuachta an dá stáisiún.

Chuir an dá chruinniú críoch le próiseas fada ina raibh cainteanna ar siúl idir lucht ardbhainistíochta an dá sheirbhís.

Dúradh ag na cruinnithe go rabhathas ag iarraidh dúblú seirbhísí a sheachaint agus a chinntiú nach gcuirfí isteach ar an tseirbhís nuachta a bheadh á sholáthar ainneoin go mbeadh baill foirne ón dá eagraíocht ag glacadh le pacáistí luathscoir.

Tá baill foirne sa dá eagraíocht amhrasach faoi chuid de na hathruithe atá le cur i bhfeidhm, ach bhí atmaisféar i bhfad níos teasaí ag an gcruinniú i RnaG.

“Cruinniú corraithe cealgánta a bhí ann,” a dúirt foinse amháin a bhí i láthair ag an gcruinniú i gCasla.

Dúirt an fhoinse go raibh imní ar bhaill foirne go raibh “uiscealú agus creimeadh á dhéanamh ar shaintréithe agus ar bhunéirim RnaG mar a ceapadh di ar dtús”.

Le linn na gcruinnithe, rinne lucht bainistíochta an dá sheirbhís cur i láthair inar leagadh amach na sonraí maidir leis an atheagar atá beartaithe ag RTÉ mar chuid de na ciorruithe atá á chur i bhfeidhm ag an gcraoltóir poiblí.

Fágann na hathruithe struchtúrtha seo go gcruthófar roinnt postanna nua agus go mbeidh líon beag daoine le haistriú ó RnaG go Nuacht agus ó Chasla go Baile na hAbhann.

Cé go mbeidh deis ag iriseoirí leis an raidió cur isteach ar na postanna nua i mBaile na hAbhann agus ardú pá a fháil dá réir, is cosúil nach mbeidh cothromaíocht ó thaobh pá mar chuid den socrú nua.

Tá iriseoirí Nuacht TG4 ar scála pá níos airde ná iriseoirí RnaG agus tá lucht ceardchumainn ar a ndícheall ag iarraidh comhionnanas pá a bhaint amach d’oibrithe RnaG.

Is cnámh spairne é le fada i measc fhoireann an raidió gur cheart go mbeidís ag saothrú an tuarastail chéanna lena gcomhleacaithe a bhíonn ag obair trí Bhéarla agus le hiriseoirí Nuacht TG4.

Fógrófar na postanna nua atá le cruthú mar chuid den atheagar i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair cuirfear cúrsa traenála ar fáil i gcúrsaí raidió d’iriseoirí Nuacht TG4 agus cúrsa teilifíse ar fáil don mheitheal a bheidh ag imeacht ón raidió go dtí TG4.

Beidh na míreanna nuachta raidió a bhíonn ar Raidió a hAon, 2FM agus Lyric FM á chraoladh ó Chasla feasta.

Is ar bhaill foirne na teilifíse atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath atá an cúram seo i láthair na huaire.

Ó thús 2013, beidh Príomh-fho-eagarthóir Raidió lonnaithe i gCasla a bheidh i gceannas ar na míreanna nuachta seo agus titfidh forbairt an tsuímh idirlín air chomh maith. Reachtáilfear cruinnithe seachtainiúla eagarthóireachta idir ceannairí an dá sheirbhís.

Leagfar amach sceideal oibre nua a chiallóidh go mbeidh baill foirne ón teilifís lonnaithe i gCasla ar feadh seal.

Cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin go luath agus bunófar grúpa oibre chun an t-atheagar a phlé.

Beidh na hathruithe seo ag teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá den bhliain seo chugainn.

Dúradh ag na cruinnithe inné gur seomra nuachta ilmheánach a bheidh ann feasta ina mbeidh níos mó béime á chur ar an idirlíon.

Chuir Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, fáilte roimh an atheagar ar sheirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ.

Dúirt sí gur chinntigh an struchtúr nua gurbh fhéidir “leanúint leis an leibhéal céanna seirbhíse nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta in ainneoin laghdaithe foirne, ach go dtugann sé an deis dúinn freisin seirbhís nuachta ar-líne cuimsitheach a fhorbairt den chéad uair riamh.

“Tá sé le feiceáil go sonrach le blianta beaga anuas go bhfuil athrú ag teacht ar na modhanna ina dtagann an pobal ar nuacht, agus is forbairt dhearfach í go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta in ann leas a bhaint as acmhainní rannóg nuachta RTÉ chun a chinntiú gur chun tosaigh agus ní ar chúl a bheidh muid ó thaobh seirbhís nuachta sa todhchaí.”